Sceimhle

CROBHINGNE: DÚIRT PASCAL gur chuir síorthost na spásanna gan chrích thuas sceimhle air. Tuigim dó

CROBHINGNE:DÚIRT PASCAL gur chuir síorthost na spásanna gan chrích thuas sceimhle air. Tuigim dó. Tagann an sceimhle chéanna ormsa nuair a théimse isteach i siopa leabhar.

Feicim na seilfeanna sin ar fad sínte amach os mo chomhair, agus taibhsítear dom, bíodh nach taibhse ar bith é, nach léifidh mé iad go deo. Ní hea amháin nach léifidh mé go deo déanach choíche siar amach go brách tuilleadh iad, ach ní bheidh caoi agam féachaint orthu, iad a láimhseáil, iad a bholú, iad a oscailt, ná mo bheannacht bhocht a thabhairt dóibh.

Ní hé gur féidir leat gach rud a léamh choíche. Luigh an bailitheoir béaloideasa agus an teangeolaí iomráiteach Meiriceánach Jeremiah Curtin siar ar an tuí tirim i scioból a mhuintire in Wisconsin sa bhliain 1857 agus d’fhéach in airde ar na réaltaí. Tuigeadh go pras dó go raibh rogha aige fanúint sa bhaile agus feirm a athar a thabhairt chun foirfeachta, gnó deas sábháilte a chothú, saol socair suaimhneach a chaitheamh a bhainfeadh agus nach gcaillfeadh, nó neachtar acu, an bheatha lasmuigh den fheirm a thabhairt air féin agus ‘gach a raibh ar eolas’ a fhoghlaim. Ní hé gur fhoghlaim sé ‘gach a raibh le foghlaim’, ach níor bhocht mar fhómhar é tuairim is trí scór teanga (smut den Ghaeilge ina measc), scata mór leabhar scéalaíochta, agus tuairimí bunúla mar gheall ar mhiotaseolaíocht an chine dhaonna.

Ní móide go gcuimhneodh aon duine air sin inniu, cé go raibh daoine ann san meánaoiseanna ar maíodh ina dtaobh go raibh gach a raibh le foghlaim ar eolas acu. Ní dócha é. Bíodh gur saothar suimiúil agus inléite é A Short History of Nearly Everything le Bill Bryson, is leis an eolaíocht is mó a phléann sé, agus is sia amach ná sin ár gcuid aineolais mar gheall ar an saol. Cé go bhfuilim buíoch do Gasaitéar Eolaíochta Mhatt Hussey gur luasaire cáithníní is ea an cioglatrón a chuireann luas le cáithníní fo-adamhacha go dtí go mbaineann siad amach luas mór, ní hé sin an t-easpa eolais is mó is cás liom.

READ MORE

Is é a chuireann sceimhle orm na leabhair go léir ar fiú iad a léamh nach mbeidh drannadh agam orthu choíche dá mbeadh aois Mhaoise féin agam agus thairsti. Ar an gcuma chéanna, sa siopa leabhar, feiceann tú uait na leabhair atá léite agat, agus nach léifidh tú go deo arís. Níos measa ná sin, go bhfuil siad léite agat, i gcásanna áirithe staidéar déanta agat orthu, agus más múinteoir tú, iad a bheith teagasctha agat, agus a laghad a fhanann id chuimhne mar gheall orthu. Dá léifeá leabharlanna an tsaoil, an mbeadh tada nó fiú faic, nó pioc de phuinn ar eolas agat?

Is aithne dúinn go léir daoine a bhfuil léamh fairsing déanta acu agus atá chomh dúr le teoiric; is aithne dúinn daoine eile nach bhfuil giob léite acu, ach a bhfuil léamh an tsaoil acu chomh mear le hairgead ó chuntas bainc go ceann eile. Is léir nach gá a bheith id léitheoir agus tuiscint a bheith agat ar an saol. Is mó duine a léann go laethúil, is mó duine a léann cúpla dosaen scéal gach maidin, agus scata finscéalta san áireamh, agus scéalta fada fiannaíochta thairis sin, agus nach bhfuil oiread is broim spideoige de cheangal acu leis an saol iarbhír. Is fíor gur san Sun agus san Star a bhíonn formhór na scéalta sin, ach is solaoid é nach aon deimhne ar an ngaois í an léitheoireacht.

Mhaígh Joseph Brodsky go raibh oiread sin ábhair ann gurb í an tseift ab fhearr ná filíocht amháin a léamh. B’inti a chuimrítí gaois an tsaoil. Is trua nach raibh an file féin mar a thuairisc. Tá an tásc céanna ar chleas an tseanfhocail. Nach gonta é ‘Is sleamhain iad leaca an tí mhóir’ ná tráchtas polaitíochta ar bith? A leithéid chéanna ó lucht na bhfabhailscéalta béaloideasa.

Insíonn Chinua Achebe scéal Igbo mar gheall ar na hainmhithe go léir ag dul chun cruinnithe toisc iad a bheith á n-íobairt chun na ndéithe ag an duine agus eagla orthu go léir dá réir. Ar an tslí dóibh casadh an chearc orthu agus í ag dul sa treo eile. ‘Ná bac liomsa,’ arsa an chearc, ‘tá gnó práinneach in áit eile agam. Beadsa sásta le pé socrú a dhéanfaidh sibh.’ Shocraigh na hainmhithe eile, tar éis mórán pléideála gan amhras, gurb í an chearc feasta a bheadh ina híobartach ag an duine.

D’fhéadfaí tráchtais pholaitíochta agus úrscéalta ramhra a scríobh air sin. Agus má’s é dearmad a dhéanann tú ar fhormhór dá léann tú, cad ina thaobh go mbacfá leis? Má tá an ghaois ina bpiollaí beaga cad í feidhm na léitheoireachta?

Is é an turas féin feidhm na léitheoireachta, agus an sceimhle a fhágann an t-aineolas ort.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar