Cad í an cháil is mó atá ar an dtír seo thar lear agus i bhfad i gcéin seachas craic agus cipidiríl agus comallyezzes?
Ní móide gurb í an eolaíocht í in ainneoin go n-éiríonn go buacach le heolaithe óga na tíre i gcomórtais idirnáisiúnta; ní dócha ach an oiread gurb í an teicneolaíocht faisnéise í, mar níl aos óg na tíre sásta a bheith ina sclábhaithe allais i monarchana dúnta ar phá aráin lae mar a leagtar orthu soir; agus is deimhnitheach nach sa ghnó mór caipitilíoch is láidre sinn (in ainneoin eisceachta nó dhó), óir is sinn atá lúitéiseach os comhair trilliúnaí ar bith a bhfuil silicean ina chroí istigh nó nead phréacháin ar a chloigeann lasnairde.
Bhí aithne agam uair amháin ar dhuine a tháinig anseo ar son na haimsire. Ceart go leor, ach b’as an tSúdáin ó Dheas é, agus d’fháiltigh roimh an mbáisteach. Ach is dócha gur neach eisceachtúil a bhí ann. Ní ar son na haimsire a thriallann an domhan chun an dorais chugainn, ná ar son a bhfuil de mhonarchana áille cruachshnasta ag glioscarnach sa cheo, ná ar son scileanna síodúla ár bhfoirne sacair, fág go bhféadfadh daoine a bheith dall chomh maith.
Díoladh an tír le wbhild aitleantaic bhae agus le héinsint hucstoraic yeast le cúpla bliain anuas, agus is iad a bhí éiritheach. Níl sin go holc, agus tá go maith féin. Fair pay do chách.
Ach is é atá mar bhun urláir leis seo ar fad ná go bhfuil an tseancheirt chaite sin fós againn: an cultúr ealaíne, agus litríochta, agus ceoil, agus staire, agus seandálaíochta, agus iontais.
Ní shílfeá sin ar an ndúnmharú a dhéantar ar na hábhair sin inár gcuid scoileanna agus ollscoileanna. Ní cheapfá sin ar an ndíbirt atá déanta ar gach ruainne den chultúr agus den léann as oiliúint mhúinteoirí. Níor dhóigh leat gurb é an cultúr an chúis is mó a bhfuil eolas orainn ar fud an domhain.
Agus cad a cheapfá dá ndéarfaí leat go bhfuil leabharlanna á ndúnadh go tiubh i gceann de na contaetha is fairsinge cáil litríochta sa tír? Tá leabharlanna á ndúnadh i Sligeach! Bhí an duais Nobel sin go breá, fad a mhair, ach tá leabharlanna á ndúnadh i Sligeach.
Tagann cuairteoirí chun na háite agus chun na scoile samhraidh Yeats, agus marcaigh ag dul thar an uaigh, ach nach féidir a chuid - cibé rud é sin a scríobh sé - a léamh ar líne? Nach bhfuil taibléad ag gach dalta anois? Nach cuma leabharlanna a bheith á ndúnadh i Sligeach?
Bhí cuid de na scríbhneoirí is nótálta ar fad dar mhair riamh in Éirinn liathghlas oileánach ag fánaíocht thart ar Shligeach, nó go deimhin ina gcónaí ann. Ach ní fhágann san nach ndúnfar leabharlanna i Sligeach.
I mBaile an Mhóta Shligigh a cumadh Leabhar Bhaile an Mhóta, mar a thuigfeá. Is ann atá cuid de scéalta móra agus de stair thraidisiúnta na hÉireann a mbeimis aineolach á gceal. Is geall le leabharlann ann féin an leabhar seo. Ach fós, nach cuma, tá leabharlanna le dúnadh i Sligeach.
Agus, och, cad mar gheall ar an staraí mór Dubhaltach Mac Fhir Bhisigh agus beirt de na filí is fearr dar mhair in Éirinn riamh, Muiríoch Albanach Ó Dálaigh agus Tadhg Dall Ó hUiginn, duine de shinsir an Uachtaráin?
Ach níor bhain siad siúd riamh aon leas as leabharlanna Shligigh, dá bhrí sin, cén fáth an mbeadh aon ghá le leabharlanna inniu?
“They knocked libraries to put up a parking lot,” mar nár chan Joni Mitchell. Tar éis an tsaoil, tá gach eolas agus litríocht inghoogaláilte anois.