“Tá sé i bhfad níos scanrúla a bheith ag canadh i seomra chomh beag leis seo!” a deir Nell Mescal le gáire agus í suite in oifig Warner Music Ireland os comhair slua beag éisteoirí agus iriseoirí. “Is maith liom teagmháil súil a dhéanamh le daoine, ach táim buartha go bhfuil sé sin iomarcach anseo!” Tá an t-amhránaí óg i lár chathair Bhaile Átha Cliath lena EP nua The Closest We’ll Get a sheoladh roimh di tabhairt faoi chamchuairt Éireannach an tseachtain seo chugainn.
Níl gíog ná míog ón lucht féachana agus í ag roinnt amhráin acústacha leo ón gcnuasach nuasheolta a bhaineann le caidreamh rúnda, mothúcháin faoi cheilt, cairdeas a chur sa mbearna bhaoil, agus an fás a thagann le cinneadh deacair saoil a dhéanamh. Míníonn sí chuile amhrán go hionraic, is léir go bhfuil sí sásta a bheith oscailte maidir leis an ábhar faoina mbíonn sí ag ceol. Tá glór binn glé aici a líonann an seomra. Tá doimhneacht sna nótaí ísle, agus sroicheann sí buaicphointí lena nótaí arda a spreagann baill den lucht éisteachta osna a scaoileadh.

Tugann sí am agus aird do chuile dhuine a sheasann i scuaine le pictiúr a fháil di, ach is léir a faoiseamh nuair a bhíonn an slua imithe agus an seomra ciúin dár gcomhrá. “Tá faoiseamh orm, i ndáiríre! Mhothaigh sé sin ar nós seisiún teaghlaigh,” a deir sí le meangadh gealgháireach, slisín pizza ina ghlac aici, “ach is fuath liom karaoke fiú, bíonn an iomarca brú i gceist!”
Níl Nell ach 22 bliain ar an saol, ach is léir a huaillmhian. Thaisteal sí go Meiriceá leis an dara EP seo a thaifeadadh le Philip Weinrob, éacht nach ndéanann sí beag is fiú de. Labhraíonn sí go hoscailte faoina bheith ag caoineadh ar leaindeáil di sa stiúideo le teann áthais agus sceitimíní faoin deis a cuireadh roimpi. Is léir fós gur ag fás agus ag foghlaim atá sí áfach. Phléigh a céad chúpla eisiúint le bogadh go tír nua, saol gairmiúil a thosú, agus áit a aimsiú sa saol. An uair seo is ag foghlaim faoi chúrsaí grá atá sí.
READ MORE
“Gach amhrán ar an EP, is moment a bhí ann a lig dom smaoineamh faoin rud a bhí théis tarlú ar bhealach difriúil. Maidir le Sweet Relief, b’shin nóiméad inar thuig mé go raibh ‘clabhsúr’ roghnaithe agam, fiú má bhí níos mó uaim ón gcaidreamh. Ba dheacair cairdeas a roghnú seachas caidreamh, ach táim sásta gur mar sin a tharla sé.”
Ach is féidir liom a admháil anois do chairde agus do mo theaghlach go raibh na mothúcháin seo agam do dhuine. Mhothaigh sé ar nós rúin roimhe sin.
Téama uilíoch, más maith nó olc é, an ‘situationship’ i saol geandála an lae inniu: caidreamh nach caidreamh é, ina mbíonn súilíochtaí agus mothúcháin i gceist, gan aon chinnteacht ná cumarsáid cheart. Is cosúil go bhfuil ciall cheannaithe ag Nell sa réimse sin anois áfach. “Bíonn leabhrán agam agus mé ar camchuairt, ina scríobhann daoine ‘manifestations’. Lorg duine amháin comhairle uaim maidir le ‘situationship’ ann. Is mise an duine deireanach leis an gcomhairle sin a chur ar éinne, a dúirt mé léi! Ach an rud atá ann ná gur gá duit tú féin a roghnú, gach uile uair. Is fuath liom an focal ‘situationship’, ach ní caidrimh iad, agus is gá duit oibriú amach céard é atá uait ón duine sin. Ní bhíonn sé mícheart riamh tú féin a roghnú.”
Tá leochaileacht agus ionracas le cloisteáil ní hamháin sna hamhráin ach sa chaoi mhacánta a labhraíonn Nell faoi. “Tá sé scanrúil. Tá sé ar an rud is scanrúla is féidir a dhéanamh. Ach is féidir liom a admháil anois do chairde agus do mo theaghlach go raibh na mothúcháin seo agam do dhuine. Mhothaigh sé ar nós rúin roimhe sin.”
Agus an bhfuil a fhios ag an duine faoinar scríobhadh na hamhráin seo gur ábhar amhrán anois a gcaidreamh rúnda? “Mura bhfuil a fhios acu, tá rud éigin mícheart! Tá rud éigin craiceáilte ag dul ar aghaidh - nó bheadh cuma chraiceáilte ormsa! Bhí an rud ar fad craiceáilte, agus bhí an milleán sin orainn beirt. Ach ceapaim, má tá siad ar an eolas - nó fiú mura bhfuil! - gur cairde muid, agus go mb’fhéidir i gceann fiche bliain go ndéarfaimid ‘hé, an cuimhin leat nuair a tharla an rud greannmhar sin?’”
Rún beag eile ná gur fhreastail Nell ar Ghaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad. Fiafraím di cén tionchar a imríonn sé sin uirthi anois, agus lasann a súile nuair a thugtar deis di iompú ar an nGaeilge: “Bím i gcónaí ag scríobh as Gaeilge agus mé i Maigh Nuad. Mothaím níos líofa agus mé sa bhaile. Ach tá sé deacair. Níl mé cinnte cén fáth. Ceapaim go ndéanaim iarracht a bheith ró-álainn agus mé ag scríobh as Gaeilge mar go bhfuil sí chomh hálainn sin mar theanga. An banna is fearr liom ná The Gloaming. Táim gafa leo. B’fhéidir go ndéanfainn rud éigin mar sin amach anseo, ceapaim go mbeadh níos mó spáis uaim as Gaeilge ná mar a bhíonn agam sa Bhéarla. Mar sin níor tharla sé fós… ach ceapaim nuair a bheidh an t-am ceart go mbeidh a fhios agam.”













