Shéan an Taoiseach Enda Ó Cionnaith ar maidin go raibh gealltanas briste ag an Rialtas maidir le creidmheas a chur ar fáil do chomhlactaí beaga agus meánmhéide na tíre.
Ag caint le linn Tráth Cheisteanna na gCeannairí sa Dáil inné dhiúltaigh an Taoiseach maíomh a rinne ceannaire Fhianna Fáil Micheál Ó Máirtín nach raibh feabhas tagaithe ar an scéal do chomhlactaí beaga i gcaitheamh chéad bliana an Chomhrialtais. Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, is i nGaeilge a bhí Ceisteanna na gCeannairí sa Dáil don chéad uair riamh.
Dúirt an t-Uasal Ó Máirtín go raibh an gealltanas áirithe seo ar cheann de “liosta fada de ghealltanais eile atá briste ag an Rialtas”.
Mhaígh sé chomh maith go raibh se ráite ag an Ollamh Patrick Honohan, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, gurb é an easpa creidmheasa bainc an rud is mó a bheidh mar chúis le moill a chur ar an athshlánú eacnamaíochta.
Chuir sé iachall ar an Taoiseach reachtaíocht a thabhairt isteach agus ordú a thabhairt do na bainc a bheith níos solúbtha.
Le linn a fhreagra, dirt an Taoiseach nach briste a bhí an gealltanas i dtaca leis an gceist.
“Tá coiste Rialtais bunaithe [An Coiste Bainistíochta Eacnamaíochta] agus bhí na bainc istigh os comhair an choiste sin i rith na coicíse seo caite. Tá sé leagtha síos ag an Rialtas go mbeidh €3.5 de chreidmheas nua curtha ar fáil do chomhlachtaí ó na bainc,” a dúirt sé.
“Níl dabht ar bith ann ach gur cóir go mbeadh solúbthacht ann.” I gcuid de na cásanna, dar leis an Taoiseach, bhí gá le plean níos soiléire agus dairíre ó na comhlachtaí agus iad ag cur iarratas isteach chun na mbanc.
“Bíonn suas le 60 fán gcéad de na comhlachtaí beaga gan plean caiteachais don todhchaí leagtha amach acu.” Cháin ceannaire Shinn Féin Gerry Adams an droch tionchar a bh ag polasaithe an Rialtais ar mhuintir na tuaithe.
“Tá táillí an Rialtais, táillí ar thithe, ardú ar an cháin bhreisluacha agus táillí ar dabhcha séarachais ag gortú mhuintir na tuaithe,” arsa an t-Uasal Adams.
D’admaigh an t-Uasal Ó Cionnaith, go raibh gearraithe siar sna gardaí agus i scoileanna ach dúirt sé de thoradh na n-athruite nár dunadh ach ceithre scoil ina chontae féin Maigh Eo.
Dhírigh Seosamh Ó hUiginn on bPáirtí Soisialach ar an nóta creidmheasa i dtaca le Banc Angla Eireannach agus tuairiscí go raibh an Stát ag iarraidh íocaíocht de €3.1 billiúin a chur siar.
Dúirt sé go raibh an Rialtas ag déanamh iarracht an phríomhcheist a sheachaint.
“Ciallaíonn an comhshocrú fioscach go gcuirfear déine nó austerity i bhfeidhm go buan mar bhunpholasaí eacnamaíoch sa tír seo agus mórthimpeall na hEorpa. Déanfaidh sé sin dochar tubaisteach d’eacnamaíocht na tíre seo,” a dúirt sé thar ceann an ghrúpa teicniúil .
Rinne an Teachta Ó hUiginn líomhaint chomh maith gur shocraigh an Stát go rúnda nasc foirmeálta a chruthú idir an Conradh Fioscach and an Ciste Tarrthála, an ESM.
“Níor shínigh mé an conradh seo ‘faoi cheilt’ ar chor ar bith. Tharla sé go han-phoiblí. Is maith an rud é do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir na hEorpa,” a d’fhreagair an Taoiseach.