Leanann an ríomhiris nua, COMHARTaighde, traidisiún láidir ceannródaíoch iriseoireachta agus léinn. Ní ag tagairt d'aistí ar son na cúise agus na nualitríochta mar choincheap athbheochana atá mé anseo ach do dhíospóireachtaí móra litríochta agus sóisialta.
Is mar thoradh ar phróisis scríbhneoireachta a chothaíonn agus a chaomhnaíonn idé-eolaíochtaí ó ghlúin go glúin a thagann sé seo in inmhe. Próisis iad seo a chruthaíonn an "Lobháin Nua" a luann cuid mhaith scríbhneoirí agus is próiseas úr eile é COMHARTaighde. "Turas fionnachtana teanga" a thugann Liam Ó Muirthile ar an iriseoireacht.
Úsáidtear uirlisí fiontraíocha nuálaíocha anseo a chruthaíonn fóram idirghníomhach le rochtain ar mhíreanna fuaime, físe, agus ar thograí digiteacha. Níl ganntanas fianaise de shíolta “Lobháin Nua” sa ríomhiris phiarmheasta seo a bhfuil bord eagarthóireachta idirnáisiúnta aici.
Ceol, litríocht, foilsitheoireacht mar aon le hanailís théacsúil agus teanga is ábhar do na hailt agus léirmheas le léamha úra acadúla iontu.
Sa chéad aiste “Róisín Dubh: mar a chruthaigh Seán Ó Riada aintiún an Éirí Amach” le Deirdre Ní Chonghaile, tugtar léargas ar an nasc idir nuálaíocht cheol Uí Riada agus traidisiún idirnáisiúnta aintiún neamhoifigiúil.
Le samplaí ó iar-choilíneachtaí Rúiseacha, na Fionlainne agus na hEastóine léiríonn an staidéar criticiúil ar cheolrian Mise Éire, idir fhonn an amhráin Róisín Dubh agus cheol Uí Riada, tairbhe an cheoil mar ghníomhaí sóisialta agus polaitíochta.
Tarraingíonn Aingeal Ní Chualáin ar thuiscintí antraipeolaíochta amhrán agus damhsa chun léiriú eolgaiseach eile a sholáthar ar thairbhe an cheoil sa chúirtéireacht mar chleachtas sóisialta i luathshaothar Mháirtín Uí Chadhain.
Le mionscrúdú ar theicnicí foilsitheoireachta agus eagarthóireachta cuireann Proinsias Ó Drisceoil spotsholas ar an díoltóir leabhar Seán Ó Dálaigh.
Ríomhann sé próiseas seanbhunaithe scríbhneoireachta le hathchuairt ar scéal chéadeagrán an dáin iomráitigh Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. Ní haon eagrán scoláiriúil barántúil, i dtéarmaí an lae inniu, eagrán seo Uí Dhálaigh, a deir Ó Drisceoil le cur chuige foilsitheora a chreid gur ghnó cruthaitheach iad an eagarthóireacht agus an fhoilsitheoireacht araon.
Scéal bisiúil foilsitheoireachta atá faoi chaibidil ag Tadhg Ó Dúshláine ina dtugtar léirmheas tuisceanach sa "fhreagra pearsanta" a sholáthraíonn sé ar Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora (2014).
Deir Ó Dúshláine gur bhrostaigh Seán Ó hÉigeartaigh agus Bríghid Ní Mhaoileoin, “chun tine bheo na haislinge a ateilgean faoi chló na réabhlóide cultúrtha le díograis agus le dúthracht féin-íobartha”.
“Mudes teangeolaíochta agus nuachainteoirí na Gaeilge” a eascraíonn as tionscadal Eorpach is ábhar d’aiste thuairisciúil anailíseach John Walsh/Bernadette O’Rourke “ar na hathruithe is gá a chur i gcrích chun go ndéanfaí nuachainteoir de dhuine”. Áirítear turais Ghaeltachta, múinteoir spreagúil, blianta ollscoile, ar na móimintí cinniúnacha i saol nuachainteoirí cumasacha na Gaeilge.
Is geall le haistí acadúla iad na léirmheasanna leis na heagarthóirí féin agus Liam Mac Mathúna. Cuimsíonn scóip agus rogha shuntasach na n-ábhar idir litríocht na nÓg, théarmeolaíocht, dhiaspora na Gaeilge, agus chomhthéacs leathan na mionteanga.
Le cur chuige cumasach forásach na n-eagarthóirí, Liam Mac Amhlaigh, Máirtín Coilféir, Máirín Nic Eoin, agus an chomhairleora theicneolaíochta, Ronan Ó Dochartaigh, is suaitheantas í an ríomhiris seo go bhfuil muid ar thairseach ré úr i labhairt agus i scríbhneoireacht acadúil na Gaeilge.
Cúpla bliain ó shin luaigh mé gur “annamh a chloistear na focail iriseoireacht agus critic in aon abairt amháin le chéile toisc doiléire an naisc idir cúrsaí litríochta, iriseoireachta agus teanga”.
Éiríonn leis an ríomhiris seo na naisc a shoiléiriú, naisc a d'aithin bean athbheochana, Máire Ní Chinnéide (1909): "Is dóigh liom mar sin gurab é an tslighe is fearr dúinn, má's mian linn cur síos ar chúrsaibh léighinn go coitcheanta nó ar Sheanchus, nó ar Áireamh nó ar Ealadhnaibh nó ar a leithéidibh, ná déanamh mar do rinnne Seathrún Céitinn – pé rud a bheith áiseach nó oireamhnach dúinn 'nár litridheacht féin do ghlacadh chugainn ach gan an litridheacht nó éin-litridheacht eile do bheith mar theorainn againn." Seo leagan gairid de chaint a thug Regina Uí Chollatáin oíche sheolta COMHARTaighde.