Bhíos san Afraic Theas an tseachtain seo caite ag tuairisciú ón gcomhdháil G20 agus ina dhiaidh sin thaistil mé go Luanda in Angóla i gcomhair an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach.
Rinneadh roinnt clamhsán sna meáin agus i measc pholaiteoirí an fhreasúra go raibh an Taoiseach ag caitheamh an iomarca ama thar lear. Tá 20 turas déanta aige i mbliana.
Tá príomh-aire na Breataine, Keir Starmer, ag teacht faoi bhrú mór ó fheisirí óna pháirtí féin. Tá siadsan ag casaoid go bhfuil seisean thar lear níos minice ná mar atá sé in Westminster. An líomhain ná go bhfuil sé ag éalú thar lear chun a dhualgais rialtais agus pharlaiminte a sheachaint.
Nuair a thosaigh daoine ag comhaireamh na dturas, fuarthas amach go raibh turas amháin breise tógtha ag an Taoiseach i mbliana - 20 san iomlán i gcomparáid leis na 19 dturas atá déanta ag Starmer.
READ MORE
Ach tá difríocht mhór idir an bheirt acu – is é sin ná nach bhfuil an drochbhail pholaitiúil chéanna ar Martin is atá ar Starmer. Níl mé ag rá go bhfuil sé ar mhuin na muice, nó nach bhfuil sé faoi bhrú, ach ní brú marfach atá i gceist. Cé go bhfuil ceisteanna á gcur faoin bpraiseach a rinne ceannaireacht Fhianna Fáil den fheachtas uachtaránachta, ní chiallaíonn sé go bhfeicfimid dúshlán ceannaireachta óna chúlbhinseoirí.
D’fhéadfadh an Afraic a bheith ar cheann de na réigiúin is saibhre ar domhan le linn an chéid seo…
Ar aon dóigh, chosain an Taoiseach na cuairteanna ar an gcoigríoch atá tugtha aige i mbliana agus mhaígh sé chomh maith nach raibh ciall ná réasún ag baint leis na gearáin. In éineacht leis sin, níl aon ainm á lua atá chun dúshlán a cheannaireachta a thabhairt sa ghearrthéarma.
Bhí mórán céille leis an méid a dúirt an Taoiseach ina fhreagra agus bhí beagáinín den chantal le brath ina ghuth.
“Glacann formhór na ndaoine in Éirinn leis go caithfidh ceannaire na tíre dul i ngleic le cúrsaí go idirnáisiúnta,” a dúirt sé.
Luaigh sé na taraifí a chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, i bhfeidhm i mbliana. “Ba é sin an chéad ghéarchéim a raibh orainn déileáil leis,” a dúirt sé, ag rá gur shocraigh an Rialtas ar mhargaí nua a chuardach ar fud an domhain. An toradh a bhí ar an bpolasaí sin ná nach raibh an dara rogha ag Airí sinsearacha ach taisteal chuig na tíortha sin ar thurais trádála, mar a tharla i gcás na Seapáine le linn an tsamhraidh.
“Sin an fáth a bhfuil caidreamh idirnáisiúnta tábhachtach, in ainm Dé!” a dúirt sé.
“An gcreideann daoine i ndáiríre go mbeadh muid níos fearr as ag dul ar ais go staid ina mbeadh muid scoite amach ón domhan?”
Dúirt sé go raibh an díospóireacht amaideach agus áiféiseach.
De na turais atá déanta aige i mbliana, bhí 12 cheann acu bainteach leis an Aontas Eorpach. Thug sé cuairt ar an Ríocht Aontaithe faoi dhó. D’fhreastail sé ar na Náisiúin Aontaithe in Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair agus tháinig turas go Ceanada sna sála air sin. Níos luaithe i mí na Samhna thaistil sé go dtí an Bhrasaíl.
“An bhfuil daoine ag maíomh nár chóir dom freastal ar COP?” a d’fhiafraigh sé.
“Má tá daoine ag iarradh [a rá] go mba chóir dúinn a bheith scoite amach, is éard a tharlóidh ná go mbeidh an tír beo bocht,” a dúirt sé.
B’fhéidir gur sampla maith den seasamh sin ná an cinneadh a rinne Trump baghcat a dhéanamh ar an G20. Líomhaintí gan bhunús a bhí aige, á rá, gan aon fhianaise, go raibh daoine bána san Afraic Theas á gcur faoi chois agus á marú.
Ba shuarach an cinneadh é sin ó Uachtarán nach gcreideann i rialacha agus i gcaidreamh láidir idirnáisiúnta.
Agus ba mhór an trua é chomh maith mar go raibh suntas nach beag ag baint le G20 na bliana seo. Is cruinniú é ina dtagann an 20 tír is cumhachtaí ar domhan le chéile chun teacht ar shlite chun níos mó comhoibrithe a dhéanamh.
An rud suntasach faoi chomhdháil na bliana seo ná gurb é an chéad cheann riamh san Afraic é. Caithfidh mé a rá go ndearna Uachtarán na hAfraice Theas, Cyril Ramaphosa, argóint chumhachtach chun cúrsaí gnó domhanda a ‘chothromú’ i bhfabhar na hAfraice.
Suas le 40 faoin gcéad de dhaonra na mór-roinne, níl fáil ar bith acu ar aibhléis. Chomh maith leis sin, tá a lán tíortha atá ag fulaingt de bharr easpa uisce glan.
D’fhéadfadh an Afraic a bheith ar cheann de na réigiúin is saibhre ar domhan le linn an chéid seo - go háirithe mar gheall ar na mianraí tábhachtacha agus acmhainní luachmhara atá ag an ilchríoch.
Ach tá an Eoraip ag titim chun deiridh ar an tSín agus ar an Rúis. Bhí polasaithe ag an dá mhórchumhacht sin tairbhe a bhaint as an Afraic le tríocha bliana anuas. Chuireadar a lán airgid isteach i mbóithre agus in infreastruchtúr agus fuaireadar cearta chomh maith maidir le mianraí agus le hacmhainní nádúrtha.
Anois, tá an tSín go háirithe ag cur srianta ar roinnt mianraí, rud atá ina bhac ar fhorbairt na teicneolaíochta san Iarthar ós rud é go n-úsáidtear na mianraí seo - cóbalt ina measc - mar chuid den teicneolaíocht i dteileafóin shoghluaiste, mar shampla.
In ainneoin sheasamh diúltach an Uachtaráin Trump, bhí Ramaphosa diongbháilte ar a theachtaireacht láidir a chur faoi bhráid an domhain mhóir. Dúirt sé go raibh géarghá le cothromas idir tíortha, go raibh sé de dhualgas ar an domhan bochtanas a laghdú san aimsir atá romhainn agus go raibh gníomh ag teastáil go práinneach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
An bhfeicfidh muid iad sin mar thoradh ar an G20? Diabhal seans. Ach caithfidh mé a rá go bhfuilim ar aon intinn leis an Taoiseach ar an gceist seo. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh Éire i láthair ag na hócáidí seo.
Foclóir: clamhsán = complaint
an iomarca = too much
ag comhaireamh = counting
drochbhail = poor condition
baghcat = boycott
tairbhe = benefit
teileafóin shoghluaiste = mobile phones
práinneach = urgent












