Tá tú buartha faoi bhorradh Shinn Féin, an bhfuil? Tá tú buartha go gcuirfidh sé athaontú na hÉireann ar an mhéar fhada mar go gcuirfidh an borradh olc ar aontachtaithe.
Nó b’fhéidir gur tírghráthóir thú agus tá tú tógtha le borradh Shinn Féin mar go gcuirfidh sé olc ar na páirtithe eile a loic ar athaontú na hÉireann.
Ceist agam ort, cad chuige a bhfuil tú chomh héigiallta sin go gcuireann tú do mhuinín i bpolaiteoirí leis an tír a athaontú?
Cad chuige nach ndéanann tú féin é? Déan amárach é má bhíonn deis agat nó má tá tú gnóthach, fág go dtí an deireadh seachtaine é agus tabhair faoi athaontú na tíre ansin.
Ní faoi rialtas nó faoi rialtais nó faoi pháirtí ar bith é an tír a athaontú. Is fút atá sé. Is láidre do chinneadh ná polasaí ar bith.
I mbeagán focal, má tá cónaí ort i gCiarraí, tabhair cuairt ar Ghlinntí Aontroma agus beidh an tír athaontaithe agat.
Gabh go Carnlach – sráidbhaile deas ciúin – ar imeall Shruth na Maoile, ceannaigh sceallóga agus iasc, amharc anonn ar an fharraige agus abair leat féin: “Tá mé fós in Éirinn.”
Agus sin agat athaontú na tíre.
Más in Áth Luain atá tú á léamh seo, tabhair cuairt ar Dhoire.
Siúil na ballaí agus, má tá tú ag iarraidh bheith iomlatach, abair an Paidrín go ciúin i nGaeilge d’anam Lundy bhoicht.
Agus nuair a bheas na ballaí siúlta agat, amharc ar an spéir agus abair liom an bhfuil mórán difir idir í agus an spéir in Áth Luain.
Má tá cónaí ort i Sligeach, gabh a fhad le Loch nEathach, déan turas báid as baile Aontroma, amharc ar uisce an locha agus abair liom an bhfuil mórán difir idir an t-uisce sa loch sin agus an t-uisce a thiteann anuas sléibhte do dhúiche féin?
Amharc ar na páirceanna agus feicfidh tú na feirmeoirí ag baint an fhéir agus abair liom an bhfuil difear ar bith idir an féar thuaidh agus an féar thiar?
Má tá i do chónaí sa Mhí, tabhair thusa cuairt ar Shliabh Speirín agus abair liom an mothaíonn tú gur as baile atá tú, gur i dtír aineoil atá tú, nó an ionann an pocaire gaoithe os cionn shléibhte Thír Eoghain agus an pocaire gaoithe os cionn Bhrú na Bóinne?
Tabhair cuairt ar Shliabh gCuillinn in Ard Mhacha, gabh go barr an tsléibhe agus amharc ó thuaidh, ó dheas, siar agus soir agus abair liom cá bhfuil an chneá sin i gcraiceann na hÉireann ar ‘Teorainn’ í?
Abair liom cad é an chonstaic atá ann a chuireann cosc ortsa an tír seo a athaontú as do stuaim féin trí ghníomh chomh simplí a dhéanamh agus cuairt a thabhairt ar chuid sin na hÉireann nach bhfaca tú roimhe, trí labhairt le daoine go béasach?
Eagla atá ort?
Roimh bhratacha? Tuigim duit. Tuigim go maith duit. Tá mórán amadán sa Tuaisceart againn, daoine a chreideann gurbh fhearr na trí dhath atá ina mbratach féin ná na trí dhath atá i mbratach an duine eile.
Ní deirim nach bhfuil cuid acu gránna agus cé atá ag iarraidh bheith i gcuideachta daoine atá gránna?
Ach ná lig don chúram an lámh in uachtar a fháil ar an chéill nó ar an chroí.
Níl mé ag iarraidh ort bás a fháil ar son na hÉireann – b’fhearr go mbeifeá beo ar son na hÉireann – ach an bhfuil tú ag rá liom go mbeadh eagla ort an carr a thiomáint a fhad le hIúr Cinn Trá féin, go mbeadh imní ort na Beanna Boirche a shiúl, go gcuirfeadh pionta i mBéal Feirste sceon ort?
Cuir deireadh leis an chríochdheighilt – tabhair cuairt ar Éirinn!
PÓL Ó MUIRÍ