Tá Yeats 150 de bhlianta d’aois, móide aon cheann déag de laethanta inniu. Is maith mar a sheas an t-am dó, rud nárbh fhíor, abraimis, do Thomas Moore a raibh cáil mhór air lena linn is ina dhiaidh.
Is é Yeats atá ar na póstaeir, ar na bróisiúir, ar na céadta míle fáilte, agus is é a bhíodh ar na nótaí móra airgid go dtí gur malartaíodh é ar dhroichid, ar stuanna, ar áirsí leamha Eorpacha mar shamhail den saol.
File mór mór mór de chuid an domhain, file mór mór de chuid na hÉireann, agus file mór Shligigh é gan bhréig ar bith. Is beag duine againn nach raibh faoi dhraíocht ag línte áirithe dá chuid. Cé eile a chumfadh na “silver apples of the moon/ the golden apples of the sun”? Chuirfeadh briocht ort ionas go léimfeá d’fhonn snap a bhaint astu laistiar de na scamaill os cionn Chnoc na Rí. Bhain idir áilleacht agus asarlaíocht leis na frásaí ab fhearr más beo duit in aon chor ar an taobh thall den leamhas.
Thit mise i ngrá le Yeats nuair a bhíos i rang na hArdteistiméireachta. Is cuimhin liom go maith é. Bhí scata againn ag ullmhú don scrúdú cinniúnach sin agus chuamar chun deireadh seachtaine a chaitheamh i mbothán saoire i gcuan Chorcaí. Níor deineadh mórán oibre, ach nuair a bhí gasra amuigh ar an hóróbogliomaí d’fhanas istigh ag léamh Yeats, liom féin, go huaigneach. Ba chuma nó druga é idir fhocail agus shamhailteanna sa leabhar úr maighdeanúil a bhfuil a bholadh im pholláirí fós.
Ach fós. Ach fós.
Má bhí mo chloigeann ina ré roilleacáin agus mo shamhlaíocht ina bulla báisín bhí smut beag díom nár ghéill don ghabh-i-leith. Níor mhair an grá ach ar feadh an deireadh seachtaine sin amháin. Bhí rud éigin dom choinneáil siar. Rud éigin nár thuigeas san am. Braistint a chuaigh siar síos isteach ionam is a lonnaigh ina cnap nach bhféadfainn a chaitheamh le haer.
Bhraitheas go raibh cuid mhór de nár bhain liom. Níor díom ná dem shórt é in ainneoin na draíochta.
B’fhéidir gur bhain leis an aicme ar de é, lena chuid gothaí feistis mar fhile, lena ghlór poimpéiseach, lena cheangal le túir agus le tithe móra, agus gan amhras, lena thamall leannánachta le faisisteachas na Léinte Gorma. Ní féidir i gcónaí tuairimí polaitiúla agus seasamh aicme an scríbhneora a dheighilt ón ealaín, mar is den daonnacht iad araon.
Ní féidir liomsa Kipling a léamh gan an gác aníos a theacht orm; mar a chéile le Louis-Ferdinand Céline; conas ab fhéidir aon ghéilleadh a thabhairt do Spenser agus é ag moladh sinn a dhíothú mar chine?
Ina dhiaidh sin, ní shílim gurb iad san ar fad a thug orm bearna agus clais a choinneáil idir mé agus Yeats. Sílim gurb é Red Hanrahan's Song about Ireland a mhúscail mé.
Is ea, tá línte ann a ghabhann go smior le hiontas; ach thachtaigh rud éigin im scornach nuair a léigh mé mar gheall ar ‘Clooth-na-Bare’.
Níl a fhios agam cén fáth go díreach, ach cad é in ainm na ndéithe agus na sprideanna a ghlaoigh sé aníos as Anima Mundi é, nó í, nó iad, ‘Clooth-na-Bare’?
Smaoinigh mé ar ‘clúid’ a chuireann tú ar thóin linbh, agus b’fhearr gan ‘bare’ a chiallú ar an gcuma chéanna.
Bhíos i láthair soidealachta. Agus ní soidealacht í an fhilíocht ach a malairt ghlan.
Níorbh é Yeats é féin faoi ndeara an dara cor ina choinne. B’é Sligeach é. Is cuma nó cnámh sa scóig dom go dtabharfaí ‘Yeats County’ ar Shligeach.
Is fearr go mór an t-éileamh atá ag Muiríoch Ó Dálaigh nó Tadhg Dall ar a bheith ina bhfilí Shligigh, ach cé sinne in aghaidh an aineolais?
Gach seans go bhfaca WB níos mó síóga ar na sléibhte ná peileadóirí ar an mbán.
Deir cara matamaiticeora liom nár chaith sé ach tuairim is 0.05 faoin gcéad dá shaol sa chontae, ach deir daoine eile go bhfuil áireamh na sums sin áibhéileach.
Áiteofar go bhfuil sé curtha i nDroim Cliabh sínte go sámh fad is atá na marcaigh ag dul thar bráid. Níl an méid sin cinnte ach oiread.
Cuireadh é i reilig ar chiumhais na farraige in Cap Martin i ndeisceart na Fraince ar thairseach ar chogaidh. Ach, de dhealramh, déanadh suathadh éigin sna huaigheanna sa tslí is gur cumascadh coirp fuis fais a chéile.
Dá réir sin, ráineodh go bhfuil cnámh na huillinne ann ceart go leor, agus cnámh an mhurnáin, agus cá bhfios, an chnámh droma féin?
Ach cnámh an bhrollaigh, nó cnámh an chromáin, gan trácht ar an gcloigeann maorga féin, b’fhéidir gurb ag na Francaigh fós atá.
Pé áit a bhfuil Yeats, áfach, tá a chuid focal againn i gcónaí; ach má tá file ‘náisiúnta’ uainn, cad déarfá le Dáibhí Ó Bruadair?