FOCLÓIR: Comhghleacaithe - colleagues; trombhríoch - weighty/important; logánta - locally; athbhrandáil - rebrand; ilghnéitheach - diverse; bunthréith - essential quality; scipéid uathoibríocha - automatic tills.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil sé beartaithe ag Tesco Ireland slabhra ollmhargaí - deich gcinn ar fad - a cheannach ón ngrúpa Joyce’s Supermarkets i gCo na Gaillimhe.
Is cosúil go bhfuil Tesco Ireland chun na siopaí a “athbhrandáil” agus go slánófar poist fhostaithe Joyce. Cuirfear fáilte rompu mar chomhghleacaithe nua ag Tesco International.
Dar ndóigh, is ábhar áthais é nach gcaillfear poist de bharr an tsocraithe seo ach i gcás Siopa an Phobail, tá ceisteanna trombhríocha eile ann atá ag cothú imní imeasc phobal Chonamara Theas.
“Bheadh an-díomá orainn go bhfuil an siopa a bunaíodh go háitiúil agus a ritheadh go háitiúil agus a rinne freastal iontach ar phobal Gaeltachta Chonamara Theas ag dul i seilbh ghrúpa mhóir cosúil le Tesco,” a dúirt an tráchtaire agus gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe.
“Bheadh muid buartha nach mbeadh siad chomh h-airdeallach ar chúrsaí teanga agus atá na daoine atá ag obair ann,” a dúirt sé.
D’oscail an siopa ag deireadh na seascaidí faoi stiúir an chéad úinéara, Pádraig Mac an Rí agus tugadh Tí Phaddy King air go logánta.
Cuireadh seirbhís thábhachtach ar fáil don phobal sa siopa ón chéad lá.
“Ba é an príomh ollmhargadh i gConamara Theas ar feadh na mblianta,” a dúirt Ó hÉallaithe.
“Siopa ilghnéitheach a bhí ann.”
Díoladh an siopa roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí sé i seilbh Chomharchumann Chois Fharraige ar feadh tamall ag deireadh na seachtóidí agus díoladh i lár na n-ochtóidí é le Seán Ó Foighil.
Thóg Pat Joyce seilbh ar an ngnólacht ina dhiaidh sin arís ach lean an muintearas maith a bhí ann i gcónaí idir muintir an cheantair agus úinéirí Shiopa an Phobail.
“Caithfear a rá go raibh an caidreamh sin láidir, maith agus folláin,” a dúirt cathaoirleach ar an bhFóram Pleanála Teanga i gCois Fharraige, Máire Ní Neachtain.
“Bheifí ag súil gur féidir tógáil ar sin faoin réimeas nua,” a dúirt sí.
Is mó teaghlach a mbíonn teagmháil laethúil nó seachtainiúil acu leis an siopa agus ar nós ghnólacht phobail ar bith, braitheann go leor ar an bhfoireann.
“Shamhlófá, le dream atá ag plé le cúrsaí gnó, go dtógadh siad ar na rudaí dearfacha go cinnte agus go gceartódh siad na rudaí diúltacha,” a dúirt Ní Neachtain.
“Feictear dom gur ceann de na rudaí láidre an teagmháil phobail sin atá ann.”
“Má choinníonn siad an fhoireann chéanna agus má bhíonn polasaí acu earcaíocht a dhéanamh - agus Gaeilge a bheith san áireamh - sílim gur chun leasa an phobail a bheadh sé,” a dúirt sí.
Dar le Donncha Ó hÉallaithe, tá tuiscint ar leith ag an bhfoireann sin ar an bpobal.
“Tuigeann siad an pobal lena bhfuil siad ag déileáil,” a dúirt sé.
Tá siad “thar a bheith tuisceanach” ó thaobh tábhacht na Gaeilge de, dar leis. Ní amháin go n-úsáideann siad í leis na custaiméirí ach bíonn siad á labhairt ina measc féin freisin.
“Tá sé sin tábhachtach ó thaobh phleanáil teanga agus staid na teanga i gceantar Chois Fharraige de, ceantar atá faoi bhrú mar gheall ar é a bheith chomh gar do chathair na Gaillimhe is atá,” a dúirt sé.
“Bhí seirbhís trí Ghaeilge le fáil i gcónaí i Siopa an Phobail agus tá sé tábhachtach go leanfaidh sé sin ar aghaidh.”
Dúirt Ó hÉallaithe go bhfuil daoine buartha go gcaillfear “an ghné áitiúil sin” gur “cuid lárnach de phobal Chois Fharraige” é an siopa.
“Níor mhaith linn go gcaillfí an dílseacht atá ag an bpobal don siopa agus an dílseacht atá ag an siopa don phobal,” a dúirt sé.
Tá súil ag Ní Neachtain go leanfar leis an gcaidreamh idir an Fóram Pleanála Teanga agus Siopa an Phobail. Eagras ionadaíoch atá san fhóram a bunaíodh le treoir a thabhairt don phróiseas phleanáil teanga sa cheantar idir Na Forbacha agus Ros a’ Mhíl.
“An aidhm a bheadh ag an bhfóram ná teagmháil scafánta a dhéanamh leis an réimeas nua mar a déarfá, cúrsaí a phlé leo, agus a rá leo go bhfuil cúrsaí mar atá agus go bhfuil muid ag súil le comhoibriú leo le go dtógfar ar sin,” a dúirt sí.
Tá sé i gceist ag Ó hÉallaithe, atá ina bhall de Chumann Forbartha Chois Fharraige, dul i mbun cainte leis na húinéirí nua.
“Beidh muidne ag iarraidh labhairt le Tesco faoin bpolasaí teanga a bheidh acu,” a dúirt sé.
“Rinneamar é sin nuair a tháinig Pat Joyce isteach. Shuíomar síos leis agus labhair muid faoin bpolasaí teanga agus bhí sé ana thuisceanach agus déanfaidh muid an rud céanna le Tesco.”
Beidh súil leis mar sin gur comhartha maith é gur eisigh Tesco preasráiteas as Gaeilge ina ndúirt siad go raibh siad chun “dul i gcaidreamh le soláthraithe agus le pobal leathan na Gaillimhe” agus iad ag fógairt go raibh siad chun Joyce Supermarkets a cheannach.
Bíonn tuiscint ar leith ag cuid de na comhlachtaí trasnáisiúnta ar a thábhachtaí is atá sé dá ndeá cháil agus dá leas féin meas a bheith acu ar theangacha agus cultúir éagsúla.
Tuairiscíodh in Albain le gairid go raibh Tesco tar éis tús áite a thabhairt don Ghàidhlig ar chomharthaí i siopa leo in Steòrnabhagh. Sí an Bhreatnais an bun teanga a bhaintear úsáid aisti ar scipéid uathoibríocha le Tesco sa Bhreatain Bheag.
Maidir leis an siopa in Indreabhán, tá ceist eile á cur: “An gcoinneoidh siad an bhrandáil ’Siopa an Phobail’,”a d’fhiafraigh Ní Neachtain.
“Sílim go dtabharfaidh sé sin teachtaireacht an-láidir faoi cén aidhm atá ag Tesco leis an siopa sin. Má choinníonn siad é bheadh sé sin ag tabhairt teachtaireacht dúinne go bhfuil fúthu tógáil ar an mbunthréith a leagadh síos i bhfad siar nuair ba shiopa chomharchumainn a bhí ann.”
Coinneal Cholm Cille Cothrom an ama seo 1,500 bliain ó shin i nGartán, gar do Loch Ghartáin i dTír Chonaill, rugadh mac le Feidhlimidh, duine de shliocht Cenél Conaill agus a bhean Eithne, duine de shliocht uaisle Laighean.
Thiocfadh cáil ar Cholm Cille mar lóchrann éigse agus eolais agus leathadh cáil a chuid gaiscí mar pholaiteoir agus fear cráifeach ar fud an domhain.
Éarlamh é a bheadh go mór chun cinn i bhfréamhú na Críostaíochta in Éirinn agus in Albain lena linn.
Deirtear gur rugadh an naomh ar an 7 Nollaig 521 agus is tráthúil mar sin go bhfuil imeachtaí speisialta beartaithe ar an dáta céanna i mbliana in Éirinn agus in Albain chun 1,500 bliain ó bhreith Naomh Colm Cille a chomóradh.
Ina measc beidh Coinneal Cholm Cille, togra soilsithe ina mbeidh íomhánna le feiceáil á dteilgean ar Theach Laighean, ar Bhallaí Dhoire, ar Oileán Í agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann agus na hAlban. Iarrfar ar dhaoine coinneal a lasadh ar 5.21pm ar 7 Nollag chun bliain bhreithe Cholmcille a thabhairt chun cuimhne.
Sheol Foras na Gaeilge, i gcómhpháirtíocht le Bòrd na Gàidhlig, clár comhpháirtíochta Cholm Cille anuraidh chun nasc a chruthú idir pobail Ghaeilge na hÉireann agus pobail Ghaeilge na hAlban. Mar chuid den chomóradh beidh póstaer speisialta á dháileadh leis an Irish Times amárach (Máirt, 7 Nollag) le comóradh a dhéanamh ar 1,500 bliain ó saolaíodh an naomh. Breis eolais: colmcille.net.
* Tá athchruthú dramatúil fite fuaite i gcuntais ó shaineolaithe in Éirinn agus in Albain i gclár nua de chuid Abú Media a chraolfar ar TG4 agus ar BBC Alba, an oíche chéanna. Craolfar Colmcille - An Naomh Dána ar TG4 ar an 7 Nollaig ag 9.30pm