Is binn le daoine an t-amharc siar. Tharla a leithéid seo deich mbliana ó shin, nó a leithéid eile trí chéad bliain ó shin. Is de shuimiúlacht nach luaitear eachtra éigin a tharla trí scór is a seacht mbliana ó shin rómhinic, nó sé bliana déag nó…
Tá draíocht éigin ag baint leis na figiúir chruinne sin. Is beag an mhaith dáta scaoilte éiginnte. Chlannaíomar leis an gCómhargadh leathchéad bliain ó shin ar an gcéad lá d’Eanáir, agus is beag duine a mhaífeadh nár chun ár leasa é.
An chuid againn a bhí amhrastúil san am agus ár gcúiseanna againn, maireann smut den mheonaigne sin i gcónaí. Ní ar na cúiseanna leamha biogóideacha a luaitear de ghnáth, ach a mhalairt ghlan. Im chás-sa de go malartófaí cúinge na hÉireann ar chaoltuiscint na hEorpa agus go ndaingneofaí ár n-ionad mar smut beag de leithinis na hilchríche ar léarscáil mhór an domhain, mar a ritheann. Tá an baol sin ina bheatha i gcónaí agus an tuiscint ag fás gurb arm cosanta na hEorpa é Nato agus gur cheart dúinn clasú go daingean leo.
Má tá arm Eorpach le bheith ann táthar suite de gur géag de chuid Nato a bheidh ann. Is ag dul i ngiorracht dá leithéid atáimid in aghaidh na míosa agus gan aon ghlam daingean ag teacht ó FGFF ina choinne agus gan ach priosla beag uisciúil mar dhea ó na Glasraí. Beidh le feiscint an mbeidh aon mhiotal in Sinn Féin nuair a thiocfaidh siad níos gaire don choróin, nó an mbeidh airgead na bPoncánach níos luachmhaire ná na prionsabail a bhíodh acu go tréan? Ba mhaith liom é a chloisint uathu gan agús ná cleite cúil, ‘Ní bheidh baint ná páirt againn le Nato ná le hArm Eorpach agus sin sin’ go neamhleithscéalach.
Ar phlána na cruinne, áfach, níorbh é ballraíocht an stáit seo leis an gCómhargadh ba thábhachtaí, ach an taca seo leathchéad bliain ó shin gur síníodh Comhaontuithe Paris a chuir deireadh leis an gcogadh idir Vítneam agus na Meiriceánaigh. Cogadh é seo a mhair ó…bhuel tá sin ag brath ar pé acu an dtosnaíonn tú le hionradh na Fraince ar son concais de bharr sainte agus mustair choilínigh in 1847, nó malairt na Seapánach orthu in 1940 nó filleadh na Fraince le cabhair ó Shasana tar éis an chogaidh, nó chéad choiscéimeanna na Meiriceánach ar an bhfearann le toil Eisenhower in 1955.
Pé ní faoi sin, chomharthaigh bua Vítneam deireadh le dioscúrsa éasca na linne sin go raibh deireadh le teoiric an domanó, is é sin, dá dtitfeadh tír amháin don Chumannachas go dtitfeadh siad go léir máguaird. Níor mhaígh aon duine a mhalairt: dá mbeadh an bua ag na Meiriceánaigh go rachadh cách eile le caipitleachas cearrbhach meirleach an mhargaidh.
Ar eagla an dearmaid, anois go bhfuil impireacht amháin ag iarraidh tír eile a chloí i lár an lae ghléghil, ba chóir cuimhneamh siar ar a chomholc d’iarratas smachta gan cheart, gan chead, gan chóir, gan iarraidh. Scaoil na Poncánaigh níos mó buamaí anuas ná na buamaí go léir a scaoil gach taobh uile go léir anuas sa dara cogadh domhanda. Bhain siad leas, mo leithscéal, aimhleas as airm cheimiceacha agus as cnuasbhuamaí, gan trácht ar scrios bailte, ár, argain, dísciú, scartáil, abláil, foghail, creach, milleadh, céasadh agus gach coir chogaidh nach féidir leat a shamhlú duit féin. Maraíodh na milliúin agus leonadh níos mó. B’iad na barbaraigh ba mhó iad lena linn, agus b’é dícheall aon arm eile iad a shárú ó shin cé go bhfuiltear ag tabhairt a ndúshlán i gcónaí mar a bheidh. Go léir ar son an daonlathais agus na daonnachta.
Mar a deirim, ar eagla an dearmaid leathchéad bliain ó shin.