Tá sé éirithe soiléir thar na blianta nach dtugann Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann cosaint chuí do chearta teanga an tsaoránaigh. Deir Paragraf 1 den Airteagal gurb í an Ghaeilge “an teanga náisiúnta” agus dá réir “an phríomhtheanga oifigiúil”.
Deir Paragraf 2 go nglactar leis an mBéarla mar “theanga oifigiúil eile”.
Go praiticiúil is é a ghlan-mhalairt atá fíor. Bíonn gach ní oifigiúil i mBéarla ach tar éis don Ghaeilge a bheith ‘oifigiúil’ le 94 bliain anuas bíonn ar phobal na Gaeilge bheith ag síor-troid chun bunseirbhísí a fháil i bpríomhtheanga oifigiúil an Stáit.
Tá an Straitéis 25 Bliain don Ghaeilge ar leaba an bháis nó b’fhéidir gur cirte a rá gur marbh-bheirthe a bhí sí ón gcéad lá.
Thairis sin, tá baol ann go ndéanfaidh rialtas amach anseo iarracht ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a lagú a thuilleadh trí ‘theanga oidhreachta’ nó a leithéid a dhéanamh den Ghaeilge agus trí ‘theanga oibre oifigiúil an Stáit’ a dhéanamh den Bhéarla.
Tá bealach simplí, éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo – Éire an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shíniú is a dhaingniú. Coinbhinsiún idirnáisiúnta í an chairt ar ghlac Comhairle na hEorpa léi i 1992. Tá sé mar aidhm ag an gcairt teangacha réigiúnacha nó mionlaigh na hEorpa a chaomhnú agus cearta lucht úsáidte na dteangacha úd iad a úsáid sa saol poiblí agus sa saol príobháideach, a chinntiú. Cuimsíonn an chairt, ní amháin teangacha réigiúnacha nó mionlaigh ach teangacha neamhchríochacha (e.g. teangacha na ngiofóg) agus teangacha oifigiúla nach bhfuil in úsáid go forleathan ar chríocha an Stáit.
Tá 25 stát Eorpach tar éis an chairt a shíniú is a dhaingniú agus tá ocht stát eile ann a shínigh ach nár dhaingnigh fós í.
Níor shínigh ná níor dhaingnigh Éire an chairt.
Nuair a seoladh an chairt nach mór 25 bliain ó shin mhol mé go poiblí go síneodh is go ndaingneodh Éire í. Dúradh liom go mba mhasla do Ghaeilge a leithéid a dhéanamh óir ba theanga náisiúnta agus oifigiúil í. Ach deir Airteagal 3.1 den chairt: "Sonróidh gach Stát Conarthach ina ionstraim daingniúcháin, glactha nó formheasa gach teanga réigiúnach nó mionlaigh, nó teanga oifigiúil nach n-úsáidtear chomh forleathan ar a chríoch ar fad nó ar chuid dá chríoch, ar a mbeidh na míreanna arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 2(2) infheidhme." (Liomsa an cló Iodálach)
Thairis sin, deir Airteagal 4.2: “Ní dhéanfaidh forálacha na cairte seo difear d’aon fhorálacha níos fabhraí maidir leis an stádas atá ag teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, ná an córas dlí atá ag daoine a bhaineann le mionlaigh a d’fhéadfadh a bheith ann i bPáirtí nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha nó iltaobhacha ábhartha.”
Ba bhreathnadóir (le cead cainte) mé ar CAHLR (Comité ad hoc Langues Régionales), an coiste de chuid Chomhairle na hEorpa a dhréachtaigh an Chairt, agus féadaim a dhearbhú gur chun freastal go sonrach ar chás na Gaeilge a réitíodh foclaíocht Airteagal 3.1 mar atá sí.
B’ábhar mór díomá dom, más ea, an dearcadh oifigiúil anseo i leith na cairte.
Tá sé íoróineach gur bhain dhá thír eile leas an bhfoclaíocht seo chun freastal ar theangacha ina dtír féin – an Fhionlainn i gcás na Sualannaise, nach bhfuil á labhairt ach ag c.6% den phobal ach atá ina teanga “náisiúnta agus oifigiúil” fós, agus an Eilvéis a chlúdaigh an Iodáilis agus Rhaeto Romansh, dhá theanga nach bhfuil á labhairt ach ag mionlaigh ach ar theangacha náisiúnta, oifigiúla iad mar sin féin.
Dá ndaingneodh Éire an chairt chaithfeadh an Rialtas íosmhéid de 35 mhír nó fhomhír a roghnú as Cuid III den chairt agus iad a fheidhmiú i leith na Gaeilge. Baineann Cuid III le bearta chun úsáid na dteangacha a chur chun cinn agus cuimsíonn sí réimsí saoil dála Oideachas, Údaráis bhreithiúnacha, Údaráis riarthacha agus seirbhísí poiblí, na Meáin, Gníomhaíochtaí agus saoráidí cultúrtha agus an Saol eacnamaíoch agus sóisialta.
Gach trí bhliain chaithfeadh an Rialtas tuarascáil a sholáthar a thabharfadh cur síos ar a raibh déanta le linn na tréimhse sin chun forálacha na cairte a fheidhmiú.
D’fhéadfadh aon eagraíocht nó comhlacht, a bheadh bunaithe de réir dlí in Éirinn (e.g. Conradh na Gaeilge, Gael Linn), aighneacht a chur chuig Comhairle na hEorpa faoi fheidhmiú na cairte agus faoi chomhlíonadh (nó a mhalairt) na n-oibleagáidí ar ghlac an Rialtas air féin.
Scrúdódh Coiste Saineolaithe aon aighneacht dá shórt agus d’fhoilseofaí tuarascáil an Choiste Saineolaithe.
I mbeagán focal, chaithfeadh na húdaráis anseo beart a dhéanamh de réir a mbriathar nó bheith náirithe go poiblí.
Tá barraíocht ama caite againne, pobal na Gaeilge, ag dul i muinín airteagal bunreachta ar féidir a lúbadh nó a shíneadh, agus Straitéis 25 Bliain nach bhfuil á feidhmiú agus a bheidh dearmadta faoin am a bheidh na cúig bliana fichead istigh.
Creidim gur mithid agus gur rómhithid dúinn, á éileamh go poiblí go síneodh is go ndaingneodh Éire an Chairt Eorpach.