Ba chóir go bhfanfadh an Ghaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist, dar le os cionn leath an phobail.
I bhfianaise pobalbhreithe a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie, creideann formhór an phobail nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist.
Dúirt 55 faoin gcéad de rannpháirtithe na pobalbhreithe, atá le foisliú inniu ar Tuairisc.ie, gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar ‘éigeantach’ go dtí leibhéal na hArdteiste.
B’iad na grúpaí ba mhó a bhí ar son stádas na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste a choiméad mar atá ná mná (58 faoin gcéad); daoine idir 45- 54 bliain d’aois (60 faoin gcéad); daoine atá go maith as, nó ABs, (62 faoin gcéad); agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gcúigí Chonnacht agus Uladh (62 faoin gcéad).
Dúirt 34 faoin gcéad de rannpháirtithe na pobalbhreithe nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar ‘éigeantach’ go dtí leibhéal na hArdteiste.
Thug naoi faoin gcéad de dhaoine le fios go raibh siad idir dhá chomhairle faoin ábhar agus dó faoin gcéad a dúirt nach raibh barúil ar bith acu.
Ba iad na grúpaí ba mhó a bhí ag iarraidh fáil réidh leis an Ghaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist ná daoine idir 15-17 bliain d’aois (44 faoin gcéad); daoine idir 35-44 bliain daois (38 faoin gcéad); daoine idir 55-64 faoin gcéad (38 faoin gcéad); agus daoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath ( 38 faoin gcéad).
Bhí sampla níos lú i gceist leis an ngrúpa daoine idir 15-17 bliain.
Bhain conspóid le fógra Enda Kenny le linn olltoghcháin 2011 go raibh sé i gceist aige deireadh a chur le héigeantacht na Gaeilge don Ardteist. Dúirt Kenny gur chun leas na teanga a bheadh sé dá mbeadh rogha ag na daltaí gan staidéar a dhéanamh uirthi i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh.
Dúirt urlabhraithe ó pháirtithe eile gur céim ar gcúl a bheadh ann don Ghaeilge. Níor tháinig polasaí Fhine Gael slán ó na cainteanna idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre roimh aontú Chlár an Rialtais.
Thug torthaí eile ó phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown le fios gur chreid triúr as gach cúigear gur chóir don Stát níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus gur chreid an méid céanna daoine gur bhotún ag an Taoiseach é Joe McHugh a cheapadh ina Aire Stáit Gaeltachta.