A Chara, - Tagaim leis na smaointe a chuir Alan Titley in iúl (Crobhingne, 3ú Feabhra). Ach rinne sé éagóir ar phobal na Danmhairge. Sheas na Danmhairgigh ar son a gcomh-chathróirí Giúdacha, agus d'éirigh leo beagnach gach duine acu a shábháil. Tá breis eolais faoin éacht seo le fáil ag Yad Vashem (www.yadvashem.org). - Is mise,
AONGHUS Ó HALMHAIN,
Páirc na Seilbhe,
Baile an Chinnéidigh,
READ MORE
Co Chill Mhantáin.