Alan Titley/Crobhingne: Chuala den chéad uair an lá cheana é. An gheonaíl chancarach chiníoch is dual dá lán. "Cén fáth nach dtabharfaimis aire dár muintir féin ar dtús?
"Cad ar a shon an tarrtháil ar dhaoine dúchraicneacha amuigh ansin i dtíortha nach bhfeadair aon duine, fad is atá bochtáin dár gcuid féin againn féin féinig féineach muidféinmhearach sinnféiniúil?"
Dá scriosfaí an domhan uile go léir agus an chruinne lasmuigh dínn bheadh an cúngán caolaigeantach ag áiteamh go haireach micil mac dubhghalrach gur cheart dúinn díriú ar ár gcuid dreancaidí féin ar dtús.
Is gile, agus dá réir sin, is binne ár gcuid craicinn féin ná gach aon duine eile ar chlár iomlatúil contúirteach scáth-a-chéile an phlainéid íogair shoghonta fhéileacánaigh seo.
Is fíor gur carthanúla seachas cách sinn, a bheag nó a mhór. Go bhfeicimid an pictiúr ar an scáileán, go ngabhann an íomhá go smior, go sonann an caoineadh ar ár gcluais.
Is fíor go dtálaimid as ár gcuid pócaí fada domhaine saibhre oiread is a chabhraíonn le fuílleach an áir is a chuireann ceirín le coinsias thall is abhus.
Ní chloisfear choíche ach cuid an bheagáin de scéalta na tubaiste a bhuail an Áis agus oirthear na hAfraice Lá 'le Stiofáin.
Mún dreoilín san fharraige chiúin ba ea bailte báite na hÉireann i rith an tsamhraidh seo caite suas is anuas leis.
Níl aon cheacht le foghlaim as tubaist na hÁise; nó is é a fhad is a ghiorracht, an ceacht atá le foghlaim nach bhfoghlaimeofar é.
Ní fhoghlaimeofar é mar níor foghlaimíodh i gcrithtalún na hIndia é trí bliana ó shin nuair a maraíodh ceathrú milliún duine in aon bhall amháin; ní fhoghlaimeofar é mar níor foghlaimíodh nach bhféadfaí cinedhíothú a dhéanamh tar éis búistéireacht na Gearmáine faoi réimeas an treas Reich.
Níl aon cheacht le foghlaim as tubaist na hÁise ach is maith linn pinginí a chaitheamh le haill agus isteach san tobar beannaithe. Is amhlaidh go dtiocfaidh ár nguí chun barr locha dá bharr, dar linn.
Agus nuair a bheidh sin déanta agus curtha dínn againn is féidir linn dearmad a dhéanamh ar na tíortha turasóireachta agus wóta a chaitheamh ar son polasaithe rialtais a dhéanfaidh na tíortha sin níos boichte fós, agus wóta eile a chaitheamh ar son polaiteoirí a thoghtar toisc an ghráin dhearg agus bhuí agus dhubh a bheith acu ar aon duine lasmuigh de na sé chontae is fiche, agus ina dhiaidh sin is uile wóta uisciúil lag a chaitheamh ar son duine a d'ardaigh a ghlór ar son an chirt.
Níl aon cheacht le foghlaim as tubaist na hÁise ach gur turasóirí ar an talamh seo sinn. Ní sinne na máistrí ná na máistreásaí, na bandéithe ná na déithe ná na neodardéithe sinn.
Níl míniú ag reiligiún ná ag neamhreiligiún ar an gcúrsa saoil. Réab an tsunami an chuid ba mhilse de na míniúcháin sin agus d'fhág ar an trá fholamh iad.
Ba thraigéide ilchreidmheach ilchiníoch í traigéide oirthear Áise. Ní raibh Dia na Críostaíochta mórán níos cuidithí ná Allah ná an Búdá ná Crisneá ná Lugh ná Mannanán ná Pisaidhdeon ná Thor ná miondia na n-ainchreidmheach a d'fhan in íochtar trá.
Ba dhéithe beaga i ndiaidh na Féinne iad, le fírinne. Ba chuma le Dia a Chuid seicteanna agus a gcuid brosna déchosach úd. Ba dhaonna agus ba dhiaga ná dia é Dia, agus ina sheal, Dia ná dia.
An chuid is uaisle den duine á nochtadh - cineáltas, agus dualgas, agus féiníobairt agus comhdhaonnacht agus neamhleithleachas; agus an chuid is táirísle, leis - méireanta á mbaint d'fhonn fáinní óir a ghoid, leanaí á bhfuadach agus á ndíol, coirp á slad agus baill bheatha á reic, Ryanair seo againne, arb iad ricseá na heitleoireachta iad de cheal na dea-aoibhe, ag gearradh airgid fola ar dhaoine ag filleadh ón ár, tá siad ar fad againn.
Moladh praicticiúil amháin dúinn uaim féin ar a son siúd a thiocfaidh slán ón ngalar agus a bhfuil a gcuid bailte báite ar shlí nach mbeidh Corcaigh choíche. Seachas ár gcroí agus ár gcuid sparán a oscailt dóibh, ár gcuid saoránachta agus ár gcuid doirse a fhágaint ar leathadh fána gcoinne.
Ach, úps, mo dhearmad! Dhúnamar é sin orthu anuraidh, le croí cúng beag mioscaiseach neamhchríostúil gangaideach micilmac dubhghalrach dorcha.
Ach haigh! Níl cnámh chiníoch im cholainn, fad is go bhfanann siad ar a dtrá fholamh bhriste bhrúite fhad-i-gcéin féin ar an taobh eile den domhan.