An ann dúinn fós? An bhfuil sé thart? An féidir linn éirí aniar aon uair eile? An bhfuil deireadh leis an ngeamaireacht? An bhfuil na Feffinefeirí fós ag imirt cluichí leis na Feffingaleachaí?
Conspóid bhréige má bhí a leithéid riamh ann, gach taobh ag iarraidh a thaispeáint gur glaine iad ná Brand X, ar a laghad.
An bhfuil aon duine amuigh ansin, beo nó marbh, púca nó peacach, taibhse nó tarbh, spiorad nó saonta nach gceapann go bhfuil baint go díreach ag dílseacht pholaitiúil leis na postanna a dhearlacann rialtas?
Is mó sin duine a casadh ar mo shiúlta dom, bacaigh agus saoithe agus taistealaithe triallta an róid agus aineolaigh agus gamail agus naoimh agus nuair a d’fhiafraínn díobh cad fáth dílseacht pholaitiúil amháin seachas ceann eile gheibhinn miongháire mór leathan mar fhreagra.
Inis dom an raibh sé riamh ar aon dóigh eile?
Abair liom go macánta, cén fáth a dtugann daoine airgead allais (nó airgead allais dhaoine eile níos minicí) do pháirtithe polaitíochta?
Ar son go gcreideann siad san idéalachas sin, sa ráiteas misin uaillmhianach gealbhán sin ar mhaith leo é a chur chun tosaigh?
Cad ina thaobh clubanna gailf agus an naoú bpoll déag? Dé cúis lóistí agus ridirí agus cumainn scoile na seanbhuachaillí?
Is chucu iad ar fad go gcuirfear daoine ar aon aigne agus ar aon aicme agus ar aon mheon ina suí go te sna háiteanna sin inar féidir an aigne agus an aicme agus an meon sin a chosaint is a bhuanú.
Inis arís dom, an raibh sé riamh ar aon dóigh eile?
Ní timpist ghlantseansúil í go bhfeicimid teaghlaigh éagsúla ag leanúint leo ó ghlúin go glúin san, abraimis, san aisteoireacht.
Ná ní timpist ghlantseansúil í go dtuismítear grúpaí ceoil ó ghrúpaí ceoil eile ina raibh máithreacha agus aithreacha réimiúil agus in airde guth.
Ná ní timpist ghlantseansúil ach an oiread í go mbíonn dáilshleachta de pholaiteoirí ann – mar a dúirt an polaiteoir ar leaba a bháis: ‘Fagfaidh mé an fheirm ag an mac is sine agam, agus an chathaoir sa Dáil ag m’iníon.’
Teaghlach ríogúil
Ó mhol Caligula go ndéanfadh sé consal dá chapall ionúin Incitatus agus roimhe ar ais, más fíor, nach raibh sé riamh mar sin?
Is mar sin a tháinig ann do gach teaghlach ríogúil lofa ar domhan, agus bhí gach teaghlach ríogúil lofa riamh.
Ár gcara sa Chóiré ó Thuaidh, Sum Young Wan, is mac é le Kim Junc Ill, ar mac é Kim Ill Sunc, Uachtarán Síoraí na tíre.
Níl le déanamh ach ‘rí’, nó ‘impire’ a cheangal leo, agus tá stair gach ríshliocht agat ar bhois do láimhe.
Níor ghá gur drochrud é seo i gcónaí. Tar éis an tsaoil, nárbh fhearr go mbeadh aithne agat ar dhuine agus é ag dul i mbun a chúraim ná a mhalairt san aineolas?
An gceannófá muc i mála dá mbeadh na teistiméireachtaí ar fad aige agus ribín orthu?
Ceart go leor, finíochas glan is ea ceapachán Jared Kushner sa Teach Bán ag Trumpa na bhFlaitheas, óir is cosúla an áit sin le cúirteanna na hEorpa sna meánaoiseanna ná le poblacht dhaonlathach Eorpach ar bith – seachas, cuir i gcás an Bhanríocht saghas Aontaithe, an Rúis Nua-Shóivéideach, An Rúmáin …leor sin go fóill.
Ina choinne sin thall, nuair a cheap John F. a dheartháir Robert ina Ard-Aighne, b’é ba mhó a chinntigh nach rachfaí chun cogaidh de bharr Cúba, agus tá cuid againn beo de thoradh na tuisceana sin a léirigh sé.
Beidh an pholaitíocht mar seo go brách.
Bítear buíoch, agus bítear ag faire. Sin uile.