An soiscéal á scaipeadh i gCathair na nAingeal

Is Uachtarán ar Chraobh Chonradh na Gaeilge in Los Angeles é Arge O’Neal. Labhair sé le Michelle Nic Pháidín.

Arge O'Neal lasmuigh de Arás na nGael ar Shráid Dhoiminic Íochtarach, i gCathair na Gaillimhe. Grianghraf: Joe O'Shaughnessy/The Irish Times
Arge O'Neal lasmuigh de Arás na nGael ar Shráid Dhoiminic Íochtarach, i gCathair na Gaillimhe. Grianghraf: Joe O'Shaughnessy/The Irish Times

Tá Craobh Chonradh na Gaeilge in Los Angeles na Stát Aontaithe níos gníomhaí agus níos láidre ná mar a bhí riamh, dar le hUachtarán na craoibhe, Arge O’Neal.

Bíonn ranganna Gaeilge, club leabhar agus ciorcail chomhrá á reáchtáil acu seacht lá na seachtaine agus is as achan choirnéal den domhan na daoine a fhreastalaíonn ar na himeachtaí.

D’ainneoin gur chuir an phaindéim bac le cuid mhór ócáidí agus clubanna, ghríosaigh sé agus chuir sé faobhar le hobair na craoibhe: “Tháinig a lán athruithe ar ár gcraobh féin, Craobh Chathair na nAingeal, i rith na paindéime,” arsa Arge.

“Nuair a tháinig an phaindéim, bhog muid achan rud ar líne, agus den chuid is mó déanann muid ár ngnaithe trí Zoom anois. Roimh Covid, chasadh muid le chéile fá choinne céilí go mion minic, tá a lán suime ag daoine anseo i rince seit ach, ar an drochuair, ní dhearna muid céilí ar bith ó shin. Ach in ainneoin na deacrachta sin, tá muid ag dul ó neart go neart ar líne. Tá muid i dteagmháil leis an Ghaeilge níos minice ná mar a bhí roimh an phaindéim. Den chuid is mó tá ár gcraobh níos láidre ná mar a bhí.”

Tá foireann fhuinniúil ag an chraobh fá láthair agus neart oibre idir lámha acu i dtaca leis an teanga agus imeachtaí a bhaineann léi.

“Ag an am seo, is í Caitríona Weafer atá ina leasuachtarán ar ár gcraobh. Is as an Mhuileann gCearr í ó dhúchas. Tá sí ina cónaí in Westlake Village, ar imeall chontae Chathair na nAingeal, le blianta anois,” a mhínigh Arge.

“Tá sí fíordhíograiseach i dtaca le cúrsaí Gaeilge. Bhí sí ar bhaill bhunaidh na craoibhe, in éineacht le Ramona Reeves agus liom féin, in 2014.”

Is cisteoir craoibhe Ramona fá láthair agus í tiomanta don obair a théann leis. Tá Ian Carroll ag obair leo anois chomh maith agus é ina rúnaí ar an chraobh. Is Meiriceánach é Ian ach ba as Éirinn a athair agus is ann a rugadh agus tógadh Ian féin. D’fhreastail sé ar scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus é ag éirí aníos.

Tá pobal dílis de thart ar scór duine a fhreastalaíonn ar na himeachtaí uilig sa cheantar, ócáidí ar nós Pop-up Gaeltachtaí, Deireadh Seachtainí Gaeltachtaí, Seachtain na Gaeilge agus a leithéidí.

Is eagarthóir teilifíse agus guthóir é Arge agus mar sin ní hiontas ar bith go dtagann an chraobh le chéile fosta nuair atá na Oscars agus na Emmys ar siúl sa chathair…

“Tá daoine anseo i gCathair na nAingeal a bhfuil suim mhór acu sa Ghaeilge,” arsa Arge. “Ina measc tá daoine as Éirinn atá ina gcónaí anseo anois agus cumha orthu i ndiaidh a gcultúir féin. Tá suim mhór acu casadh le chéile san fhíorshaol, mar a déarfá. Dá thairbhe sin, déanann muid ár ndícheall cúpla pop-ups a dhéanamh, ar a laghad, le linn na bliana.

“An fhadhb is mó atá againn anseo ná go bhfuil an chathair chomh fairsing agus an trácht chomh huafásach go bhfuil sé doiligh uaireanta a shocrú le teacht le chéile san fhíorshaol.

“Tá an trácht damanta - thiocfadh leat a bheith ar an bhealach dhá uair go leith agus gan ach deich mhíle tiomáinte agat.”

Ba mhaith le Arge go dtiocfadh siad le chéile amach anseo agus díriú ar chúrsaí damhsa nó bhí ráchairt mhór ar ranganna rince roimhe an phaindéim.

Tá a chroí sa teanga ag Arge agus ceangal na gcéadta bliain aige léi, cé nár chónaigh sé ariamh in Éirinn.

Bhí Arge sa tír seo ar na mallaibh agus é ar oilithreacht teanga - turas a thug trasna na tíre é. Fhad agus a bhí sé in Éirinn bhí sé ag foghlaim faoin nasc atá aige agus ag a theaghlach le hÉirinn.

Go dtí le gairid, bhí Arge den bharúil gurbh as Tír Eoghain a shíolraigh a shinsir ach, trí thaighde, tháinig sé chun solais gurbh as Caisleán Éadan Dúcharraige, i gContae Aontroma, a tháinig glúin den teaghlach.

“Duine de mo shinsir, John O’Neal, throid seisean taobh le Washington i gCogadh Réabhlóide Mheiriceá. Rugadh é in 1760. Sa cháipéis sin, chonaic muid gur rugadh a athair John Constantine in 1710. Athair Chonstantine, Brian Ó Néill, tháinig seisean go Meiriceá in 1700, tús na ré nua,” a dúirt sé.

D’athraigh Brian Ó Néill a shloinne go O’Neal de bharr go raibh na Sasanaigh sa tóir air.

Tá cuimhne go fóill ag Arge ar a shin-seanathair, Clyde O’Neal, a bhí ina chónaí in Indiana ag rá na paidre, an tÁr nAthair, agus ag úsáid nathanna Gaeilge fán teach agus é ina thachrán ag éisteacht leis. Bhí scéalta aige chomh maith fá stair na hÉireann agus roinn sé iad go fial le Arge.

“Bhí giota beag Gaeilge aige go fóill agus sin níos mó ná dhá chéad bliain i ndiaidh do Bhrian theacht go Meiriceá,” ar seisean.

Chonaic Arge an meas agus an luach a bhí ag a shin-seanathair ar an Ghaeilge agus chuaigh sin i bhfeidhm go mór air.

Thosaigh Arge ag foghlaim na Gaeilge i ndáiríre in 2007. Cheannaigh a bhean chéile, Elisabeth Bentley, bronntanas dó le theacht go hÉirinn lena chlann agus freastal ar chúrsa a bhí faoi stiúir Noel Johnny Sheáin Uí Ghallachóir i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Chaith siad seachtain ag tabhairt faoin chúrsa sa scoil: “Bhí sé dochreidte maith, thiocfadh linn dul chuig na ranganna agus na páistí dul chuig ranganna eile agus teacht le chéile san oíche.”

Tá beirt mhac ag Arge agus tá ardmheas ag a pháistí, Isaiah agus Robert, ar an teanga chomh maith.

Cé nach dtagann Arge go hÉirinn chomh minic agus ba mhaith leis, déanann sé an oiread agus a thig leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh ina shaol i gCathair na nAingeal.

Is eagarthóir teilifíse agus guthóir é Arge agus mar sin ní hiontas ar bith go dtagann an chraobh le chéile fosta nuair atá na Oscars agus na Emmys ar siúl sa chathair, go háirithe nuair a bhíonn baint acu le saol na Gaeilge nó saol na hÉireann.

Ceann de na rudaí is ansa le Arge faoi chultúr na hÉireann ná an scríbhneoireacht. Tá ciorcal léitheoireachta acu i Meiriceá agus bíonn siad ag léamh leabhair i nGaeilge i rith an ama. Tá suim faoi leith acu i saothair atá scríofa i gcanúintí na gceantar Gaeltachta éagsúil.

Agus é in Éirinn, déanann Arge cuairt a thabhairt ar na hoileáin amach ón chósta chomh maith leis na Gaeltachtaí uilig.

Tá suim ag Arge sa damhsa agus sa cheol agus nuair a tháinig sé ar cuairt go Dún na nGall, bhí deis aige dul go Teach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair: “Bhí sé amhail agus go dtáinig méar Dé anuas ón spéir agus gur chuir sé an ceol ar siúl. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a thosaíonn daoine ag ceol le ceoltóirí eile i dtithe tábhairne. Bhí sé ar fheabhas, bhí sé dochreidte. Ní fheicim sin ar chor ar bith i Meiriceá.”

Chaith Arge roinnt ama chomh maith i nGaillimh sula ndeachaigh sé ar ais arís go Cathair na nAingeal i mí Iúil le leanúint leis an obair thábhachtach atá á déanamh aige maidir le cultúr agus teanga na nGael a chur chun cinn ar chósta thiar na Stát Aontaithe.

Foclóir:

Fíordhíograiseach - truly dedicated/enthusiastic

oilithreacht - pilgrimage

tachrán - young child/toddler

nathanna - phrases/expressions

dochreidte - incredible/unbelievable

fairsing - vast/extensive

gliondar - joy/delight