Tá scéal ag Liam Ó Flaithearta a bhfuil an teideal seo air, Teangabháil. Baineann le leaid óg a dhéanann teagmháil láimhe le cailín a bhfuil sé i ngrá léi ar neamhchead dá hathair. Réabann an teagmháil mhóiminteach sin ar aicmeachas beannaithe Chonamara: an té a bhfuil dhá chruach feamainne aige, is fearr é ná an té nach bhfuil aige ach aon cheann amháin. Ní aicmeachas Chonamara é sin amháin, ach aicmeachas an tsaoil mhóir.
Is oth liom gur dócha go mbeidh an t-aicmeachas sin farainn go deo.
Tá ginte sa duine gur fearr an neach a thuigeann an difear idir pingin agus dhá phingin, go háirithe nuair atá an dá phingin aige. In ainneoin reiligiúin an tsaoil agus an domhain agus gach fealsúnachta gaoise is é a bhfuil agat sa bhanc, nó sa chruach mhóna, nó líon na gcamall an t-aon ní a mheánn.
In ainneoin an oideachais agus na smaointeoireachta criticiúla a bhfuiltear á mholadh mar íocshláinte eile fós, in ainneoin na síceolaíochta a ghabhann isteach in íochtar domhain na hintinne, mar dhea, is é an seoladh baile atá agat agus an blas deas cainte sin a shocraíonn cé thú féin ar stáitse an phobail.
Ar aon chomhrian leis sin, fara eagla teagmhála idir na haicmí a bhfuil an Stát seo bunaithe air, tá eagla teagmhála idir cultúir éagsúla.
Tá amhras ar an duine isteach, tá amhras ar an neach atá éagsúil. Ach ná bac na cultúir éagsúla eile sin ina sraitheanna ag feitheamh lasmuigh, is é eagla roimh Ioslam atá i dtreis anseo thar aon eagla eile. Táimid scanraithe roimh Mhachmad!
Chaith mé tamall ag obair mar fhear beáir i Londain Shasana tar éis dom an ardteistiméireacht a dhéanamh. Eachtra chultúir ba ea é. Bhí an saol go léir mar a ritheann chugam isteach: lucht oibre Shasana, muintir Chonamara, gormaigh ón Muir Chairb, teifigh ó Vítneam…
Mo náire shaolta agus mo náire shaonta dhein mé cairdeas le fear as an bPacastáin. Mar a tharla bhí féasóg air. Ní féasóg Dhaidí na Nollag a bhí ann, ach mar sin féin níor chuir sin scanradh orm. Níos measa ná sin, Muslamach ba ea é!
B’é b’aite ar fad ná gur duine réasúnta a bhí ann a bhí ag iarraidh teaghlach a thógáil agus post a bheith aige, agus go fiú a chuid paidreacha a rá.
Cúpla bliain ina dhiaidh sin ráinig mé a bheith san Afraic agus tharla gur dhein mé iarracht ar ghrianghraf a ghlacadh de Mhosc ar imeall na slí. Léim an fear seo amach as na tithe in aice láimhe agus d’éigh ‘Níl cead ag Críostaí grianghraf a ghlacadh de Mhosc!’
Ba léir go raibh fearg air mo leithéidse a fheiscint le ceamara.
Labhair mé leis. Ní hé gur mé is caoine béal thar fhiacla an tsaoil, ach tar éis tamaillín, thuig sé nach raibh aon olc agam dó ná dá chreideamh, agus thuig mise nach raibh aon olc aige chugamsa. Is é sin le rá, taibhsíodh dom gur duine réasúnta ba ea é a bhí ag iarraidh teaghlach a thógáil agus post a bheith aige, agus go fiú a chuid paidreacha a rá.
Is dóigh liom gur mar sin atá an bhreis agus billiún Muslamach atá ar an domhan. Gan amhras, tá a sciar féin de bhligeaird, de bhaincéirí, de bhrútaigh, de sciotracháin, de scaibhtéirí is de sceimhlitheoirí acu, go díreach mar atá againne. Ach dá ndéanfá teagmháil leo, gheofá amach go bhfuil siad a bheag nó a mhór mar atáimidne, mar atá gach pobal ar domhan.
Daoine réasúnta atá ag iarraidh teaghlach a thógáil agus post a bheith acu…
Sín amach do lámh. Déantar teagmháil.