Deir lucht tacsaí liom, daoine a bhfuil fios gach feasa acu agus tásc gach tairngreachta, gur fada leo an chéad toghchán eile. Is chuige atá siad go bhfuil an pobal nach pobal rothaíochta iad ag dúil le díoltas. Ní hé nach síltear go bhfuil an ceart maidir le téamh le cruinne agus gur gairid uainn an tine loscadh agus tuilte na hapacailipsis dár mbá, ach go bhfuil a fhios againn nach bhfuil ann ach tubaiste theoiriciúil go dtí go dtagann go cruinn chun an dorais nó chun an chósta chugainn.
Ach an oiread le tubaistí eile ní thiocfaidh chun baile chugainn go ceann tamaill, agus maidir le lá na coise tinne, nach bhfuil dhá chois ag an gcuid is mó againn? Maidir leis an dá chois sin, áfach, tá daoine ann agus is fearr leo rothaí go mór is go fada fúthu, go háirithe ceithre cinn.
Tá na Glasraí, mar a bhaist polaiteoir amháin de thimpiste ghlan dheas orthu tráth, ar a nglandícheall ag iarraidh sinn a tharraingt amach as ár ngluaisteáin chompordacha phríobháideacha áille agus sinn a shacadh isteach sa chóras poiblí áit a bhfuil baol scine, maslaí agus ciníochais. Cheana féin tá lánaí rothaíochta smeartha ar fud na gcathracha agus na mbailte móra, lánaí nach dtaithíonn aon duine seachas sean-hippíos nach bhfuair jab riamh agus aos scoile nach bhfuil a dtuismitheoirí sásta iad a thiomáint.
Is é is mian le hEamon Ryan agus a lucht leanúna gur ag gluaiseacht ar chuaráin de shiúl ár gcos ó shiopa go siopa ag iompar málaí móra ó bhus go Luas a bheimis agus gan aon eagla a bheith orainn go lobhfadh na trátaí nó na muisiriúin draíochta faoin am go sroichfimis an baile.
Is mór é m’eagla go bhfuil breall air agus nach rófhada uainn go mbeidh na lánaí rothaíochta céanna ina bhféar arís, nó mo leithscéal, ina gcoincréit agus ina dtarramacadam faoi leoraithe agus faoi SUVnna. Ba dhaoine deasa a thogh na Glasraí riamh, daoine nach salódh a bpeann sa bhoth vótála ar aon cheann de na páirtithe traidisiúnta, nach leomhfadh smaoineamh ar Shinn Féin, ar chuir an eite chlé sceimhle orthu agus a raibh díomá orthu maidir leis an Lucht Oibre Meánaicmeach a bhain sceilpeanna astu le pléisiúr le linn tréimhse ghéarghadaíocht na mbanc.
Nuair a thaibhseofar dóibh cad í an phraiseach-i-mála atá déanta dá gcuid bóithre áille le lánaí rothaíochta ag baint na slata díobh ar thaobh na dtaobhanna agus cosc ar pháirceáil i lár na gcathracha á bhagairt is gairid go mbeidh siad ag slógadh laistiar de na Daonlathaigh Shóisialta nach bhfuil aon dochar iontu fós.
Ceann de na moltaí a déarfá a bhfuil dealramh air maidir le daoine a mhealladh amach as a gcuid gluaisteán is ea go mbeadh taisteal saor in aisce le fáil ar an gcóras iompar poiblí. Déarfá é sin, ach bheadh dul amú ort.
D’fhéadfaí saorthaisteal do chách ar bhusanna, ar thramanna, ar thraenacha a sholáthar, d’fhéadfaí giollaí a chur ar fáil a chuirfeadh púdar lena mbarraicíní ar maidin, a sholáthródh bricfeasta le cloicheáin agus le seaimpéin, a sheinnfeadh ceol na n-aingeal le cór na bhflaitheas, a thaispeánfadh scannáin ghraosta ar a dtoil agus fós ní thréigfeadh daoine a gcuid gluaisteán.
Ní thréigfeadh, mar is fearann saoirse é an gluaisteán don duine a bhfuil ceann aige go fiú má tá sé gafa sa trácht is measa. Mar is ann atá gach cóir agus áis, gach saoráid, gan airnéis iniompair, cosaint ó phobal agus ó dhaoine nach áil leat, ó shúile fiosracha, ó chaint ghránna agus ó chluasa ar bior. Liostaí gan áireamh iad maitheasaí an ghluaisteáin do ghluaisteánaithe nach dtuigfeadh glasra go fiú má tá an chruinne ar bruach a loiscthe agus críoch ifreanda romhainn.