Tá easpa dul chun cinn an Rialtais i leith poist státseirbhíse a chur ar leataobh do dhaoine a bhfuil cumas acu i nGaeilge agus i mBéarla cáinte ag an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Tá ionann is bliain ann ó d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, go mbeadh deireadh ag teacht leis an chóras ina mbronntaí pointí bónais i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís d’iarrthóirí a bhí in inmhe gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
D’fháiltigh iar-Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, roimh an chóras úr seo ag an am.
In áit chóras na bpointí bónais, fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair seo caite go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6 faoin gcéad d’oibrithe i ngrád an Oifigigh Fheidhmiúcháin.
Líon teoranta post a bheadh i gceist agus bheadh ar gach Roinn liosta a thabhairt de na poist ina mbeadh gá le Gaeilge.
“Functioning Bilinguals” a tugadh ar na poist seo agus bhí ar na Ranna Rialtas an liosta a chur faoi bhráid na Roinne Athchóirithe agus Caiteachais Poiblí roimh mhí Eanáir seo caite maidir leis an líon foirne a bheadh de dhíth le freastal ar an phobal i nGaeilge.
An tseachtain seo caite, áfach, bhí sé le léamh ó na tuarascálacha a d’fhoilsigh na Ranna Rialtais ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge nach raibh sonrú déanta go fóill ar na poist lena mbainfeadh riachtanas Gaeilge leo.
Ach tugadh le tuiscint go raibh sé fós i gceist acu tabhairt faoi.
Ní mó ná sásta atá an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoin mhoilleadóireacht:
“Tá sé tugtha le fios agam roimhe seo go dteastaíonn líon dóthanach foirne sa tseirbhís phoiblí atá in ann seirbhísí a chur ar fáil go cumasach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Dúirt an coimisinéir go raibh beagnach ceithre bliana de thréimhse na straitéise caite faoin tráth seo agus go raibh sé thar am go dtabharfaí faoi ghníomh a rachadh i ngleic go córasach agus go cuimsitheach leis an easpa seirbhíse trí Ghaeilge a bhí ar fáil ón tSeirbhís Phoiblí.
Próiseas
“Ar ndóigh teastaíonn go dtabharfaí faoin bpróiseas seo ar bhonn i bhfad níos leithne ná Ranna Rialtais agus go gcuimseofaí eagraíochtaí Stáit ionas go gcuimseofaí an státchóras trí chéile. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí é sin anois gan a thuilleadh moille,” a dúirt an coimisinéir.
Thug urlabhraí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios go raibh sé i gceist acu an córas nua a chur ar bun ar bhonn píolótach do phoist mar Oifigigh Fheidhmiúcháin i rith an Fhómhair ach gur cuireadh an comórtas seo siar.
Tá sé i gceist anois painéal de “functioning bilinguals” a chur ar bun ar bhonn píolótach ag grád an Oifigigh Chléireachais.
Déanfaidh an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta mar aon leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí athbhreithniú ar an scéim phíolótach seo sula ndéanfar cinneadh maidir le é a chur ar bun ag grád an Oifigigh Fheidhmiúcháin, a dúradh.
Ar ndóigh, is beag duine i saol na Gaeilge a mheas go raibh an seanchóras gan locht.
Bhí a chruthúntas sin le feiceáil san eolas a tháinig chun cinn dornán blianta ó shin nach raibh ach 1.5 faoin gcéad d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais is Scileanna ábalta a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
Ceann de na fadhbanna is mó a bhain le córas na bpointí bónais ná nár cuireadh i bhfeidhm mar is ceart ariamh é.
Go deimhin, tá neart fianaise ann go raibh faillí á dhéanamh ag Ranna Rialtais i bhfeidhmiú an chórais.
Glacadh dhá dhúshlán cúirte ar an ábhar cúpla bliain ó shin inar dhúirt beirt státsheirbhíseach nár cuireadh marcanna breise dá gcumas i mBéarla agus i nGaeilge san áireamh agus iad i mbun comórtais inmheánaigh.
Thánagthas ar shocrú taobh amuigh den chúirt i gcás amháin a bhain leis an Roinn Oideachais.
Rialaigh an Ard-Chúirt sa chás eile gur cheart cúiteamh de bhreis is €28,000 a íoc le hÍde de Búrca, Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin sa Roinn Iompair.
Tháinig sí sa tríú háit i gcomórtas le haghaidh poist shealadaigh sa Bhruiséil i 2006.
Ach dá mba rud é gur bronnadh na marcanna a bhí dlite di de bharr go raibh Gaeilge ar a toil aici, bheadh an comórtas bainte aici.
I bhfocail eile, theip uirthi ardú céime a fháil siocair gur deineadh neamhaird ar a cumas feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
Tá achomharc á dhéanamh ag an Stát in aghaidh an bhreithiúnais sin.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap