Cén fáth a vótáileann daoine mar a vótáileann? Gabhfaidh daoine timpeall chun do dhorais ag ligean orthu go mbaineann siad le dream éigin oibiachtúil neodrach tráchtála neamhleasmhar agus meallfaidh siad tuairim uait maidir le cad tá i gceist agat a dhéanamh in uaimh an bhotha vótála go príobháideach. Mura bhfuil acmhainn grinn agat, inseoidh tú smut beag den fhírinne leo.
An-sheans go deo gur bhain siad le ceann de na páirtithe móra polaitíochta agus má thug tú an freagra mí-cheart maidir le cén fáth nach raibh tú sásta le Samón Mac na hEaradh Ó Dónaill Ní Ghearra Halla de Mártan ní bheifear chugat arís.
Bíonn lucht áirimh mheabhrach i gcónaí ar a ndícheall ag iarraidh cúiseanna na vótála a thaighdeadh. Is beag rud is fearr chuige sin ná boscaí a thiceáil má tá tú tic go leor le foirm ticeála bhoscaí a líonadh nuair a shíntear os do chomhair é.
‘An eacnamaíocht, a éagain,’ mar a mhaígh Bill Clinton in ainneoin fhianaise an domhain mhóir gan trácht ar Thrumpa an domhain bhig a tháinig cúpla preab uachtaráin ina dhiaidh.
Is léir, áfach, nach í an eacnamaíocht an t-urchar is láidre sa ghunna nuair a bhíonn nithe eile i gceist. Agus cad is brí le heacnamaíocht ar aon tslí, óir tá ciall eile ar fad leis don tiarna tailimh ramhar seachas don tionónta nach bhfuil aige ach ón lámh go dtí an cháin nó an morgáiste? Agus níorbh í an eacnamaíocht ba mhó ba chás leis an Laitvia agus leis na tíortha Baltacha eile agus iad ag scaradh le himpireacht na Sóivéide, ná níorbh í an eacnamaíocht ba mhó a bhí ag déanamh scime do mhuintir Chéinia agus iad ag éalú ó chrúba na Breataine, agus is lándearfach nach í an eacnamaíocht is bun le hOráistigh na dtrí chontaetha thoir thuaidh cur i gcoinne aon bhaint dá laghad a bheith acu leis an gcuid eile den tír, nó den oileán, mar adeirtear anois.
Na daoine a ghabhfaidh isteach sa bhoth vótála an Déardaoin bheag seo in Cuan Bhaile Átha Cliath Theas, is cinnte nach mbeidh boscaí ticeáilte ina n-aigne acu. Beidh braistintí acu. Agus mothúcháin. Agus leaganacha amach a bhaineann le míle rud, nó ar a laghad cúpla ceann.
Bíonn na cúiseanna a vótáiltear mar seo nó mar siúd ar nós an chórais toghchánaíochta féin, an córas iontach ionadaíocht chionmhar atá againn. Bíonn rud amháin seachas a chéile in uachtar, nó níos cruinne, in íochtar na haigne ag duine.
Bainfidh go leor de na cúiseanna seo le haicme. Óir, cad ar a shon a dtabharfaí guth do dhuine ar mhaith leis cíos a chur ar do bhláthanna nó ar radharc deas na farraige?
Agus tá daoine a vótáilfidh do FFFG ar mhaithe le seanaigne i gcónaí, fág go bhfuil sin ag dul i laghad. Daoine eile a vótáilfidh ar son FGFF nó Muinn Féin ar son dílseachta clainne nó rud éigin dá shamhail, agus daoine eile fós a chaithfidh guth ar son an Luch Oibre toisc nár mhaith leo go salófaí a n-intinn leis an gcogadh cathardha nó lena iarmhairt agus toisc go raibh siad ina sóisialaigh tráth nuair a bhí sin faiseanta agus iad óg.
Gan trácht ar an iarratasóir gur gean leat a fheisteas nó a guth nó a shmut ar an bpóstaer nó go bhfuair sí fábhar éigin a bhí ag dul duit nó nach ndúirt sé rud éigin buile nó a labhair leat go sibhialta ag an ollstóras nó nár chnag ar an doras nó go raibh aithne ag d’iníon air nó fiacla deasa, nó blas cainte, nó stíl gruaige, nó míle fáth nach eol duit féin agus tú ag scríobadh ar an bpáipéar ballóide sin.