Foclóir: Ainghníomh – atrocity; brothall – heatwave raidhse – plenty; ár – slaughter; ceann tíre – promontory; snoigh – sculpt; gaiste – trap; dealbhóir – sculptor; imshuí – siege; scáfar – dreadful; ráib – swoop; cneadach – groaning; léanmhar – agonising; leadradh – smiting.
I lár an bhrothaill sa samhradh a chuaigh tharainn, d’fhreastalaíos ar chúrsa Gaelainne de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí chun barr feabhais a chur ar mo chumas teanga.
Ós é go bhfuil bá ar leith agam le canúint agus le cora cainte na Mumhan, theastaigh uaim an Ghaelainn mhilis sin a bhlaiseadh arís ag an tobar mar ba í an chanúint a chuala mé ar scoil fadó.
Le cois na Gaelainne, bhí suim agam i gcónaí i stair na hÉireann agus i stair áitiúil go háirithe. Nuair a thugaim cuairt ar cheantar nach raibh mé ann ariamh roimhe bíonn de nós agam dul ar thóir áiteanna atá inspéise ó thaobh na staire de. Agus go deimhin fhéinig, tá raidhse suíomhanna stairiúla i gCorca Dhuibhne!
I gcaitheamh na seachtaine nuair a bhíos sa cheantar álainn sin ba ghnách liom dul ag snámh sa bhfarraige i gCuan Ard na Caithne (Smerwick Harbour a thugtar air uaireanta) in aice le Baile na bPoc, áit a raibh lóistín agam.
Bhí leathchuimhne agam ar scéal faoi eachtra fhuilteach a tharla sa chuan sin fadó ach bhí na sonraí dearmadta agam. Fuair mé amach gur tharla an t-ár brúidiúil seo in áit darb ainm Dún an Óir a bhí cóngarach go maith don áit a raibh mé ar lóistín.
Tráthnóna amháin thapaigh mé an deis chun dul ar thóir na háite. I bhfoisceacht cúpla míle de Bhaile an Fheirtéaraigh ag deireadh bóthair chúng ina raibh dosanna féir ag fás i lár baill, bhain mé Dún an Óir amach.
Nochtadh íomhá scanrúil romham: leacht cuimhneacháin a bhfuil dhá chloigeann déag dealbhaithe ar a éadan ar shnoigh an dealbhóir iomráiteach Cliodhna Cussen é. Drochthuar amach is amach a bhí sna cloigne sinn.
Ba ar an sean ráth seo ar cheann tíre os cionn chuan Ard na Caithne a cuireadh 600 duine – idir fhir, mhná torracha agus pháistí chun báis – Iodálaigh, Spáinnigh agus Éireannaigh ina measc
Tharla an sléacht seo gan trua gan taise i rith dara hÉirí Amach na nDeasúnach (1579-1583). Bhí gabháltais na nGearaltach scriosta ag na Sasanaigh agus ba é seo an chúis gur chuir siad i gcoinne Eibhlís I agus a rialtais in Éirinn. Theastaigh uaithi seilbh a ghlacadh ar thailte thaoiseach Dheasmhumhan agus iad a thabhairt do phlandálaithe Sasanacha. Ba mhian léi an creideamh Protastúnach a bhrú ar na Gaeil freisin.
I mBaile Átha Cliath bhí eagla ar an rialtas go ndéanfaí ionsaí ar Éirinn le cabhair ón bPápa agus bhí na rialtóirí ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú nach leathnófaí an tÉirí Amach i gCúige Mumhan.
B’in díreach mar a tharla mar sheol an Pápa Gregory XIII agus Pilib Rí na Spáinne trúpaí cúnta chun cuidiú leis na reibiliúnaigh a bhí i nDún an Óir.
Tháinig siad i dtír i samhradh 1580 in Ard na Caithne agus thug siad airm agus airgead leo.
Ar an drochuair bhí réamheolas ag na Sasanaigh faoi theacht na dtrúpaí seo agus dheifrigh Fear Ionaid na Banríona an tIarla Arthur Grey le fórsa saighdiúirí chun Dún an Óir a chur faoi léigear. Ina theannta san chuir na Sasanaigh fórsa cabhlaigh faoi cheannas Richard Bingham go cuan Ard na Caithne.
Faoi 7 Samhain, bhí fórsa an Phápa faoi imshuí i nDún an Óir ag fórsa Grey agus dá bharr sin scaradh amach iad ó na clanna Éireannacha a bhí le teacht i gcabhair orthu.
Bhí lucht an éirí amach agus a gcomhghuaillithe ceaptha i ngaiste ag an dún mar bhí siad teanntaithe ag na Sasanaigh ar muir agus ag fórsa Grey ar tír agus bhí Cnoc Bhréanainn ar a gcúl. Mar sin bhí na Spáinnigh, na hIodálaigh agus buíon bheag d’Éireannaigh timpeallaithe gan bealach éalaithe acu.
Thart ar 700 fear a bhí ag cosaint Dhún an Óir – Spáinnigh agus Iodálaigh a bhformhór - ach bhí tuairim is 4,000 saighdiúir ag na Sasanaigh.
Níor mhair an léigear ach trí lá mar ba ghearr go raibh na Sasanaigh faoi cheannas Grey in ann bearna a dhéanamh i gcórais chosanta na saighdiúirí sa dún. Ón gcuan laistíos bhí gunnaí móra na longa Sasanacha á scaoileadh go tréan ar an dún.
Ar an 10 Samhain d’fhéach an ceannasaí Sebastiano Di San Giuseppe le síocháin a dhéanamh leis an Iarla Grey.
Ach bhí an greadadh a fuair Grey ag Gleann Molúra i gContae Chill Mhantáin ó Fhiach Ó Broin níos luaithe sa samhradh ag goilleadh go mór air agus ba bheag fonn a bhí air a bheith flaithiúil.
Cé acu ar thairg sé trócaire do na saighdiúirí cloíte nó nár thairg, níl amhras ar bith ann, ámh, faoi cad a tharla i ndiaidh dóibh géilleadh.
Rinneadh ainghníomh gránna ar fhórsa an Phápa uile - Iodálaigh, Spáinnigh agus Éireannaigh. Dícheannadh iad i bpáirc in aice láimhe - páirc a tugadh ‘Gort an Ghearradh’ uirthi ina dhiaidh.
Cuireadh na cloigne gearrtha i bhfaiche darb ainm ‘Gort na gCeann’- an láthair ina bhfuil an leacht cuimhneacháin faoi láthair. Caitheadh na corpáin isteach sa bhfarraige.
Chuir Séamus Heaney síos go scáfar ar an mbúistéireacht ina dhán Ocean’s Love to Ireland (1974): “Smerwick sowed with the mouthing corpses of six hundred papists”.
Bhí Walter Raleigh ar dhuine de na marfóirí ag Dún an Óir. Nuair a tháinig sé salach ar Shéamus Rí I cuireadh ina leith go raibh sé bainteach leis na maruithe in Ard na Caithne. Duine eile a bhí páirteach ann ná Edmund Spenser, file Sasanach aitheanta agus rúnaí an Iarla Grey.
Chosain Spencer cruálacht na Sasanach. Drochmheas a bhí aige ar mhuintir na hÉireann agus ar an mbonn sin a shíl sé an chruálacht sin a chosaint.
Níl mórán le feiceáil ag Dún an Óir anois. Is beag rian den dún a tógadh san Iarannaois atá le feiceáil agus is ar éigean a d’aithneodh cuairteoir an bruach amuigh agus an dá chlaí cosanta a tógadh in 1580.
Is áit ghleoite chiúin shuaimhneach í sa lá atá inniu ann; áit a d’fhéadfadh duine a scíth a ligean agus machnamh domhain a dhéanamh chun brí a chur ann féin arís.
Ní thiocfadh liomsa suaimhneas a ghlacadh ann, ámh; mar ní raibh mé ábalta screadach léanmhar ó chroí na mban agus na bpáistí a chur as m’aigne agus iad ag feitheamh ar ráib an chlaímh nó ar leadradh an tua i nDún an Áir.