Pádraic Ó Conaire ag siúl inár measc arís

Dráma clúiteach ar camchuairt náisiúnta

Tá sé ar ais. Nó b’fhéidir gur chóir dom a rá go bhfuil ‘siad’ ar ais. Diarmuid de Faoite. Pádraic Ó Conaire. An bheirt acu. Aon aisteoir amháin. Aon duine amháin ach dhá ainm orthu agus beidh ‘siad’ le feiceáil anocht i Má Nuad, san oíche amárach i nGaillimh, i mBéal a’ Mhuirthid oíche Chéadaoine agus in áiteanna eile le linn na míosa seo. Tá Ó Conaire ag siúl inár measc arís.

Tráthúil go leor, is ag taisteal leis a bhí de Faoite nuair a labhair sé liom faoina dhráma clúiteach dátheangach, Pádraic Ó Conaire. Sa bhliain 2001 a léiríodh den chéad uair é agus mhol na léirmheastóirí go hard na spéire é, á rá gur thug de Faoite léargas ar dóigh ar dhuine de scríbhneoirí móra na Gaeilge.

Deir de Faoite gur tharraing sé hata clúiteach Uí Chonaire anuas ar a chloigeann den uair dheireanach in 2004, tamall mór fada ó shin. Níl imní air go bhfuil dearmad déanta ar na línte, ar na carachtair. Tá imní air, ámh, an mbeidh a cholainn féin in ann ag an dráma fisiciúil seo. Tá mórán siúlta ag de Fraoite féin mar aisteoir; tá “míleáiste mór ar an chlog” aige agus tá sé “marbh amach” ag an taisteal. Maireann an dráma dhá uair an chloig agus tá sé ar nós “cluiche peile” a imirt gach oíche. Leoga, fuair Ó Conaire bás agus é 46 bliain d’aois, a deir de Faoite, agus tá sé féin rud beag níos sine ná sin anois.

Bíodh sin mar atá, shocraigh sé dúshlán an dráma seo a thabhairt uair amháin eile i mbliain seo chomóradh Éirí Amach na Cásca. Agus is é 'dúshlán' an focal ceart sa chomhthéacs seo – seó aonair, níos mó ná 30 carachtar, Gaeilge agus Béarla, agus an t-iomlán léir ag iarraidh Ó Conaire a chur roimh an lucht féachana – Ó Conaire an sóisialaí, an náisiúnaí, an fánaí agus an pótaire.

READ MORE

Fear óg a bhí ann mar Ó Conaire, a deir de Faoite, ceannródaí ó thaobh na litríochta de agus duine “fíorpholaitiúil”. Cháin scríbhneoirí eile Gaeilge é, rinneadh cinsireacht air agus chothaigh roinnt dá chuid scéalta scannal ach “duine ar leith” a bhí ann a bhí “sásta dul sa seans, beag beann ar na húdaráis”.

Tá na téamaí sin, a deir de Faoite, “chomh láidir anois agus a bhí siad riamh, níos láidre b’fhéidir”. Déanann de Faoite amach gurb é an dráma seo “an ráiteas ab fhearr” a thiocfadh leis a dhéanamh ar bhonn na n-ealaíon agus na polatíochta mar chomóradh ar an Éirí Amach. “Ómós,” d’fhís na tréimhse a thugann sé air.

Mar sin féin, ní bolscaireacht a chuir sé roimhe féin; níl sé ag iarraidh léacht leamh pholaitiúil a thabhairt ach a mhalairt. Tá sé ag iarraidh fís a fhíorú; tá sé ag iarraidh an lucht féachana a mhealladh le focail agus le dráma le go bhfeice siad an tragóid, an greann, an grá agus an t-uaigneas a bhí i saol agus i saothar Uí Chonaire.

Go Má Nuad leat! Dátaí : Dé Luain, 29ú Feabhra, JHL2, Ollscoil Mhaigh Nuad, 7.30pm; Dé Máirt, 1ú Márta, Amharclann na Cathrach, Gaillimh; Dé Céadaoine, 2ú Márta, Áras Inis Gluaire, Béal a' Mhuirthid; Déardaoin, 10ú Márta, An tSean-Bheairic, An Fál Carrach, Co Dhún na nGall; Dé hAoine, 11ú Márta, An Chultúrlann, Doire; Dé Sathairn, 12ú Márta, An Chultúrlann, Béal Feirste; Dé hAoine, 29ú Aibreán, Féile na Bealtaine, An Daingean. Gach seó ag 8pm. Eolas: ddefaoite3@gmail.com

‘Straitéis ar leith’

Thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, óráid spreagúil ar ardfheis Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé hAoine. Mhol sé bunaitheoirí an chonartha, Dubhghlas de hÍde agus a chomhghleacaithe, as a “mbunphrionsabal radacach nárbh fhéidir leis an bpearsantacht Éireannach dul i mbláth i gceart agus nach mbeadh sí in ann lán a cumais a bhaint amach de bharr na srianta agus na mbacainní a bhain leis an tsochaí a bhí ann ag an am”.

Mhol sé lucht an chonartha as an teanga a chur chun cinn gan stad gan staonadh ó bunaíodh an t-eagras sa bhliain 1893, tréimhse a raibh “pobal na hÉireann in ísle brí agus bhí an tír faoi réimeas impireacht na Breataine. Bhí an lámh in uachtar ag Béarla agus bhí ár dteanga dhúchais faoi chois, gan stádas agus ag fáil bháis de réir a chéile”. Bhí “straitéis ar leith” ann “leis an teanga a dhíbirt ón tír. Rinneadh é sin d’aon ghnó tríd an gcóras oideachais, mar shampla, áit ar cuireadh ar pháistí Béarla a labhairt agus a ndroim a chasadh ar an nGaeilge. ”.

Mar sin féin, ba chóir go mbeadh dóchas ag lucht na Gaeilge; bhí fadhbanna ann ach bhí bá ag pobal na hÉireann leis an teanga; bhí “an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach”.