Tá mé ag tabhairt “éad an tsléibhe” air.
Chonaic mé mórán grianghraf ar líne le linn an tSamhraidh de dhaoine agus iad ar bharr na hEaragaile, an sliabh is airde i dTír Chonaill. Shocraigh mé féin agus na páistí go dtabharfaimis faoi. Má thig le daoine eile é a dhéanamh, tig linne. Raidht?
Níl mé ag rá go ndearna muid an t-uafás ullmhúcháin don turas. Rinne muid ár gcuid go réidh i nGort an Choirce; d’amharc muid ar an spéir; chonaic an ghrian agus dúirt: “Ar aghaidh linn!” Agus bolg lán sceallóg Chonallach againn, ní raibh dóigh ar bith ann nach mbainfimis mullach an tsléibhe amach.
Dúirt bean liom go raibh cosán anois ar an tsliabh do chuairteoirí agus nach mbeadh deacracht ar bith againn binn an tsléibhe a bhaint amach. Ní raibh cosán ann. Bhí poll sa bhalla sa charrchlós bheag agus d’fhéadfá dul ar an chnoc gan deacracht – ach sin a raibh de.
Bhí na scórtha ar an tsliabh cheana féin. Thiocfadh linn daoine a fheiceáil i bhfad uainn, seangáin ag sní i dtreo na binne. Thiocfadh linn daoine a fheiceáil ag dul suas, daoine eile ag teacht anuas.
Bhí buíon de thurasóirí ón Danmhairg ann – roinnt mhaith acu anonn go maith in aois – agus iad ag siúl leo ar a suaimhneas. An bhfuil sléibhte sa Danmhairg fiú?
Bróga reatha agus éadaí spóirt a bhí orainn. Ní bheadh fadhb ar bith againn, a dúirt muid. Suas linn. Bhí clábar ann; bhí uisce ann; bhí uisce agus clábar le chéile ann. Chuaigh muid siar agus d’éirigh muid fliuch; chuaigh muid soir agus d’éirigh muid fliuch.
Suas linn. Ní raibh an misneach chomh mór agus a bhí. Bhí clábar ann; bhí uisce ann; bhí uisce agus clábar le chéile ann. Chuaigh muid siar agus d’éirigh muid fliuch; chuaigh muid soir agus d’éirigh muid fliuch.
Casadh Gearmánach agus a iníon orainn. Chuir muid forrán air: “Níl cosán ar bith ann, an bhfuil?” “Níl,” ar seisean, “dá mbeimis sa Ghearmáin, thógfaimis coiscéimeanna.”
Ag magadh a bhí sé. Sílim.
Suas linn. Bhí clábar ann; bhí uisce ann; bhí uisce agus clábar le chéile ann. Chuaigh muid siar agus d’éirigh muid fliuch; chuaigh muid soir agus d’éirigh muid fliuch.
Níor thráigh an tobar ná an sliabh ná an féar ná na clocha. Thráigh an misneach. Níl an coisbheart mar ba cheart againn, a dúirt muid as béal a chéile; tá mo chosa fliuch, a dúirt muid as béal a chéile; tá tuirse orainn, a dúirt muid as béal a chéile.
Síos linn. Bhí clábar ann; bhí uisce ann; bhí uisce agus clábar le chéile ann. Chuaigh muid siar agus d’éirigh muid fliuch; chuaigh muid soir agus d’éirigh muid fliuch.
Níor bhain muid barr an tsléibhe amach – ach a bhun.
An bhfuil gradam le fáil as sin?
Forbairt na drámaíochta
“Beidh lá eile againn,” a dúirt stiúrthóir ealaíne Thaibhdhearc na Gaillimhe, Anne McCabe. Reáchtáil an amharclann lá eolais, traenála agus cainte do dhrámadóirí na Gaeilge an tseachtain seo caite.
Iarracht a bhí ann le borradh nua a chur faoi dhrámaíocht na Gaeilge agus bhí rún ag an amharclann cur leis an iarracht sin.
Bhí “cainteanna ar siúl leis an Galway Theatre Festival faoi lá Gaeilge ar stáitse na Taibhdheirce le gearrdhrámaí nua le linn na féile sin” ar an bhliain seo chugainn, a dúirt sí.
Bhí níos mó ná 20 scríbhneoir Gaeilge i láthair don lá i nGaillimh. Tháinig siad as gach cearn den tír agus bhí idir óg agus aosta ann, a dúirt McCabe.
Thug triúr drámadóirí caint bheag agus rinne siad cur síos ar na dúshláin a bhí roimh an drámaíocht chomhaimseartha.
Dúirt an t-aisteoir agus léiritheoir, Diarmuid de Faoite, gur Pádraic Ó Conaire a spreag é le tabhairt faoi dhrámaíocht agus bhí rian na ‘polaitíochta’ dá réir sin ar a shaothar. Labhair Máiréad Ní Chróinín ón chomhlacht Moonfish Theatre faoin phróiseas fhada forbartha a bhain le léiriú a thabhairt chun stáitse.
Thug Tara Bhreathnach léargas ar script a scríobh an t-aisteoir Siobhán Nic Cionnaith, San Siobhán, agus chuir ceist ar a raibh i láthair: an mbeadh an dráma céanna fóirsteanach don lá atá inniu ann?
Dúirt McCabe gurb “í an cheist is mó ná céard iad na féidireachtaí do scríbhneoirí dhrámaí Gaeilge? Pléadh ceist airgid. Tá sé fíor go mbíonn íocaíocht i bhfad níos fearr le fáil in earnáil na teilifíse. Agus b’shin a tharla le 20 blian anuas, bhog an ghlúin óg go dtí an teilifís le slí bheatha a shaothrú.”
Bhí deis ag scríbhneoirí a gcuid smaointe féin a phlé agus rinne siad léamh poiblí ar a saothar fosta.
Lena chois sin, bhí lucht teilifíse i láthair nó tháinig Eagarthóir Script Ros na Rún, Bláthnaid de Róiste, chun cainte le scríbhneoirí nua a mhealladh le scríobh don sobaldhráma sin. “Plé sláintiúil, lán fuinnimh” a bhí ann, a dúirt McCabe agus rún ag lucht na hamharclainne lá eile a eagrú ar an bhliain seo chugainn.