Labhair Dia le Ióna agus dúirt: ‘Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Sharm el-Sheikh agus fógair oracal ina n-aghaidh, mar is ann atá tiarnaí an domhain cruinnithe le chéile, mar tá mallaitheacht ina mbriathra agus ní fada eile a mhairfidh an domhan.’
Ach bhí eagla ar Ióna toisc nár dhein sé obair mar seo riamh cheana agus theastaigh uaidh éalú. Mar sin chuaigh sé go dtí imeall na farraige móire agus chuaigh ar bord loinge ag bhí le dul trasna na mara go dtí na gealchathracha a raibh ór ar na sráideanna iontu agus thug sé airgead mór do chaptaen an tsoithigh.
Ar an tslí dhóibh, áfach, scaoileadh gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d’éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile. Tháinig scanradh a n-anama ar an bhfoireann agus b’éigean dóibh an lastas a bhí acu a theilgean amach as an long. Nuair nár leor sin b’éigean dóibh cuid de na daoine a bhí ar bord a chaitheamh amach, leis. D’fhéach siad timpeall agus chonaic siad Ióna.
‘Tá an chuma ort,’ arsa an captaen ‘nach mbaineann tú sa cheart linn. Déarfainn gur imirceoir eacnamaíochta tú, agus ar aon nós is léir go dtagann tú as tír a mbíonn an ghrian ag taitneamh ann.’
Leis sin, rug siad greim ar Ióna agus chaitheadar isteach san fharraige é.
Ráinig gur chuir Dia míol mór ag snámh san fharraige sin. Miorúilt ann féin ba ea é sin, mar is gann iad na míolta móra i bhfarraige ar bith. Is amhlaigh go raibh béal mór fáilteach ag an míol mór áirithe seo agus lig sé do Ióna gluaiseacht go deas réidh siar síos thar a chuid fiacla géara isteach ina bholg.
Bhí Ióna thar a bheith sásta leis féin óir bhí an áit go socair teolaí, agus tharla nach raibh snámh ar bith aige féin. Ba chuma nó seomra beag an áit laistigh den bholg. Níor réitigh dath na mballaí leis, ach ní raibh sé cáiréiseach faoi nithe mar sin. Agus bhí bíomaí láidre cuaracha ag coimeád na háite le chéile. Ach cibé duine a bhí anseo roimhe d’fhág sé an ball ina phrácás ar fad.
Bhí stuif caite ar fud na háite ar nós fágála chóisir mhic léinn. Plátaí plaisteacha faoina chosa, agus guma coganta greamaithe de na bíomaí. Málaí tae leata timpeall ar nós ealaíne teibí. Bindealáin shalacha ina strillíní ag gluaiseacht le luascadh an mhíl. Málaí dubha plaisteacha a raibh an dramhaíl a bhíodh iontu imithe fadó. Soip a n-óladh páistí deochanna astu, agus cinn eile a raibh rian dearg an bheoldatha ar a mbarr. Scuabanna fiacla ar déanadh dearmad orthu. Clúidíní leanaí nach raibh i gcónaí go baileach glan fara bréagáin dhaite a raibh a seal curtha isteach acu. Dhá chón tráchta a goideadh ó oibreacha sráide agus doras gluaisteáin a bhféadfadh sé suí air. Pacáistiú staighrifóim ina cháithníní sneachta i gcúinní ach gan a bheith i bhfolach.
Bhí alltacht air, agus ansin déistin. Níor chuid d’obair Dé a bhí ann. Toradh obair thiarnaí na cruinne gan aon bhréag. Nuair a bhí sé trí lá agus trí oíche i mbolg an mhíl mhóir scread sé ar Dhia teacht i gcabhair air arís ‘óir tá an dramhaíl dom chiorclú, agus mé i mbaol mo mhúchta, tá stuif gan mhaith ag brú isteach orm agus chuaigh mo cheann in ascar sa phlaisteach.’
Agus sceith an míol mór amach é agus ghread sé leis go dtí Sharm el Sheikh agus d’fhógair sé in aghaidh na dtiarnaí an t-oracal a thug Dia dó cé gur mhaith a thuig sé nach dtabharfaí oiread airde air agus a thabharfaí ar mhún dreoilín san fharraige mhór.