Is é an faisean óipiam na n-intleachtóirí. Pé rud atá sa bhfaisean beidh siad timpeall air ar nós grúipí roc-cheoil, nó rith focail a bhfuil snas na huaire orthu. Ní leoimhtear dul in aghaidh an fhaisin. Bás is ea an faisean a shéanadh.
Nuair a chloisim faoin “machnamh criticiúil” a bheith á mholadh do na scoileanna tosnaím ag lúbadh agus ag snaidhmearnaigh. Ní le huafás ná le halltacht ach le teann grinn. Bím ag casadh is ag rolláil im uaigneas agus bíonn na deora gáire ag sileadh lem shúile. “Machnamh criticiúil” am baiste, móide, agus dar fia, agus intriachtaí iontais siar amach go deo! Ní bheidh de “mhachnamh criticiúil” ann, ach an machnamh criticiúil a cheadóidh na húdaráis a bhfuil údarás acu cheana féin.
Ar son mo chuid claonta féin a chosaint, tá’s agam go maith go bhfuil siad faoi réir ag an tógáil a fuaireas. Ní móide go mbeinn im Phápaire ach gur saolaíodh san áit inar saolaíodh mé ag am faoi leith. Dá saolófaí mé in Lububashi i gcroí na hAfraice san 7ú haois, is ródhócha go mbeinn ag cogan ar chír na ndéithe a bhí acu san am, pé déithe atá acu anois. Dá saolófaí mé timpeall is an ama chéanna is a saolaíodh mé go saolta ar an saol seo sa tSiria, gach seans go mbeinn ag tacú le hAssad, nó le hIsis, de réir dúchais teaghlaigh. Níl aon duine againn beag beann ar áit, ar thimpeallacht, ar thógáil, ar cad tá ar siúl sa dúiche máguaird.
Ní fhágann san nach bhfuil saoirse mhachnaimh éigin againn, dá chaoile í. Dá mba go rabhamar go léir faoi shlabhraí agus faoi bholtaí ceangailte crua na haigne, athrú ar bith ní thiocfadh ar phobal ar bith. Mura mbeadh poill bheaga bhídeacha sa cheartchreideamh, pé ceartchreideamh é, ní bhogfaí rud ar bith, agus bheimis fós ag adhradh seanchnámha sna pluaiseanna ar airde na gcnoc.
Ach is é is cás liomsa an t-athrú a thagann de dhroim oíche, an casadh meoin, an iompáil tuisceana laistigh de chúpla bliain ar bith.
Maítear, áfach, nach i dtaobh le faisean intleachtúil atáimid anois, go bhfuil lántsaoirse ag an uile dhuine a aigne féin a shocrú, go bhfuil na baoisgheasa go léir sa chiseán bruscair, nach ngéillfimid do na piseoga baotha sin ar thug gach duine dár sinsir romhainn gean a gcroí dóibh.
Is cuma nó dualgas d’oidhreacht féin a dhiancheistiú agus a bhfuil agat go teagmhálach a dheimhniú nó a dhíbirt.
Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil, is cosúla go ndíbreofar agus go malartófar pé creidiúintí a bhí cheana ann de réir an fhaisin atá in uachtar. Tá nithe áirithe nach bhfuil cead agat iad a chur faoi scriú na hordóige faoi láthair, nó go fiú a lua sa chomhluadar deas béasach. Mise i mbannaí air, nach bhfuilim chun iad a mhúscailt, óir má tá misneach áirithe agam ar barra is meatachán mé i bhfad thíos. B’fhearr liom a bheith ábalta siúl abhaile ón tigh tábhairne gan scáil dhorcha dom leanúint.
Scór éigin bliain ó shin bhí beagnach gach duine ina chruthaíochtaí. Is fíor gur tháinig mórán fianaise chun cinn leis an léamh sin a bhascadh, ach mar sin féin…
Scór bliain ó shin agus píosa, thrialladh na sluaite chun an tséipéil Dé Domhnaigh, ach scríb reatha go teampall an tsiopa anois.
Scór go leith bliain féin ó shin, bhí glacadh a bheag nó a mhór le córas bainistíochta na scoileanna; ach ba dhána an mhaise don duine a dhéanfadh an córas sin a chosaint inniu go saor slán. Ní hé nach bhfuil cás ar a shon agus ina choinne, ach ní hiad a mheánn, ach an faisean go díreach lom.
Dhá scór bliain ó shin, bhí an t-aos intleachtúil ag máirseáil in aghaidh “an bhuama”. B’é an buama núicléach a bhí i gceist; agus fág gur líonmhaire go fairsing buamaí núicléacha an lae seo, cniog ná cnag ní chloistear.
Cúig scór bliain ó shin shíl daoine le hoideachas féin go raibh na ciníocha dorcha níos neamh-mheabhraí ná iad siúd nach raibh gátar acu le hoiread céanna meilinine. Má tá na smaointe sin fós beo, feistítear iad i gcló eile a bhfuil boladh níos milse as.
Deich scór bliain ó shin bhí glacadh go forleathan leis an sclábhaíocht.
Gabh agam, ach nach bhfuil na héadaí sin ort chomh saor sin de thoradh sclábhaíochta an lae inniu, ach nach binne béal ina thost?
Fiche scór bliain ó shin, peaca mór ba ea an úsaireacht.
In ainneoin a bhfuil de scrios déanta ag an úsaireacht chéanna orainn go léir, is beag duine a fhógraíonn ón gcloigtheach gur fealsúnacht lofa ó phréamh atá ann.
Is é an t-aon chreideamh agus an t-aon fhealsúnacht amháin ná an faisinisteachas. Is mairg don té atá gan faisean.
Nár mhíorúilteach an “machnamh criticiúil”, dá mbeadh a leithéid ann?