Bíonn a chuid dúshlán féin ar gach aon duine sa saol seo ach bíonn formhór na sochaí ábalta déileáil le réimse leathan d’ócáidí sóisialta agus oibre gan mórán trioblóide. Tuigimid go nádúrtha go mbaineann cóid shóisialta agus modhanna áirithe cumarsáide le staideanna difriúla.
Níl sé sin amhlaidh do chách, agus do dhuine a bhfuil uathachas air is minic go mbíonn gnátheachtraí an tsaoil doiléir doiligh. Is neamhord casta é an t-uathachas agus níl na siomptóim chéanna ar gach aon duine. Ar thaobh amháin de speictream an uathachais, bíonn daoine faoi mhíchumas amach is amach, cuid acu ag brath ar chathaoireacha rothaí agus daoine nach bhfuil ábalta caint. Ar an taobh eile, tá an riocht a dtugtar Siondróm Asperger air.
Cé go bhfuil an-éagsúlacht ag baint leis an siondróm féin, go bunúsach, bíonn impleachtaí ar thrí ghné de shaol an duine a bhfuil Siondróm Asperger air. Ar an chéad dul síos, bíonn deacrachtaí aige scileanna caidrimh sóisialta a fhorbairt; cairdeas a dhéanamh; mianta agus mothúcháin daoine eile a thuiscint. Muna bhfuil ciorcal sóisialta forbartha aige, is minic go mothaíonn duine le Siondróm Asperger uaigneach, scoite ón saol.
Is é an dara rud, i gcás an duine a bhfuil Siondróm Asperger air, nach bhforbraítear na scileanna cearta cumarsáide briathartha agus neamhbhriathartha. Is minic go mbíonn ábaltacht ard intinne ag daoine leis an siondróm agus is dócha gur foinse mhór frustrachais í gan a bheith in ann smaointí, tuairimí agus mianta a chur in iúl.
Baineann an tríú gné leis an tsamhlaíocht, le solúbthacht na smaointí cruthaíocha agus is coitianta go mbíonn gnáthamh dúghafach ag duine a bhfuil Siondróm Asperger air agus suim as cuimse aige in ábhar nó rud ar leith.
Bíonn impleachtaí ar thuismitheoirí agus theaghlach an duine fosta. Is minic imní ar thuismitheoirí faoi thodhchaí a linbh agus na dúshláin atá i ndán dó. Ní bhíonn an páiste le Siondróm Asperger in ann súgradh sa dóigh chéanna leis na páistí eile agus, in amanna, éiríonn an caidreamh idir na páistí achrannach de dheasca na míthuisceana. De ghnáth, éiríonn na caidrimh níos fearr de réir mar a thuigeann an teaghlach an riocht agus na fáthanna taobh thiar d’iompar an duine ach, de ghnáth, bíonn an imní ann le linn a shaoil.
In ainneoin na ndeacrachtaí uilig tagann dóchas i bhfoirm diagnóise, an eochair a osclaíonn doras na seirbhísí tacaíochta agus a chuidíonn leis an teaghlach agus an phobal dúshláin an duine le huathachas a thuiscint. I gcomparáid le huathachas géar nuair a bhíonn siomptóim soiléire fisiciúla i gceist, bíonn siomptóim Shiondróm Asperger níos caolchúisí ach is féidir diagnóis ghairmiúil a aimsiú trí mheasanú cuimsitheach ar fhorbairt agus iompar an duine.
Sna laethanta seo, aithnítear Siondróm Asperger níos luaithe i saol an pháiste agus déantar diagnóisí níos minice ná mar a bhí amhlaidh 20 nó 30 bliain ó shin. Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas chun eolas a scaipeadh faoi uathachas go ginearálta agus, cé go bhfuil gnéithe de na córais shláinte difriúil ar dhá thaobh na Teorann, tá na forbairtí céanna le sonrú go ginearálta. Bíonn daoine níos oscailte chun labhairt faoi uathachas agus is minic go gcruthaítear gréasán de ghairmithe cúraim sláinte thart ar an pháiste chun tacaíocht a thabhairt dó. Bhí bearna ollmhór i seirbhísí diagnóise, thuaidh agus theas, roimh na forbairtí sin .
Ciallaíonn sé sin go bhfuil daoine fásta ann anois le Siondróm Asperger nach bhfuair diagnóis mar pháistí agus a d’fhás aníos sa dorchadas, gan barúil acu cad chuige a raibh an saol chomh dúshlánach, cén fáth gur mhothaigh siad míchompordach go minic i gcomhluadar daoine eile. Cé gur daoine fásta iad anois, níl sé rómhall dóibh diagnóis uathachais a aimsiú agus tacaíocht a fháil. Tá comhairle rúnda saor in aisce ar fáil fríd eagraíochtaí carthanachta uathachais agus is féidir atreorú a a fháil fríd an dochtúir ginearálta má bhíonn diagnóis de dhíth.
Cé nach réiteach ar an riocht é, do dhuine le Siondróm Asperger is dócha gur faoiseamh í an diagnóis. Is féidir leis an phróiseas freagraí a thabhairt do dhuine fásta ar na ceisteanna neamhráite a bhí ar intinn aige leis na blianta agus misneach a thabhairt dó é féin a chur in iúl. In amanna, freagraíonn sé cuid de cheist shíoraí sin an tuisimitheora – “Cad é atá i ndán do mo pháiste?”