Úrscéalaí umhal

‘Tá pobal léitheoireachta Gaeilge ann. Pobal éagsúil, léannta’

Ní bhíonn Liam Mac Cóil iomlán sásta le haon cheann dá leathdosaen úrscéalta. Scaoileann sé leo mar go dtuigeann sé nach mbeadh mórán foilsithe aige dá bhfanfadh sé á snasú de shíor.

Le blianta beaga anuas tá tús curtha aige le sraith úrscéalta staire suite i saol corrach na hÉireann agus na hEorpa ag tús an 17ú haois nuair a bhí cogaí creidimh faoi lán tseoil.

Tá Liam ar dhuine den bheagán scríbhneoirí Gaeilge a rinne iarracht a bheith beo ar a chuid scríbhneoireachta.

Admhaíonn sé go raibh sé dodhéanta maireachtáil ar scríbhneoireacht chruthaíoch na Gaeilge amháin.

READ MORE

“Ach, caithfidh mé a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta le pobal léitheoireachta na Gaeilge. Tá siad géar, tuisceanach agus tar éis a bheith thar a bheith deas liomsa,” a deir an Baile Átha Cliathach seo a bhailigh leis go Ráth Cairn na Mí blianta maithe ó shin: “Tá pobal léitheoireachta Gaeilge ann. Pobal éagsúil, léannta agus tá an-sásamh le baint as sin, go bhfuil daoine ann nach gá dóibh do shaothar a léamh ach a léann é mar sin féin.”

Ar feadh i bhfad bhíodh Liam ag post-roinnt le hairgead a shaothrú agus ag scríobh leis leath den am.

Ach ba ghá obair aistriúcháin a dhéanamh agus dul sa tóir ar sparánachtaí.

Ansin chuaigh sé ar scor luath agus bhí a bhean Mína ag obair agus pinsean beag aige féin a thug saoirse áirithe dó.

Mar sin féin, bhí sé ag brath cuid mhór ar ghiotaí oibre thall is abhus, ag tabhairt ranganna san aistriúchán agus sa Ghaeilge ar an tríú leibhéal.

Bhí aistriúchán proifisiúnta á dhéanamh aige don státseirbhís – “sclábhaíocht uafásach. Anois tá mé in ann díriú go hiomlán ar an scríobh dá dteastódh uaim ach, go híorónach, an uair a bhí mé in ann ag sé uair an chloig scríbhneoireachta agus sult a bhaint as, ní raibh an t-am agam.

“Anois, nuair atá an t-am agam, ar éigean go bhfuil mé in ann do níos mó ná ceithre uair an chloig scríbhneoireachta in aghaidh an lae.”

Thosaigh Liam ag cur spéise sa litríocht go hóg agus luann sé cóip de Early Irish History and Mythology le hEoin Mac Néill a tugadh dó nuair a bhí sé 15 bliain d'aois.

“B’iontach an leabhar é,” dar leis mar gur chuir sé saibhreas na litríochta Gaeilge ar a shúile dó.

“Bhí spéis agam riamh sa stair agus b’fhéidir gur locht orm é agus locht ar chuid mhaith daoine in Éirinn go bhféachann muid le míniú a fháil ar rudaí sa stair,” a deir sé.

“Tá spéis agam i míniú na staire. Cén fáth gur tharla seo nó nár tharla sin. Tá mínithe eile ann, eacnamúil, sóisialta agus síceolaíochtúil ach, domsa, tá míniú na staire iomlán agus spéisiúil mar go mbíonn iliomad cúiseanna le rudaí.”

Sna leabhair is deireanaí uaidh, An Litir agus I dTír Strainséartha, insíonn Mac Cóil scéal eachtraíochta faoi stócach a leagtar dualgas air litir a iompar ó Ghaillimh go dtí an Róimh agus í a chur i lámha Uí Néill atá ansin le taoisigh Ghaelacha eile, ag lorg tacaíochta ó na cumhachtaí móra Caitliceacha le troid a chur ar Shasana. Tugann sin ardán leathan don údar in Éirinn agus thar lear.

Is léir gur bhain sé sásamh iontach as a chuid taighde, idir léirscáileanna ársa i leabharlanna, taighde le Nollaig Ó Muiríle agus Mícheál Mac Craith agus spáisteoireacht pháirce ar shráideanna stairiúla Shasana le fíricí na staire a bheith cruinncheart aige.

“B’fhéidir gur shíl mé go raibh mionsonraí na tréimhse ar eolas agam ach theastaigh uaim an taighde a dhéanamh,” a deir sé. “Is cuid den inspioráid ar bhealach é a dhéanann an scríobh níos éascaí. Léann tú bunfhoinsí agus cuireann tú aithne ar dhaoine agus ar shuíomhanna agus ar rudaí eile”.

"Ach is crá croí é freisin," a admhaíonn sé. "Shíl mise go raibh gloine i bhfuinneoga riamh ach níor tháinig siad isteach go coitianta i dtithe san Eoraip go dtí lár an 17ú haois. Maidir le I dTír Strainsearha, bhí orm dul timpeall ar na tithe agus an ghloine a bhaint amach as na fuinneoga agus comhlaí a chur isteach!"

Admhaíonn sé tionchar áirithe ó leithéidí Alexander Dumas agus Arturo Pérez-Reverte ina shraith eachtraíochta ach, taobh istigh den seánra spórtúil seo, tá súil aige go bhfuil ceisteanna spéisiúla stairiúla agus daonna á gcíoradh aige.

Thóg an chéad leabhar Lúcás Ó Briain slán ón namhaid i gcathair na Gaillimhe agus d’iompair an dara leabhar trasna na farraige go Bristó é agus géarleanúint air go cósta dheisceart Shasana.

Is dóigh liom féin go bhfuil gach cuma ar an scéal go leanfaidh Lúcás (agus Liam Mac Cóil) an cosán céanna a thóg na taoisigh Ghaelacha chun na Róimhe.

Más ea, is beag an baol go gcríochnóidh trí leabhar an scéal a chuir sé roimhe a insint. Tógfaidh sé tamall air.

“Dar liom go bhfuil sé ar cheann de na rudaí is deacra a bheith ag scríobh. Ach tá sásamh ag baint leis an uair annamh a n-éiríonn leat,” a mhaíonn sé do léitheoirí mífhoighneacha.

"Domsa, ní sa scríobh atá an obair ach san athscríobh. Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil Darach Ó Scolaí mar eagarthóir agam. Murach an chomhairle a fuair mé ó Dharach, bheadh An Litir i bhfad níos measa ná mar atá!"

Tá dréacht den tríú leabhar sa tsraith seo idir lámha faoi láthair agus léitheoirí ag dréim leis, pé áit a gcríochnóidh sé.