Cuirtear an cheist orm go minic cén chaoi gur tharla sé gur thosaigh mé ag iriseoireacht.
Obair chrua agus sciorta beag den ádh an freagra a thugaim.
An chéad cheist eile a chuirtear orm ansin ná an bhfuil sé deacair?
Muineál, muinín agus cruinneas a theastaíonn, a deirim.
Ansin, céard é an difear idir fíor-nuacht agus spórt?
Difear ar bith m’fhreagra. Tá cruinneas fós éigeantach.
An cheist dheireanach ansin ná an gcuireann sé as dom gur ag treabhadh i ngort nach bhfuil mórán ban eile ann?
Agus deirim nach gcuireann sé isteach ná amach ormsa, ná ar na hiriseoirí eile. An pobal is mó a thugann suntas dó. Mná is mó anois atá ag obair i ngnáthchúrsaí nuachta de réir na ndaoine a fheicimse amuigh ar an mbeat, ach fós is iad na fir is mó atá i mbun an spóirt.
Go deimhin, go dtí le cúpla bliain níor fhreastail mé ar an oiread cluichí agus a dhéanaim anois. Níl a fhios agam cén fáth gur mhothaigh mé claí gloine nach bhféadfaí a thrasnú, ach bhí sé sin i mo cheann agam.
Níor tharla sé fós gur chuir aon iriseoir ná maor an ruaig orm, níor chuir aon imreoir ná bainisteoir i mo leith nach raibh fios mo ghnó agam.
An t-am seo anuraidh bhí mé i measc paca mór iriseoirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag fanacht le foireann rugbaí na hÉireann filleadh ón Fhrainc.
Níor tugadh aon suntas gur bean a bhí ionam.
Thug Joe Schmidt, Paul O’Connell agus neart eile an méid céanna ama dom agus a thug siad do dhaoine eile.
Tá áisíneachtaí spóirt sa tír ag iarraidh go dtiocfadh tuilleadh ban ag a gcuid cluichí, ag iarraidh go mbeadh níos mó againn ag imirt agus, mar sin, luíonn sé le réasún go mbeadh fáilte roimh mhná i mbosca na meán.
An méid sin ar fad curtha díom, baineadh siar asam tamall gairid ó shin.
Ag freastal ar chluiche sraithe iomána a bhí mé. Tá cárta aitheantais iriseoireachta agam agus scaoil sé sin isteach an geata mé. Suas an seastán ansin, áit a raibh fear ag seasamh ina gharda agus cláir aige i mála beag plaisteach.
Shín sé clár ag an bhfear a bhí romham agus d’fhéach sé idir an dá shúil ormsa. Mo dhá lámh fós chomh fada lena chéile. Choinnigh sé air ag breathnú orm agus bhí orm ceist a chur air ceann acu a thabhairt domsa: “Shure what would a woman be needing a programme for? You should be making the tae.”
Agus thosaigh sé ag gáire.
Seo é an áit a dteastaíonn muinín agus muineál. Bhí orm ceist a chur arís air sular thug sé dom é.
Níl a fhios agam dá dtarlódh sé cúpla bliain ó shin an seasfainn an fód agus, in iarracht le nach bhfeicfí mé mar bhean a bhí ag tarraingt aird uirthi féin, is dóigh go gcoinneoinn orm d’uireasa an clár.
Nuair a shroich mé barr an staighre bhí grúpa iriseoirí bailithe ann.
Fir ar fad. Bhí mé cinnte gur ag gáire a bheadh siadsan chomh maith. Ach ní raibh. Chuir an méid a tharla iontas orthu féin.
Chuaigh mé síos arís ag leath ama agus dúirt mé le mo dhuine go raibh an citeal fiuchta. Fear aosta go maith a bhí ann, agus i ndáiríre, ní raibh aon dochar ann. Glúin eile nach bhfaca mórán ban ag cluichí Gaelacha.
Tá a fhios agam go bhfuil lucht Chumann Lúthchleas Gael go mór ar son na mban.
Dúirt Liam Ó Néill liom gur mhaith leis go mbeadh foirne do mhná i ngach cumann sa tír, agus tá an méid céanna ráite ag an uachtarán nua Aogán Ó Fearghail.
Tá siad ag obair le go mbeadh mná ar comhchéim le fir agus iad i bhfad chun cinn ar eagraíochtaí eile.
Níor thug aon duine riamh i rannóg na meán cumarsáide i bPáirc an Chrócaigh aon suntas gur bean a bhí ionam agus tá mná cumasacha ag obair ann chomh maith.
D’inis Coimisinéir na nGardaí, Nóirín O’Sullivan, a scéal féin faoin tae le deireanas. Tharla sé sin roinnt mhaith blianta ó shin.
Níl an lá tagtha fós go bhfuil comhionnas iomlán ag mná sa tír seo, ach ó thaobh na hiriseoireachta spóirt de, tá muid chun cinn ar go leor creidim, cé is moite de chorrdhuine anseo is ansiúd.
An rud is barúla ar fad?
Níl cuma ná caoi ar mo chuid tae. Ní ólfadh an gadhar é, ní áirím fear na gclár.
B’fhéidir go dtabharfainn fleasc liom an chéad lá eile agus go dtabharfainn bolgam dó.
Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh