Death of Terri Schiavo

A chara, - Tagaim le Vincent Browne (30ú Márta), bail ó Dhia air, agus é ag gearán faoin dóigh a cuireadh críoch le beatha Terri…

A chara, - Tagaim le Vincent Browne (30ú Márta), bail ó Dhia air, agus é ag gearán faoin dóigh a cuireadh críoch le beatha Terri Schiavo, mar a bhí deireadh a chur lena beathú. Ionann sin agus í a mharú.

Ach ní thagaim le Vincent agus é ag scríobh gur cás eile ar fad é ginmhilleadh. Sa gcás sin freisin is amhlaidh a chuirtear stop le beathú an té a bhí sa mbroinn nuair a thógtar amach ón mbroinn é, lena chaitheamh ar leataobh, mar a bheadh bruscar ann.

Dar le dlí seafóideach, mar is feas, nach duine daonna é an té atá sa mbroinn go dtí go dtagann sé chun an tsaoil de réir nádúir. Ach céard é a bhféadfadh a bheith ann ach duine, báibín, naí?

Ar aon chaoi, an lá atá inniu ann, tá an teicneolaíocht an fáil chun a chinntiú cé an cineál atá sa mbroinn agus, fiú, a ghnéas a chinntiú.

READ MORE

Níl sa nginmhilleadh ach marú, an rud céanna a chleachtaigh Hitler agus a chuid, nuair a mharaigh siad na naíonáin nach raibh "áisiúil", dar leo, dar lena nimh. - Is mise,

DEASÚN BREATNACH, Baile an Chnoic, Dún Laoghaire.