Foclóir: Athbheochan - revival; laoithe - poems; imeallú - marginalisation; toradh fónta - positive result; beartas eisiata - policy of exclusion; aisling - dream; forlámhas - superiority; geilleagar - economy; socheolaíocht - sociology; grúpmhachnamh - groupthink.
Is iomaí uair é ráite gur bás nó beatha theanga é a stádas. Gan stádas eacnamaíoch a bheith aici, gan féidearthachtaí sóisialta agus fostaíochta a bheith bainteach léi, gan ardmheas ar lucht a labhartha agus intinn daingin ag an stát agus a chóras ar fad go mairfidh an teanga beo i ngach gné d’obair an stáit, ba dheacair di maireachtáil.
De bharr go raibh baint lárnach ag an nGaeilge leis an athbheochan náisiúnta agus leis an ngluaiseacht saoirse a d’eascair as, i dtús ré an stáit baineadh stádas ard oideachais agus bunreachta amach don Ghaeilge.
Ach níor chosc sin iarrachtaí í a imeallú ón saol poiblí, go háirithe i réimse an stáit. Ní raibh stádas na Gaeilge sách treisithe sa státchóras chun an t-imeallú sin a chur ó olc.
Cuimhneoidh go leor léitheoirí ar an obair a rinne an socheolaí an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin san fheachtas a tháinig go ceann inmhe níos luaithe i mbliana nuair a baineadh stádas amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach.
Tá toradh fónta na hoibre sin le feiceáil, ní hamháin san ardú i réim atá anois ag an nGaeilge san AE, ach sna féidearthachtaí atá ann dóibh siúd ar mian leo a saol oibre a reáchtáil trí Ghaeilge.
Tá leabhar foilsithe anois ag Ó Laighin: Pobal na Gaeilge - Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht (Cló na nGael).
Tá cur síos ann ar an bhfeachtas rathúil sin a reáchtáladh lena chabhair agus ar “coup ciúin” a tionscnaíodh sa bhliain 1965 chun an Ghaeilge a dhíbirt ó fhearas riaracháin an Stáit agus ó na forais lárnacha rialtais.
Tuairiscíonn Ó Laighin go raibh 71 rannóg sa Státseirbhís sa bhliain 1961 a d’fheidhmigh go hiomlán nó go páirteach trí mheán na Gaeilge. Díobh seo bhí 23 a rinne breis is 75 faoin gcéad dá gcuid oibre i nGaeilge, agus 48 ina raibh idir 25 agus 75 faoin gcéad den obair á dhéanamh i nGaeilge.
I 1974 nuair a d’fhógair an Rialtas cealú riachtanas na Gaeilge sa Státseirbhís bhí an bealach glan don díothú “agus tharla titim thubaisteach ar a líon ina dhiaidh sin arís.”
Is léir go gcealódh a leithéid de chreimeadh deiseanna fostaíochta ar phobal na Gaeilge ach mar a scríobh Ó Laighin sa leabhar rinne sé dochar freisin “i dtéarmaí cheart ceannasach an náisiúin, a chuirtear in iúl in Airteagal 1 de Bhunreacht na hÉireann, ‘chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear’.”
Áitíonn Ó Laighin ar a léitheoirí go bhfuil gá le “h-athstruchtúrú bunúsach ar chaidreamh agus deiseanna teanga-bhunaithe na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil”.
Labhair Tuarascáil leis an údar faoin leabhar agus faoi thodhchaí na teanga.
Cén tábhacht atá le tuiscint shocheolaíoch a fháil ar staid na teanga?
“Is sa tsocheolaíocht a fhaigheann tú tuiscint ar na tionchair éagsúla a bhíonn i gceist i dtaca le dul chun cinn nó dul ar gcúl teangacha.
“Ní féidir beocht phobail teanga a mheas gan daonra agus institiúidí agus stádais éagsúla na teanga a mheas, agus cuireann an tsocheolaíocht na huirlisí ar fáil chun é sin a dhéanamh.
“San am céanna, ní féidir tabhairt faoi athrú sóisialta a thionscnamh mura bhfuil eolas agat ar na slite chun é a chur ar siúl, agus go háirithe faoin tslí a bhfeidhmíonn gluaiseachtaí sóisialta agus mór-eagrais ar nós an státchórais.
“Maidir le teanga a chur chun cinn, bíonn léirithe de thoil an phobail tábhachtach, ach is tábhachtaí go mór an obair anailíse agus mheasúnachta agus ullmhúcháin a chaitear a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar lucht ceannais.
“Is gá a bheith chomh heolach, ar a laghad, le feidhmeannaigh an státchórais chun dul chun cinn a dhéanamh.
An dóigh leat go bhfuil aisling na hathbheochana fós beo?
“Ní úsáidim an focal “athbheochan”. Creidim go bhfuil beocht agus neart i bpobal na Gaeilge faoi láthair, agus go méadófar ar an mbeocht agus ar an neart sin má ghlactar céimeanna áirithe – céimeanna praiticiúla agus céimeanna tuisceana.
“An aisling atá agamsa ná pobal na Gaeilge a thabhairt ar ais isteach sa lár, ón imeall, chun páirt a ghlacadh, i gcomhar le pobal an Bhéarla agus ar comhchéim leo, i riaradh an Stáit, i seachadadh a sheirbhísí, i gcothú agus in aireachtáil a leasa, agus i gcur chun cinn an aoibhnis agus an chultúir atá mar oidhreacht againn.
Cén chúis a bhí leis an “coup ciúin” dar leat agus an iarracht comhordaithe a bhí ann?
“Déanaim cur síos sa leabhar ar an ngníomhaíocht a tharla agus ar an méid a bhí le rá ag na rannpháirtithe san fheachtas chun an Ghaeilge a bhrú amach as an státchóras. Fíricí atá sa mhéid sin.
“B’fhearr liom gan dul i mbun tuairimíochta ag an bpointe seo faoina raibh taobh thiar de, ach is dócha go raibh na daoine a bhí bainteach leis ag iarraidh athruithe a thabhairt i bhfeidhm bunaithe ar a dtuiscintí agus ar a dtaithí agus ar a dtosaíochtaí féin.
“Maidir le comhordú, is dóigh liom go raibh níos mó den ghrúpmhachnamh i gceist, den bheartas folaithe a bheith á chur chun cinn, seachas beartas follasach – a d’fhágfadh rian fianaise – a bheith á chur i bhfeidhm.
“Ach, ar aon nós, d’éirigh thar barr leis an mbeartas eisiata.”
An dóigh leat gur féidir athrú paraidíme a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge nuair atá forlámhas ag an mBéarla mar theanga ollchumhachtach idirnáisiúnta?
“Tá forlámhas ag an mBéarla go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta san Iarthar. Tá a lán pobal teanga ag déileáil leis an bhfeiniméan seo.
“Leagaim béim ar neart phobal na Gaeilge. Is féidir dul i mbun idirbheartaíochta ó sheasamh atá láidir, agus is idir taobhanna atá ar comhchéim a aimsítear ceart agus cóir.
“Níl aon chúis nach féidir le pobal na Gaeilge dul i mbun idirbheartaíochta le pobal an Bhéarla chun athrú paraidíme a thabhairt i réim in Éirinn. Ba láidre iad muintir na hÉireann i gcoitinne, Thuaidh agus Theas, ach ról comhlántach a bheith ag an nGaeilge, i dteannta an Bhéarla, sna hinstitiúidí éagsúla, sa riarachán poiblí, agus i seachadadh seirbhísí poiblí. Is féidir é sin a bhaint amach.
Dá mbeadh cúpla moladh agat ar dóigh leat go gcabhróidís go mór chun áit na Gaeilge in Éirinn a shlánú, céard a bheadh ann?
“I dtosach báire, mholfainn do dhaoine mo leabhar a léamh agus a mheas. Agus cabhróidh sé le Béarlóirí nuair a chuirfear leagan Béarla ar fáil. Tá moltaí éagsúla déanta agam sa leabhar, agus míniú tugtha ar gach ceann acu – moltaí i gcomhair reachtaíochta agus moltaí eile – agus bheadh tosaíochtaí éagsúla ag daoine éagsúla.
“Ach d’fhéadfainn trí cinn a lua a mbeadh tionchar nach beag acu ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin: a haon, dul ar aghaidh láithreach le rannóga lán-Ghaeilge a bhunú i ngach Roinn Stáit; a dó, mo mholtaí go gcuirfeadh an Stát suíomhanna ar fáil, agus go n-íocfadh sé tobhaigh fhorbraíochta, i gcomhair clachain nó gráigeanna nua Gaeltachta i gcóngaracht seirbhísí; agus a trí, tá sé thar am go mbunófaí Ollscoil na nGael, ollscoil a chuirfeadh oideachas tríú leibhéal ar fáil trí mheán na Gaeilge”.
An bhfuil tú dóchasach maidir le todhchaí na Gaeilge?
“Le fiche bliain anuas, tá mo chumas gairmiúil mar eolaí sóisialta, agus m’am gairme ar fad, geall leis, curtha i dtreo leas phobal na Gaeilge agus leas na teanga agam, ar bhonn deonach.
“Ba ghníomh dóchais é sin. Creidim fós gur chóir dúinn laoithe dóchais a chanadh. Ní mhaireann teangacha a mbíonn a bpobail éadóchasach ina leith.”
Tuilleadh eolais faoin leabhar: clónangael.ie