Is mó rud a chuireann mearbhall orm. Go deimhin féin féinig is beag rud nach gcuireann mearbhall orm.
Ní ag caint ar ailgéabar ná ar an stocmhargadh ná ar fholt oráisterua Dhomhnaill Iain an Trumpa atáim ach rud is gaire dúinn ar fad.
Is é sin, cad ina thaobh go dtugann ógánaigh agus fásaigh agus críonnaigh na hÉireann dílseacht d’fhoirinn amháin Sasanach seachas a chéile?
Gabh leat isteach in aon seomra ranga ar bith thuaidh theas thoir thiar agus feicfidh tú uait iad. Is é sin sa chás is nach bhfuiltear ag iarraidh feisteas comhionann éadaigh a shairsingiú ar dhaltaí – ‘Tá lánchead agat smaoineamh duit féin, ach níl cead ar bith agat do chuid éadaí féin a chaitheamh! Bí id dhuine indibhidiúil ach díbreofar tú mura bhfuil na stocaí cearta ort! – agus feicfidh tú na geansaithe.
Beidh siad ann in aon rang amháin, buachaillí is mó, ach níl cailíní as an áireamh. Leaideanna a bhfuil geansaithe ManU orthu, agus Leamhpholl, agus Chelsea agus Spur Te Tottanham, agus an Liathmhás Thiar.
Cad as a ghluaiseann na dílseachtaí seo? Deir daoine liom gurbh óna n-aithreacha a shíolraigh.
Ceart má sea; ach cad as a thuismigh iad sin? Uncail ag obair ar na buildeálachaí in Itchington, seans. Tamall a chaith deartháir céile máthar in Giggleswick. Is é is dóichíde, áfach, gur dílseacht randamach is ea go leor di.
Foireann a bhí in airde láin nuair a bhí tú ochtnaoideich mbliana d’aois; peileadóir a chuir an chluain dhraoiteach ort agus tú ar an bhfoirinn is óige sa chlub; póstaer a bhí ag cara leat ina sheomra; cluiche nárbh fhéidir a dhearmad agus tú ullamh chuige?
Ní fios.
Is feasach, áfach, gur dílse daoine in Éirinn do chlubanna sacair Shasana ná mar atá siad dá gclubanna áitiúla féin. Sa chás is go mbeadh Raonaithe na Seamróige (ok, ceart go leor, Shamrock Rovers) ag streachailt in aghaidh, abraimis, ManU i gcluiche dúshláin (rud ba dhócha) nó i gcluiche comórtais (rud nach dócha), is cinnte go mbeadh formhór an tslua ar son na foirne eachtrannaí ó Mhanchuin.
Cad is brí leis seo?
Is é is brí leis ná gur cuid de chultúr peile sacair na hÉireann í príomhléig Shasana (agus na Breataine Bige).
Bhí tamall gairid ann nuair a chaití geansaithe Bharcelona agus Juventus agus Bayern Munich, ach braithim go bhfuil sin ag cúlú uainn.
Mar sin féin, cuid againn ar leathgheilt spóirt sinn, níl dul againn ó shacar Shasana. Tá sé againn ar maidin, againn ar nóin, is dá ndúiseoinn meán oíche is é sacar a gheobhainn.
Carachtair chomh beo dúinn is ea José Muorinho agus Arsene Wenger agus Antonio Conte is atá Dónal Duck is Peppa Pig is Simon Harris.
Is anseo a thagann an fhaoistin isteach. Ráinig mé a bheith i Londain Shasana an tseachtain seo a d’imigh tharainn, agus shocraigh mé ar dhul go dtí cluiche sa Phremier Léig, don chéad uair im bheatha shaoil. Arsenal (Baile Uí Ghunner) in aghaidh Burnley (An Teach Dóite) a bhí ann.
Mé féin is m’iníon sna harda thuas ag féachaint ar na seangáin shaibhre á bhféachaint le chéile na mílte slí thíos fúinn.
Ní féidir liom a rá go raibh bá faoi leith agam le foireann seachas a chéile, bíodh is go mbeadh contúirteach an liú mícheart a scaoileadh i measc na cóipe coipthe ina raibh mé.
Ní raibh go holc is bhí go maith, fág nárbh fhiú an leathchos is leathlámh a d’fhág mé im dhiaidh ag na súmairí airgid.
Fós féin, n’fheadar nárbh fhearr cluiche sóisir iomána in oirthear Liatroma nuair atá an paisean in airde agus gan tada le tuilleamh sna pócaí thíos?