Is ea, leis. Ní botún cló atá sa teideal thuas, óir ní Muimhnigh ná Múnaigh ná Moonies atá i gceist agam ann, ach go díreach daoine a bhfuil níos mó maoine acu ná mar a bheadh ag milliún eile ar ghnáth-thaobh an tsrutha.
Daoine a bhfuil breis de speilp an tsaoil acu ná mar a d’fhéadfadh siad a chaitheamh dá mbeadh siad go léir ina Rockafellas ar feadh cúpla beatha shaoil.
Ní hé go bhfuil aon chaitheamh agam i ndiaidh na Maonach. Go deimhin, conas ab fhéidir leat déileáil leis na fadhbanna laethúla a bhíonn acu? An í léine Amiri, nó pampútaí Prada Derby a chuirfidh mé orm ar maidin go moch is mé i bhfeidhil mo stoic – ar an margadh?
An sparán de chuid Ginza Tanaka a thabharfaidh mé liom don opera, nó gúna a dhearaigh Nábla Ní Nóinín don lón sin lár an lae?
Níor mhaith liom fadhbanna mar iad a bheith agam le réiteach, go háirithe toisc go mbeadh orm fadhbanna níos caoile a chur trí chéile roimh thitimín na hoíche.
Is é fáth mo bhuartha ina dtaobh, agus is buairt mhór í – toisc gur gean liom gach aon saghas amadáin – go bhfuil siad ar tí meánscoil nua staidealaíonda suaschundátaúil todhchaídíonta, féachaintaraghaidheach a bhunú abhus in Éirinn.
Sa chás anois is nach dtuigeann tú na focail mhóra sin lastuas, is léir nach bhfuil Béarla ach an oiread agat. Má tá cead agat focail gan bhrí nó lánchlichéúil a chleachtadh gan faiteadh leathshúile sa Bhéarla, níl aon chúis nach rachadh an Ghaeilge le fána gan bhrí ach oiread.
Dá réir sin, tá ‘state of the art’, ‘up-to-date,’ ‘future proofed’ agus ‘forwardlookingish’ i bhfolach sa mhéid sin. Mura gcuirtear sna foclóirí Gaeilge go fóill iad, ní fál go haer é, ná lá an Luain, ná glám in aghaidh easa, ná ósbairt féin.
Go dearfa, tá an focal ‘fáistineachfheallchosanta’ go díreach ceapaithe agam, ach ní móide go scaipfear rófhairsing é.
Dob fhéidir liom Béarla a chur air, ach tá an colún seo róchúng dó.
Is í Scoil Nord Anglia .i. Scoil Shasana Thuaidh, nó The National Organisation School for Renal Disorders in the Late Mediaeval Latin Name for England is brí cheart leis, ainm arb ait liom é, caithfead a rá. Deirtear go gcosnóidh táille bliana suas go dtí €24,000 ar son dalta nó dailtín a chur ann. Ní fios conas a áireofar sin in zlotyeachaí ná denarííí ná seicil, ná bitcháineachaí ach an oiread.
Is é rud is mó a chuir uafás agus alltacht agus líonrith scanraidh, gan trácht ar an scudal a chur trasna orm, ná go raibh seomra traidisiúnta teagaisc sa phictiúr den scoil a chonaic mise! Múinteoir ina sheasamh os a gcomhair amach, clár dubh nó bán laistiar de, rud éigin ar nós cailce nó crián nó marcóir sa láimh aige, na dailtíní ina suí ag deisceanna nó ag boird chomh seanfhaiseanta le bosca teileafóin, agus é ag caint leo…!
É seo ar fad ar €24,000 sa bhliain! Nach bhféadfaí seo a dhéanamh saor in aisce ar chostas an Stáit agus na ngnáthdhaoine, ar gnáthdhaoine iad gach duine ar aon nós?
Ó sea, as an airgead sin, tá seans maith go rachadh na dailtíní ag snámh san Amazóin, agus go bhfaigheadh siad héileacaptar go hEverest, agus go mblaisfeadh siad de bhianna an tsaoil.
Ach ní fheicfeadh siad an duine lasmuigh den doras, ná ní chloisfeadh siad geonaíl na mbocht, ná ní mhothódh siad 99.99 faoin gcéad den saol. Sin mar is ansa le Maoinigh é, faraor.
Ní oideachas é sin, ach príosún.