La brea greine a bhi ann De Mairt, 14 Aibrean. Bhi gaoth ropanta ag seideadh i gCuan na Gaillimhe, agus sleibhte an Chlair le feiceail go soileir idir sinne agus fior na speire. Faraor narbh ar an radharc abhi ar niul. Deireadh re a bhi ann - ba in an smaoineamh a rith le gach einne againn agus Siobhan Ui Fhatharta a cur i reilig an Chnoic, in aonuaigh lena fear, Padraic, a cailleadh in 1971.
Ba i Siobhan an dara hinion agus an triu duine clainne le Maitias Diolun as Cor na Ron agus a bhean, Brid as Baile an Ti Moir, Indreabhan, ait a raibh cona i ar an lanuin. B'ann a rugadh Siobhan (Jude Mheait mar a thughtai uirthi) thart ar 78 mbliain o shin. Fuair si a cuid oideachais sa bhunscoil aitiuil agus d'fhreastail si ar an ngairmscoil ina dhiaidh sin. Tri sheans a thosaigh a tuismitheoiri ar chuairteoiri a choinneail, agus o tharla togha na Gaeilge a bheith a labhairt sa teach, niorbh fhada go raibh go leor daoine ag triall air, ina measc daoine a bhain cail amach doibh fein niba dheanai, leitheid Thomais de Bhaldraithe, canuineola i agus focloiri. Sa reamhr a a chuir se lena mhorshaothar , Gaeilge Chois Fhairrge: an deilbhiocht (1953), luann se an chomaoin a chuir muintir Dhioluin air agus e i mbun a chuid taighde. Go deimhin, ta cur sios ag Jude fein ar an doigh a gcuireadh se chun oibre sa leabhar nuafhoilsithe, Tomas de Bhaldraithe: cuimhni cairde (eag. Prionsias Mac Aonghusa). Gheofar tagairt eile de Jude agus da muintir sa reamhra a ghabhann le bailiuchan focal a thiomsaigh Tomas, Foirisiun Fo- cal as Gaillimh (1985).
Ba i samhradh na bliana 1955 a chuireas-sa aithne ar Jude nuair a chaitheas cuig seachtaine in aontios lei fein agus a lion ti: a fear Padraic, a deirfiur, Bairbre, agus a dreathair, Seamas. Ni dheanfaidh me dearmad choiche na go deo ar an sport a bhi againn agus ar a laiche 'sa a bhi muintir an ti liom, agus go deimhin muintir na haite uile. Chuaigh me siar chucu gach uile bhliain ina dhiaidh sin. Bhi Coiste na bPaisti ag feidhmiu an t-am sin agus bhi buachailli oga as Baile Atha Cliath ag cur futhu sa teach. Ba leir dom an t-ualach oibre a bhi ar na mna da mbarr: ni raibh aibhleis na uisce reatha ann an uair ud agus bhruiti seacht mbollog arain sa mbac us ar an tine gach trathnona.
Chuaigh an t-am thart. Phos Bairbre. Buaileadh Padraic tinn, agus cailleadh e tareis tinnis fhada. Cailleadh Seamas tamall ina dhiaidh sin, agus fagadh Jude ina haonar. Lean na cuairteoiri ag teacht chuici, ina measc banollamh as na Stait Aontaithe, ar mhuin Jude Gaeilge di. Ar ndoigh, bhi cairde lei ar fud na tire a raibh cion agus meas acu uirthi.
B'iontach an cainteoir Gaeilge i, ach lena chois sin, bhi si meabhrach, eirimiuil, misniuil, deisbhealach, gearchuiseach, agus feith an ghrinn go laidir inti. Bhi si tughta don leitheoireacht, agus is iomai sin leabhar Gaeilge a leigh si. Ni hiontas mar sin feith na scribhneoireachta a bheith inti ina theannta sin.
Is trua d'imeacht uain, Jude. Braitfidh idir chomharsana agus chairde uathu go mor thu.
Is e ar ngui go dtuga Dia suaimhneas siorai da hanam agus sol as da muintir uile.
I.N iDh.