Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta go fóill agus moltar iad as sin. Rinne siad taighde faoin Tuaisceart a léirigh go raibh spéis ag duine as cúigear “Gaeilge nó tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim”.
Lena chois sin, chreid 63 faoin gcéad den phobal gur chóir “go mbeadh an ceart ag gach páiste oideachas bheith acu trí Ghaeilge, más sin an rogha atá acu”.
Creideann an conradh go léiríonn an taighde go bhfuil gá le hAire Oideachais a thacóidh leis an teanga agus gur chóir tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inti.
Tá go maith. Ach nach léiríonn an taighde laigí na teanga oiread chéanna agus a léiríonn sé a neart?
Creideann 63 faoin gcéad den phobal sa Tuaisceart gur chóir “go mbeadh an ceart ag gach páiste oideachas bheith acu trí Ghaeilge, más sin an rogha atá acu”?
Oideachas trí Ghaeilge? Go maith. “Más sin an rogha atá acu”, is é sin, tig leat Gaeilge a fhoghlaim ach ná bí ag tabhairt ormsa a foghlaim?
Agus nach mór an buille atá le fáil i gceannlíne phreasráiteas an chonartha féin: “Léiríonn Taighde Neamhspleách Go Bhfuil Suim Ag Duine As Gach Cúigear Ó Thuaidh Gaeilge A Fhoghlaim.”
Cé a thógfadh orthu é a bheith bladhmannach?
Mar sin féin, nach dtiocfadh leat an líne sin a scríobh ar dhóigh eile – léiríonn taigde neamhspleách nach bhfuil spéis ag ceathrar as gach cúigear Gaeilge a foghlaim?
Neart déanta, tuilleadh le déanamh!
Scannáin ghearra Ghaeilge
Cúig scannán atá ar ghearrliosta Ghearrscannán na Bliana:
1916 – An Bheirt ón Rinn
(RoseAnn & Catherine Foley);
Snámh in aghaidh Easa
(Meangadh Fíbín);
Áiliu Iath n-hÉrend
(Dónal Ó Céilleachair & Martina Durac);
Scíth an Taistealaí
(Aodhán Ó Maoileoin & Seán Mac Cárthaigh); agus
Eadrainn féin
(Mairéad Kiernan). Pléann na saothair éagsúla le cúrsaí staire, óige, inscne agus cultúir.
Is gradam nua é seo a bhronnfar den chéad uair i mbliana agus é mar chuspóir ag an duais an gearrscannán a phoibliú i measc an phobail agus aitheantas a thabhairt do lucht a ndéanta.
Dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, gur léirigh caighdeán na n-iontrálacha go raibh forbairt “ollmhór tagtha ar an seánra agus an tóir atá ag an bpobal air”.
Taispeánfar na gearrscannáin Dé Aoine, 13ú Bealtaine 2016, in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh agus fógrófar buaiteoir an chomórtais níos deireanaí an oíche sin i dteannta ghradaim chumarsáide eile.
Bua na cainte
Bhronn moltóirí Fhéile na Meán Ceilteach Craoltóir Raidió na Bliana ar Dhónall Mac Ruairí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
As Rann na Feirste do Mhac Ruairí, duine d'fhoireann an stáisiúin sna Doirí Beaga. Cuireann sé An Chóisir Cheoil i láthair ar RnaG, clár thar a bheith maith de réir thuairim an iriseora seo.
Cuirfidh sé sraith i láthair go luath, Sin an Saol, ina mbeidh sé i mbun comhrá le daoine atá amach sna blianta faoin saol agus is é a bheas ina láithreoir ag Binneas Béil.
Le cois a chuid oibre mar chraoltóir, tá clú an cheoil air fosta agus é ina bhall de na grúpaí, Clann Mhic Ruairí, Blunderbrau agus Innisfáil.
Bua na caide
Craol é agus amharcfaidh siad!
Bhí lá mór maith ag TG4 i bPáirc an Chrócaigh agus cluichí ceannais na sraithe náisiúnta peile á gcraoladh acu.
Bhí an lucht féachana ab airde riamh do chlár aonair do TG4 ó bunaíodh é, de réir na dtorthaí ó TAM Ireland, an tslat tomhais oifigiúil teilifíse.
D’amharc 621,000 duine ar bhua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche mór na chéad roinne.
B’ionann sin agus beagnach beirt as gach cúigear (38 faoin gcéad) den lucht féachana iomlán teilifíse a raibh a súile sáite sa bhocsa sa choirneál le linn na caide. Is curiarracht iad na torthaí féachana sin do stáisiún Bhaile na hAbhann, a deir siad.
Dúirt ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, go raibh a fhios ag lucht an stáisiúin go mbeadh spéis mhór ag an phobal sna cluichí ach b’iontach “ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna torthaí ó TAM Ireland”.
Tá an ceart ar fad ag TG4 bheith bródúil as an obair sa réimse seo. Mar sin féin, tá an cluiche thart agus dúshlán eile roimh TG4. Cá mhéad den 600,000 sin a amharcfaidh ar an dara clár ar an stáisiún – clár nach mbaineann le spórt?