C'est la vie, ma petite

Beocheist: Cá rabhadar? Baineadh preab asam

Beocheist: Cá rabhadar? Baineadh preab asam. Cad a dhénfainn? Ag siúl isteach in aerfort Bhaile Átha Cliath bhraitheas cáiliúil; bhí na daoine coiméadta taobh thiar den téad tiubh.

Ritheas suas an staighre sa treo agus go mbeinn chun tosaigh sa scuaine don dara heitilt. Chuireas glaoch ar Ghráinne a rá léi go rabhas ann.

D'fhéachas ar an bhfógra "Síniú isteach bagáiste, gan bheith thart ar 20kg". Bhí rud éigin in easnamh. Ba léir go raibh fadhb ann. Ní raibh sé agam, aon bhagáiste. Dheineas dearmad nár chuaigh sé díreach ón bhFearann Fuar go dtí an Fhrainc. Níor phiocas suas é.

Chas mé, ritheas tríd na turasóirí, síos an staighre d'fhonn is go bhfeicfinn aon oifig eolais. Chonac comhartha ciorcalach dearg le "Gan cead isteach" breactha ar an doras agus turasóirí ag teacht isteach.

READ MORE

Bhíosa coiméadta taobh thiar den téad tiubh. Cá raibh an oifig? Chonac siopaí stocaí, siopa leabhair, siopa milseáin, suíocháin, teilefóin. Ag deireadh thiar thall, thána go dtí an áit. Mise, ag uimhir a 30 sa líne, taobh thiar de ghrúpa Gearmánach.

D'ardaigh an bhean a cuid malaí agus dúirt sí nach raibh aon bhaint aici le bagáiste. Thaispeáin sí dom cá raibh an teileafón speisialta chun dul i dteagmháil leis an gcomhlacht eitleáin - ar an taobh eile den aerphort. Thrialas an uimhir, cúpla babhta. Gan amhras, ní raibh an fón ar fónamh.

Stopas garda aerfoirt a bhí gar dom ach mhol sé dul go dtí an oifig agus an líne bhuí ar an urlár a leanúint. Stop gach garda ag gáire nuair a chualadar an cnag. Shiúil garda i mo theannta, mar bhí sé chun mé a ligint isteach go dtí an áit nach raibh cead isteach ann. Bhí an clog ag bualadh, na nóiméid ag dul thart.

Seans go mbeinn déanach don eitilt. Cad faoi Ghráinne? Baineadh mo bhuataisí díom, m'uaireadóir, mo chuid airgid. Cuireadh mo mhála, lán de bhonnóga a dhein mo mháthair don eitilt agus cúpla iogairt, trí x-ghathú. Thiteadar go léir amach. Bhraitheas dearg ar mo leicne.

Chuireas gach ní orm arís. Ritheas go dtí an "Teacht isteach bagáiste" le Fearann Fuar scríte ar an scáthlán. Ní raibh ach dhá mhála mhóra ag sníomh timpeall arís agus arís eile, ina n-aonar.

Thána amach go dtí an slua fáilte, arís, ach le mo bhagáiste an babhta seo. Níor fhreagraíos mo ghután póca i rith an ama seo. Ní dúras faic le mo chara, ná lena hathair. Bhí seisean chun a iníon a fhágaint sa Fhrainc liom ar feadh bliana.

Ag fáiltiú lóistín na mac léinn i mBesançon, fuair Gráinne a seomra. Ní raibh aon rud socraithe agam agus roinneamar seomra ar feadh ocht lá. Ar an Idirlíon, ag cuardach lóistín, d'fhéachamar ar na petits annonces.

D'fhoghlaimíos sa Fhrainc gur nós neamhchoitianta é, árasán a roinnt le strainséirí. Ní hamháin go gcaithfidh tú do chuid troscáin féin a thabhairt leat ach bíonn ort tes amis bheith agat leis chun bogadh isteach.

Bhí fadhbín agam toisc nach raibh aon rian den dá rud sin agam sa tír eachtrannach nua.

Chonaiceamar fógra ó François a bheadh oiriúnach ach nuair a d'fhreagair sé trí ríomhphost, bhí grianghraf á lorg aige sula dtabharfadh sé tuilleadh eolais faoina áit. D'fhágamar François ar a thóir.

Léimear na páipéirí a bhí scaipthe timpeall, ach ní raibh faic ann seachas stiúidiónna. Bhí oifig cabhrach na mac léinn dúnta idir meán lae agus 2pm - cosúil leis an gcaife Idirlín agus gach gnó, ach amháin na caifeanna. Tar éis dhá uair dár mbaguettes agus espressos a chothú, ligeadar sinn isteach. Istigh sa bhus, chuas thall is abhus do dhaltaí. D'fhiafraíomar dóibh faoi chúrsaí lóistín.

Thánamar ar stiúdió mar sa deireadh bhí orainn fáil réidh leis an bplean le hárasán a roinnt le Francaigh, d'fhonn is go mbeinn ag caint as Fraincis.

Tháinig an bhean amach, le espresso dúinn agus le cáis an réigiúin. Meascán de Ghaeilge agus Fraincis a tháinig as mo bhéal ach thuig sí mé, is dócha. Chuir sí in iúl dom go raibh an-chuid spáis ann do bhagáiste . . . Thógas é.