Ná déan nós is ná bris nós, a deir an seanfhocal.
Ach nach ar nósanna a mhairimid? Agus ag an tráth seo bliana bíonn rún againn nósanna nua a dhéanamh, agus nósanna eile a bhriseadh, éirí as an gcúlchaint mar shampla.
Cén chiall atá le baint as seanfhocal dá leithéid mar sin? Dúinne atá ag iarraidh rún na hathbhliana a bhunú mar nós seasmhach, agus atá ar ár ndícheall – inniu, ar an naoú lá – gan dul i gcathú?
Is den riachtanas an comhthéacs chun ciall a bhaint as seanfhocal. Agus is minic go mbíonn níos mó ná aon bhrí amháin le baint astu – agus iad contrártha uaireanta.
Ach fós, nós is ea nós.
An amhlaidh gur nósanna de dhá shórt faoi leith a bhí in aigne an duine a chéadmhol an chomhairle seo – dea-nós agus droch-nós.
Nuair is droch-nós atá i gceist is léir gur fearr gan é a thosú in aon chor. Is féidir a rá, ar an ábhar sin, gur maith an chomhairle atá sa chéad chuid – fiú más ríléir é féin é. Agus maidir leis an dara cuid – ná bris nós – déanann sé sin ciall más dea-nós é, atá tairbheach do dhuine éigin.
Léamh róshimplí b’fhéidir. Nó an bhfuil an seanfhocal ag tathant orainn gan aon nós in aon chor a thosnú, olc nó maith?
Ar an ábhar go gcuirfidh sé iachall de shórt éigin orainn féin nó ar dhaoine eile?
Agus má bhíonn drochdheireadh leis amach seo, cé air a mbeidh an milleán?
Is ea, an duine a chuir tús leis.
Nó b’fhéidir gur nósanna pobail atá iontu – fios (sa chiall is leithne) an phobail dar de sinn. Cé go bhfuil seilbh againn ar an bhfios seo mar oidhreacht, ní linne é lenár rogha rud a dhéanamh leis.
Ach más é seo an léamh ceart, an bhfuil cosc orainn na nósanna a leasú?
Cad faoi eascairt an traidisiúin, casadh an rotha, riachtanais saoil ag síorathrú, Zeitgeist na linne, agus araile?
Triail as an nua, as an ngnáth – seachas luí le nósanna atá seanbhunaithe agus seanchaite.
Dhealródh, mar sin, gur gá caitheamh leis an bhfocal ‘nós’ go cúramach, agus aird a thabhairt ar an iomaí sort nósanna atá ann – idir dhea-nósanna agus droch-nósanna ann, idir nósanna pobail agus nósanna pearsanta.
Catagórú de shórt eile is ea na nósanna aigne agus na nósanna iompair a ghabhann leo.
Is beag aird a thugtar ar an nósanna aigne – mar bíonn siad chomh fréamhaithe agus folaithe ionainn gur deacair iad a aithint, gan trácht ar iad a dhéanamh nó a bhriseadh.
Léiriú amháin ar an stór sainiúil de nósanna aigne atá ag an duine is ea an habitus, coincheap a théann siar chuig Arastatal, agus atá le fáil i scríbhinní Thomáis Acain sna meánaoiseanna.
Scéimeanna
Agus bheadh baint aige seo le teoiric Jean Piaget ar na nósanna smaoinimh nó ‘scéimeanna’ a úsáideann an duine chun brí agus fios a bhaint as an saol – ar mhaithe le foghlaim.
Is iad an córas seo ‘scéimeanna’ a chuireann ar chumas an duine gníomhú mar is gá go laethúil. Ag brath ar riachtanais na hócáide, déanann an duine leasú ar a scéimeanna féin, chun déileáil lena dtarlaíonn, ina thaithí agus ina thimpeallacht.
Bíonn tionchar ag cultúr agus stair phearsanta an duine air seo gan amhras.
Más foghlaim agus forbairt phearsanta atá uainn, mar sin, is gá aird a thabhairt ar na scéimeanna smaoinimh atá againn.
Agus ar dea-uair, tá modhanna éagsúla ann chun cabhrú leis an duine aird a thabhairt orthu agus roinnt ‘obair scéime’ a dhéanamh!
Bímis buíoch gur suite, seachas greanta san inchinn atá na scéimeanna seo.
Mar sin féin, obair mhall churamach is ea é, mar fiú nuair a smachtaíonn an duine scéim (agus an t-iompar a ghabhann leis), bíonn sé deacair a chinntiú go bhfanann sé smachtaithe agus nach bhfilleann sé, nuair a bhíonn duine faoi bhrú, mar shampla.
Agus dúinne atá ag iarraidh nós nua a bhunú don athbhliain, nó seancheann a bhriseadh, beidh taithí acu ar an gcomhrac sin – idir an céasadh agus an chaithréim.
I measc na rún is coitianta a mbíonn trácht orthu sna meáin in Éirinn inniu, bíonn caint ar chaitheamh níos sláintiúla leis an gcorp (cothú bia, aclaíocht, gluaiseacht).
Is furasta na nósanna coirp seo a aithint. Níl le déanamh ach aird a thabhairt ar an iompar.
Ach, taobh thiar den uile chineál iompair, bíonn nósanna áirithe aigne, i bhfios agus i nganfhios.
Ar an ábhar nach fada uainn an tEarrach, tá deis ann anois dul isteach sa ghort seo, fiaile a tharraingt agus roinnt bláthanna nó glasraí a chur ina áit.
Tús nua i ndán b'fhéidir… n(e)ósfaidh an aimsir... Is léachtóir sinsearach ar Choláiste Mhuire gan Smál é Cathal de Paor