Ní rabhas ach im dhéaga fós nuair a thugas mo chéad chuairt ar láthair chath Chúil Odair. Ní raibh mórán eolais agam faoi, ach tuigeadh dom go raibh sé tábhachtach. Bhí nithe ina thaobh sna leabhair filíochta ar scoil a mhaígh gurbh ann a tháinig deireadh le feachtas na nGael teacht slán in Albain agus in Éirinn. Lá fuar fliuch ceobhránach a bhí ann de cheal Ionad Oidhreachta mar atá anois. Shiúil mé an móinteach agus chonaic mé na clocha cuimhneacháin do na finte ar déanadh slad orthu.
Níorbh é sin ba mhó a ghoill orm, áfach, ach an mothú. An bhraistint fhuar uafáis im thimpeall, an tost marfach, an dinglis uafáis a rith trí m’anam. B’é ba mheasa ná nach raibh míog le clos. Ciúnas iomlán. Éan ní raibh ag eitilt thar an mblár cogaidh.
Ba chóir go mothófá mar sin ar láthair gach uafáis. Ní mar sin a mhothaíos nuair a sheas mé ag crosbhóthar Bhaile Ó Síoda le déanaí inar tharla ceann de na huafáis ba bharbartha a dheineamar ar a chéile 100 bliain ó shin aréir. Níor mhothaigh, mar is ar bhóthar gnóthach atá láthair an áir anois, agus tá de ghnó ag an trácht an chuimhne a mhúchadh, go díreach mar is é sin aidhm an stáit agus na haicme polaitíochta atá ag iarraidh nach ndrannfaimis le cuimhneamh air.
Tá deich mbliana na gcuimhneachán ag teacht chun deiridh agus cloiseann tú an osna fhaoisimh ó thithe an Rialtais. Is mó d’osna fhaoisimh é maidir leis an gCogadh Cathardha mar b’fhéidir go nochtfadh an iomad den fhírinne cén sórt sinn nuair a bhaintear screamh na sibhialtachta agus mil na leithscéalta anuas.
Is ea, beidh alt nó dhó ann ar nuachtán thall is abhus an tseachtain seo, agus mír leathfholaithe ar chlár éigin nach dtabharfar mórán airde air. Bheadh slí amháin ann leis an mbearna eolais agus tráchtaireachta a thabhairt isteach, áfach, agus sin an clár faisnéise drámata a dhein an scannánaí clúiteach Pat Butler do RTÉ sa bhliain 1997, ‘Ballyseedy’, agus gur bronnadh iriseoir teilifíse na bliana air dá bharr.
Scannán cumhachtach cothrom neamhleithscéalach a bhí ann, insint oibiachtúil lom mhacánta ar imeachtaí an ama bharbaraigh sin. Ní raibh uisce le tarraingt ag an údar chun a mhuilinn féin, ná ba beannaithe le cur thar abhainn. Níor ghá sin. Ba leor an scéal gan cur leis ná baint uaidh.
Náire shaolta é nach bhfuil sé i gceist ag RTÉ é a thaispeáint arís, in ainneoin gurb í seo an uain bheo chuige. N’fheadairís cén fáth ó thalamh an domhain fhuiltigh a d’fhéadfadh a bheith lena leithéid de chinneadh in ainneoin go bhfuil dualgas orthu faisnéis dá leithéid a choimeád linn?
Ar eagla an aineolais, is amhlaidh le linn an Chogaidh Chathardha gur thóg an Rialtas Saorstátúil naonúr príosúnach amach, gur ceanglaíodh de mhianach talún iad, agus gur phléascadar an mianach ionas gur scaipeadh a gcuid ionathair ar fud géaga na gcrann ina smidiríní dearga. Bhí de leithscéal ullamh acu gur timpist a bhí ann agus gur pléascán de chuid na bpoblachtánach é a shéid gan choinne. Bréagnaíodh an bhréag go follas mar tháinig duine amháin saor de dheonú De agus an áidh dheirg.
Ba chuid d’fheachtas sceimhlitheoireachta é seo a d’imir an rialtas seo againne ar ár muintir féin. Coir chogaidh a bhí ann. Tá clocha boinn an stáit seo ina luí ar loch fola a gcuid saoránach, coir a bhí chomh do-mhaite barbarach le rud ar bith a dhein na Sasanaigh in Céinia, na Meiriceánaigh in Vítneam, na Rúisigh sa tSeisnia.
‘Ní raibh an dara rogha ann,’ arsa W.T. Cosgrave san am. Cár airíomar é sin cheana le déanaí?
Admhaítear ár gcionta; agus taispeántar scannán an Bhuitléaraigh arís.