Nocht taighde dochreidte luachmhar maidir leis an gcóras oideachais an tseachtain seo caite ón ESRI.
Caitheadh solas ar an oideachas ar shlí bhunúsach nach gceapfadh aon duine marbh ná beo (marbh go háirithe), agus scaipeadh an dorchadas ó chúinní den saol gur lú ar fad an coinne a bhí againn leis.
Fuarthas amach, mar shampla, dá mba gur thaitin an scolaíocht mheánscoile le daltaí gur mhóide go dtaitneodh an t-oideachas ollscoile leo chomh maith.
Bhí seo glan in aghaidh na tuisceana coitinne a bhí thuas go dtí seo a shíl dá olcas mar a bhí an múinteoir gurbh ea ab fhearr a d’éireodh leis an dalta.
Is baol leis an Aire go mbainfidh torthaí an taighde seo an cloigeann den chine daonna, go háirithe an méid a chruthaigh siad thar amhras anonn gur éirigh níos fearr le daltaí a bhí éirimiúil go hacadúil seachas le daltaí nach raibh chomh hacadúil éirimiúil sin.
Suirbhé
Bhí seo ar aon dul leis an suirbhé a thaispeáin roinnt bhlianta ó shin gur ródhócha go mbainfeadh daoine a rith go tapaidh níos mó rásanna ná iad siúd a ghluais go mall.
Agus bhíomar riamh i ngalar na gcás an mbíonn níos mó scamall sa spéir nuair a bhíonn an bháisteach go trom seachas an lá a mbíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Rud amháin a chuir iontas orm féin, agus a bhain léim as múinteoirí ar fud na tíre, ná go n-éiríonn go héachtach níos fearr le daltaí sna scrúduithe Stáit nuair a dhéanann siad staidéar seachas nuair a bhíonn siad ag laingearáil timpeall ar chúinní sráide gan leabhar a oscailt ó cheann ceann na bliana.
Le tamall fada anuas ceapadh go raibh an cumas céanna ag cách agus nach raibh ann ach an córas lofa a chuir cúl orthu.
Bhí samplaí go tiubh sa bhéaloideas de dhaoine nár dhein faic a bharra, nár oscail leabhar, nár éist le hoide, nár mhúscail giob de chillín meabhrach, agus gur éirigh chomh maith céanna leo leis na sclábhaithe a chuir a mbundún amach go deireadh oíche is nach dtaobhódh cóisirí ceirtlise riamh.
Is féidir, gan amhras, go dtaispeánfadh suirbhé eile oideachais a mhalairt de thoradh an mhí seo chugainn.
Tá teipthe gan bhréig ar an gcóras oideachais trí chéile, agus ar an ardteistiméireacht go háirithe.
Ní dhéantar antrupanhúireolaithe ach de 0.003 faoin gcéad díobh siúd a thagann slán ón meaisín; ní cheannaíonn ach 0.00007 faoin gcéad riamh leabhar filíochta Béarla arís in ainneoin a mbíonn de Sylvia Platitude is de Liaimín Sráid an Átha ar Abhainn ar gach curaclam; agus má léann aon duine rud ar bith i gcló feasta is dócha gurb iad an Star agus an Sun agus Hello agus Goodboy a bheidh iontu.
Muran teip é sin, ní costas taighde go brách é.
Ní fhágann sin nach bhfuil leas le baint as taighde costasach ollúna an ESRI.
Cé a cheapfadh nach raibh buntáiste le fáil ag neacha léinn na scoileanna airgid seachas na scoileanna sin a raibh a gcom á gcrioslú go teann acu ceal gach aon rud?
Cé a shíl nár ghabh iníonacha agus mic dochtúirí le dochtúireacht, agus clann na dlí le dlíodóireacht, agus sliocht na ndugairí le dugaireacht?
Cé a cheapfadh?
Cé a cheapfadh nár vótáil feirmeoirí móra ar son Fhine Gael, daoine deasa ar son an Luch Oibre, agus cosmhuintir oráisteach Phort an Dúnáin ar son an DUP?
Ní foláir dom a rá gur bhain an ESRI geit asam cúpla bliain ó shin nuair a léirigh siad go raibh níos lú airgid ag daoine bochta, agus go raibh níos mó páistí ag teaghlaigh mhóra; ach ní raibh mé ag coinne leis na torthaí seo nach raibh imeacht ar bith i stair an domhain roimhe seo a d’ullmhaigh sinn faoina gcomhair.
Smaoinítear air le dánaíocht!
Is fearr a éiríonn ar scoil le daoine a bhfuil airgead acu seachas iad siúd atá bocht.
Tá buntáistí ag clann an tsaibhir seachas ag clann an daibhir.
Má tá airgead ag do mhuintir is ródhócha go n-éireoidh leat sa saol suas síos is aníos anuas seachas le muintir an duine atá dealbh agus ar an bhfaraoir ghéar.
Nach iontach mar fhionnachtain í!?
Dá mbeadh cúrsa ceart fealsúnachta sna scoileanna againn ní bheadh na míthuiscintí seo ann.
Go deimhin, dá mbeadh cúrsa ceart saoránachta againn ní theilgfí bruscar ar shráid.
Go dearfa, dá gcuirfí antrupanhúireolaíocht i lár an churaclaim, bheimis go léir saibhir.
Go siúireáilte, dá múinfimis an tSínis do chách bheimis ar muin an dragain órga go brách.
Go cinnte, mura múinfeadh sinn ach an eolaíocht féin ar scoil bheadh leigheas ar gach galar faoin ngealach, agus bheadh tionscal drugaí Mheiriceá go brách buíoch dínn.
Go deimhin, go dearfa, go siúireáilte, go cinnte ní chuirfí ceist ar bith cad chuige seo go léir.
Agus nach í sin aidhm an oideachais anois?
Ceist: cé a cheannóidh ceist?