Foclóir: Sealadach - provisional; láithreán - site; údarásach - authoritative; iarratais - applications; liosta oidhreachta domhanda - world heritage list; réamhchoinníoll - precondition; cianaosta - ancient.
Fógraíodh Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda d’Éirinn an tseachtain seo caite. Is éard atá ann ná liosta de láithreáin nádúrtha agus chultúir a bheadh oiriúnach lena n-ainmniú ar liosta údarásach oidhreachta domhanda Unesco.
D’iarr an Roinn Oidhreachta ar na húdaráis áitiúla iarratais a chur isteach anuraidh. Níor cuireadh isteach ach sé iarratas san iomlán ach as na sé cinn sin, socraíodh go gcuirfí trí cinn san áireamh ar an liosta sealadach seo agus go gcuirfí an eolas ar aghaidh chuig Unesco i bPáras na Fraince.
Is ón liosta sin a roghnaítear liosta eile fós - Liosta Oidhreachta Domhanda Unesco. Níl ach dhá láithreán in Éirinn ar an liosta Domhanda faoi láthair - cuireadh Brú na Bóinne agus Sceilg Mhichíl ar an liosta sna 1990idí - agus dar ndóigh beidh muid ag súil leis go gcuirfear leis an liosta seo sár i bfhad.
Le go nglacfaí leo ar an liosta, is gá do na suímh a bheith ina láthair nádúrtha nó cultúrtha agus “luach uilíoch sármhaith” a léiriú.
Ar na láithreáin a roghnaíodh ar na mallaibh tá Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste (Contae Shligigh); Tionól Cábla Trasatlantach (Dairbhre, Contae Chiarraí); agus láithreáin ríoga na hÉireann: Dún Aillinne (Contae Chill Dara); Cnoc Uisnigh (Contae na hIarmhí); Carraig Phádraig (Contae Thiobraid Árann); Ráth Cruachan (Contae Ros Comáin) agus Teamhair (Contae na Mí) agus b’fhéidir go mbeidh Eamhain Mhacha, (Contae Ard Mhacha) san áireamh freisin.
Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá sé ina réamhchoinníoll go mbeadh láithreáin cláraithe ar an liosta sealadach seo ar feadh bliana ar a laghad sular féidir tús a chur leis an obair a bhaineann le h-ainmniúchán don liosta údarásach domhanda.
Díreofar aird anois ar thacaíocht a thabhairt do na láithreáin seo chun iad a fhorbairt. Tá sé i gceist freisin go reáchtálfar comhairliúchán poiblí ar dhréacht-straitéis Oidhreachta Domhanda d’Éirinn go gairid.
Ach seo smaoineamh - ó tharla go bhfuil láithreáin ríoga na hÉireann luaite go minic i litríocht chianaosta na Gaeilge, cén fáth nach bhféadfaí an deis a thapú agus an nasc sin a láidriú agus a cheiliúradh mar chuid den phróiseas seo?
D’fhéadfaí ardán poiblí a thabhairt don Rúraíocht agus don Fhiannaíocht.
Bealach praiticiúil a bheadh ann chun an neamart a dhéantar go ró-mhinic ar litríocht ársa na tíre a mhaolú.
Tuige, mar shampla, nach mbeadh Slí Ársa na Fiannaíochta nó Gaiscí na Rúraíochta á gcur chun cinn ag na húdaráis mar theidil ar chamchuairteanna turasóireachta ar láithreáin ríoga na hÉireann?