Mac Suibhne Costasan ratha

BeocheistÉadhmonn: Sna 1950í níor dheacair in aon chor é paiste talún a aimsiú mar ionad do theach nua

BeocheistÉadhmonn:Sna 1950í níor dheacair in aon chor é paiste talún a aimsiú mar ionad do theach nua. Ar ndóigh, an uair sin ba chathair bheag go leor í Baile Átha Cliath go fóill agus - i gcomparáid le háiteanna eile sa Bhreatain agus ar an Mór-Roinn - ní raibh i gCorcaigh agus i gcathracha eile ár dtíre ach mar a bheadh sráidbhailte measartha móra.

Ní raibh an rath ar thionscal na talmhaíochta ná ní raibh na feirmeoirí an-mhuiníneach as a raibh rompu.

Ní raibh sa Chomh-Mhargadh (mar a thugtaí air) ach mar a bheadh paidreog don todhchaí; ní raibh praghas na talún imithe as riocht fós ná tuiscint ag daoine i gcoitinne faoin phléasc tithíochta a tharlódh taobh istigh de achar gearr. Ní nárbh aon ionadh ba mhó ná sásta a bhídís sin ar leo an talamh ar imeall na cathrach láithreáin a dhíol.

Dá thoradh san go léir, d'fhéad daoine óga ionaid fhairsinge tógála a cheannach ar chostas nach gcuirfeadh chuig teach na mbocht iad agus ba é sin ba chúis leis na gairdíní breátha a ghabann anois le roinnt mhaith de na tithe a tógadh an uair úd.

READ MORE

Sna blianta ina mbínnse mar bhall den fhoireann státseirbhíseach ag dul chuig an mBruiséil le babhla na déirce a chroitheadh, bhítí ag margántaíocht faoi na mílte milliún ECU (ba shin aonad airgeadais an Chomhphobail ag an am) agus gan aon tuiscint agamsa, ach go háirithe, do na hiolathraithe a bhí le teacht ar Éirinn agus ar phobal na tíre de bharr ár gcuid iarrachtaí.

Bhítí ag cur síos ar an ngá a bhí le bóithre na tíre a fheabhsú, mar shampla, ach ba bheag a shamhlaíos a bhfuil againn mar bhealaí tráchta anois, ná, go deimhin, méid na tráchta a bheadh le fulaingt ag na bóithre céanna.

Aerphoirt, traenacha, foirgnimh de gach saghas, gach a bhféadfadh an t-airgead a chur ar fáil ach ní dóigh liom go raibh aon tuairim agamsa ag an am faoin bpraghas a bheadh orainn a íoc as.

Feictear dom anois gur chothaigh an fhlúirse an craos agus diaidh ar ndiaidh go bhfuil na tréithe is measa atá ag an Tíogar ag breith bua ar chine a raibh clú na carthanachta agus na dea-bhéasaíochta orthu i gcónaí.

Ní hamháin sa tóir ar an airgead atá san le feiceáil, ach sna drochbéasa a bhíonn ag lucht tiomána gluaisteán agus trucailí ar an mbóthar, mar shampla, nó san easpa airde ar leas na gcomharsan atá le sonrú ar an-chuid dár muintir. Ar éigean is gá dul níos faide leis sin, is dócha, mar tá a thaithí féin ag gach duine againn.

Ach cén bhaint atá aige seo go léir leis na tithe, adeir tú? É seo: is é atá ag tarlú anois - sa cheantar seo 'gainne ar aon nós, agus i gceantair eile, gan amhras - tá sé de nós ag an-chuid díobhsan go bhfuil gairdín fairsing acu láithreán a dhíol le haghaidh tí bhreise, sa chaoi is go mbíonn dhá cheann anois, fiú trí cinn in amanna, áit nach raibh an teach aonarach roimhe sin.

Agus is cosúil nach aon mhaith é do na comharsana a bheith ag gearán go bhfuil solas na gréine agus an t-aer úr á gceilt orthu, mar ní foláir gur le cead ón údarás pleanála atá na foirgnimh bhreise á dtógáil.

Tá sé de rath ar chathair seo Átha Cliath nach fada uainn an fharraige agus go bhfuil na sléibhte ar an tairseach againn sa deisceart, ach féach go bhfuilimid timpeallaithe - agus ár dtimpeallú ní ba mhó in aghaidh an lae - le blocanna d'árasáin agus d'fhoirgintí eile atá ag síneadh in airde i dtreo na spéire agus saibhreas ár n-oidhreachta á cheilt acu orainn.

Tógadh iol-ionad siopadóireachta sa cheantar seo tamall gearr ó shin agus sa réamhchaint faoin bheartas cuireadh in iúl go húdarásach dúinn gurbh í a dtuairim sin a bhí eolach ar chúrsaí go raibh "airde" de dhíth ar an gceantar agus go réiteodh an t-ionad nua seo, agus an droichead nua a tógadh chomh maith céanna, an fhadhb dúinn.

Níor airíos féin riamh aon duine as an áit ag gearán go rabhamar "ró-íseal"; ach níl amhras orm go bhfuiltear go tiubh inár measc a déarfadh gurbh íslede mianach ár mbeatha na hathruithe a deineadh.

Tráthnóna le déanaí bhíos ag spaisteoireacht liom gar do bhéal na Life ag Rinn na Séad agus mar is gnás liom d'fhéachas fan abhainn na Dothra ó dheas i dtreo na sléibhte agus ar éigean nár thiteas as mo sheasamh. Sléibhte ná rian díobh ní fhéadfainn a fheiceáil, leis na foirgnimh arda a bhí eadrainn.

Níor mhaith liom go gceapfaí gur fear um ghearáin mé. I bhfadh uaim san. Níl fúm ach a mheabhrú gurb ard é an praghas atá á íoc againn as neart an Tíogair agus nach bhfuilim pioc compordach faoina bhfuil le tabhairt mar oidhreacht againn do na glúnta Éireannacha atá le teacht inár ndiaidh.