Bhí dream d’fhuntaimintigh bhíoblúla sna Stáit Aontaithe san 19ú haois agus fág gur ghlac siad gur focal Dé a bhí sna scrioptúir, ní róshásta le Dia a bhí siad. Is cosúil go raibh Íosa ag slogadh fíona ag suipéir agus ag cóisirí go déanach, agus go deimhin, bhí cás amháin ann nuair a chuir sé fíon den scoth ar fáil do lucht fleá bainise in ainneoin go raibh a bhformhór ar na starrtha cheana féin. Ós rud é gur chuir a n-intinn bheag chúng as a mbuille iad, d’athscríobh siad an Bíobla sa tslí gur cuireadh ‘sú fíonchaor’ isteach áit ar bith a raibh ‘fíon’ luaite.
‘Agus do chuaigh dá gcuid sú fíonchaor agus dúirt máthair Íosa leis, “Níl aon sú fíonchaor acu.”’
Cuireann sé blas eile ar an insint, gan amhras, gan trácht ar an díomá a bhí ar lucht na bainise.
Rud contúirteach atá ann dul ag tincléireacht le téacs atá seanbhunaithe, nó ar leis an údar go dílis é.
Roald Dahl bocht, táthar chuige, an dream a bhfuil eagla orthu roimh fhocail. Is mó sin duine láidir misniúil a sheasfadh sa bhearna bhaoil, a rachadh go tóin na farraige, a léimfeadh amach as eitleán gan pharaisiút, a chuirfeadh lámh i mbéal an leoin, ach nach leomhfadh an focal seo nó an focal siúd a rá, a léamh, ná a chloisint.
Augustus Gloop
Níl Augustus Gloop ramhar feasta. Is dócha gur féidir linn a rá go raibh blonag air nó go raibh méithreas ann, nó go raibh an-chuid geire ar a easnacha, nó gur buirlín fir é, go raibh sé ag titim chun feola, nó go raibh lán a chraicinn ann dó, nó gur plobaire duine é, nó gur rúbóg mhór de gharsún é, nó go raibh sé forlíonta go leor. Ní ceadmhach na focail nó na frásaí sin a úsáid, fiú sa chás ina mbíonn siad fíor.
Chuige sin, baineadh geit asam nuair a d’airíos go raibh leagan nua de Deoraíocht Phádraic Uí Chonaire á réiteach. Duine de na pearsana ann is ea An Bhean Mhór Ramhar. Deirtear liom go bhfuil an ‘ramhar’ le baint amach, agus nach mbeidh inti ach ‘An Bhean Mhór’ feasta.
Ach fóill ort, a éagaoin, ní féidir a rá go bhfuil sí ‘mór’ ach an oiread. Tugann sin, mar a deir siad, ‘an teachtaireacht mhícheart’. Dá bhrí sin is í ‘An Bhean’ a bheidh inti as seo suas.
Toisc mná eile a bheith sa scéal, tharlódh go gcothódh sin fadhbanna tuisceana, ach cad is fiú fadhbanna tuisceana agus mearbhaill suas is anuas le nach mbeadh daoine áfindid.
Tá ollscoil in Albain a d’fhógair go gcaithfí rabhadh a cheangal leis an úrscéal Kidnapped le Robert Louis Stevenson ar eagla go músclódh sé tuairimí i measc léitheoirí daoine a thabhairt as. Ba mhímhorálta agus ba chontúirteach an mhaise do Dharach Ó Scolaí a chuir Gaeilge air gan a amhlachas céanna d’fhógra a chur lena leagan siúd. Tá baol ann d’Áine Ní Ghlinn, leis, a scríobh úrscéal eile dar teideal Fuadach mura gcuirfí an pobal ar a n-aire gan daoine a scuabadh leo nuair a bheadh sé léite acu.
Beidh mar thoradh ar seo go mbeidh na scríbhneoirí ag seachaint focail seachas a chéile. Cheana féin tá ruarcán, lubhóigín, garbhóg, coinnleoir, alaisceach, leadhbán, pleota, sramaide, spéice, breallaire, arracht, stachaille, dúrapóg, diabhlánach, prioslachán, fuaramán, maistín, bobarún, ragairneálaí, sciotarnachán, goigeog, puinseachán agus sraoilleog díbeartha óm bhéal agam, focail a bhíonn in úsáid agam go laethúil mar gheall ar mo chairde.
Tá amhras anois agam roimh ‘deas’, ‘bog’, ‘glan’, ‘uasal’, ‘béasach’ agus fiú amháin ‘idir eatarthu’.
Dia go deo le sean Bhord Cinsireachta na hÉireann. Tá béist níos measa ná é ag bagairt orainn.