Tá craobh iomána an oileáin (mo leithscéal) na hÉireann thart, agus craobhchluiche na peile sé lá ar íor bheag na spéire uainn. Is cuma nó deireadh na bliana dá lán é a áiríonn an féilire de réir na gcluichí céanna. Tá rud éigin bunoscionn. Is geall leis an Nollaig i lár an fhómhair é. Ar nós na haimsire níl tochras an chloig ar aon dul le himeacht na séasúr.
Fós féin nuair a chloígh Ciarraí máistrí Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais an chomórtais uile-oileánda (seo ar eagla go gcuirfeadh sé as do dhaoine a lua gur craobh na hÉireann a bhí ann) bhí an dealramh air go raibh an chruinne ag filleadh ar a hais i gceart. Níor dhual go mbeadh an bua ag fáslaigh nua na hardchathrach ar churaí seanbhunaithe na ríochta lena ngeansaithe smaoisbhuí traidisiúnta. Tar éis an tsaoil éiric íoróineach ba ea cic fhada sin Sheáin Uí Shé na malaí dorcha ar a amhlachas de chic ag Stephen Cluxton aon bhliain déag díreach roimhe sin. Cé dúirt nach raibh comhthreormhaireacht áirithe sa tsaol?
Lean iarmhar eile an toradh chomh maith. Fara an tuiscint go raibh sé i ndán agus i dtairngreachtaí uile na naomh is na bhfáithe go gcloífeadh Ciarraí léinte gorma na hardchathrach uair éigin sula dtiocfadh Pilib a’ Chleite agus Seon Dic ar ais bhí an tuairim amuigh ansin go raibh rud éigin gan a bheith dúchasach le réimeas Bhaile Átha Cliath, rud éigin in aghaidh stuif na staire.
B’é an finscéal, an bhréag mhór Ghoebbelach ghogallach a shloig daoine ina ngoblaigh gur tháinig ann don pheil Ghaelach i mBaile Átha Cliath le sárfhoireann na hardchathrach faoi stiúir Heffo i 70í na haoise seo caite. Fásach ba ea an chathair roimhe sin, agus gan choinne rinneadh cúpla cnaipe a bhrú agus thuirling an fhoireann dhathannach sin a chuir an cluiche ar a bhonna ar fud na mbruachbhailte.
Is deacair aon fhinscéal a thaighdeadh siar go bun, ach de ghnáth tosnaíonn sé le cúpla iriseoir leisciúil nár fhág seomra na nuachta le cúpla bliain agus a d’ól an iomad cupán caifé le páirtithe a thuig níos lú ná iad féin. Go fiú sna 70í sin, caithfidh go raibh cuimhne ag daoine a raibh meabhair dreancaide féin acu gur bhuaigh Baile Átha Cliath craobh na hÉireann deich mbliana roimhe sin sa bhlian 1963, agus ó sea, cúpla bliain roimhe sin in aghaidh Dhoire chomh maith. Agus bhain siad an léig trí huaire sna 50í dearmadta sin, is ea, níos mó ná contae ar bith eile sna deich mbliana sin.
Ach cad is fiú finscéal suas is anuas le fianaise?
Is measa fós an fhianaise go raibh Baile Átha Cliath chun tosaigh ar rolla onóra na gcraobhacha go dtí tairseach an dara chogaidh mhóir bharbartha. Is ansin féin a chuaigh Ciarraí chun cinn orthu le haon cheann suarach amháin, tosach atá go sealadach acu go dtí anois. Is é sin, ar feadh breis agus leathchéad bliain bhí an ceannas ag fir na hardchathrach ar na nóibhísigh aniar aneas.
Maítear mar leithscéal nár Dhuibhlinnigh ó dhúchas iad na foirne sin, gur de shliocht na tuaithe agus an phortaigh iad. B’ea, go leor. Ach sin dúchas ardchathrach. Níl aon mhórchathair ar domhan gur de bhunadh na sráide laistigh iad. Tá Baile Átha Cliath anois beagnach a cheithre hoiread níos mó ná mar a bhí nuair a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael. Síol na tíre iad. De shliocht na ngort beaga gach cathair, baile agus sráidbhaile sa tír. Ciarraí féin, is sráideánaigh shléibhe ón gcnoc anuas a bhformhór.
Ní bhréagnaíonn sin nach tuisle beag i mórghluaiseacht na staire ceannas na Ríochta sa chaideolaíocht, ach oiread le Caill Chainnigh san iomáint.