An bhfuilimid ann fós? An bhfuil sé thart fós? An féidir linn teacht amach anois?
Chloisfeá an osna gheoin agus an faoiseamh anála an tseachtain cheana tar éis an tsearmanais bhig leithscéalaigh sa Ghairdín Cuimhneacháin a bhí in ainm is ag cur deiridh le blianta fada na gcomórthaí. Íslíodh bratacha, chonacthas muineáil an chromchinn, ceoladh amhráin go binn agus seoladh amach go státúil ar eagla go mbeadh ar dhuine amharc ar ais.
Bhuel, sin sin anois. Slán go deo leis na seanlaethanta. Ní gá dúinn é sin a fhulaingt arís.
Thar aon cheann de na himeachtaí le deich mbliana anuas, seachnaíodh aon phlé domhain ar an gcogadh cathartha. Is ea, bhí roinnt seimineár ann, cúpla clár den scoth (agus cúpla ceann nár taispeánadh arís), imeacht áitiúil thall is abhus, fo-agallamh nuair a d’oir, ach ar an mórchóir ba dhóigh leat gurb é an timpeall ag seachnadh an teampaill a bhí ann.
Tá an Taoisiste agus an Táinseach ag malartú beatha ionas gur deacair iad a dheighilt duine ó dhuine feasta agus nuair a thagann siad le chéile ag tabhairt le fios go raibh an ceart ag an dá thaobh, agus an éagóir ar an dá thaobh, agus gur déanadh botúin ar an dá thaobh, ach an rud ba riachtanach ag an am céanna, agus bíonn an realpolitik agus an t-idéalachas ag cách araon sa mhiosúr céanna tá tuairim agat go bhfuiltear ag iarraidh brealsún a dhéanamh de dhuine éigin.
Is fíor, gan bhréag, go bhfuil an cogadh cathartha idir Fianna Gael agus Fine Fáil i leataobh, agus is fada ó bhí, seachas aighnis seanaigne agus imir éigin den aicmeachas ar deacair é a fheiscint. Is fada a mhair iarsmaí an chogaidh sin, ach bhí a sheal caite ó thosnaigh Fianna Fáil ag déanamh Fine Gael díobh féin, agus ó chrom Fine Gael ar bheith ina léiroidhre ar na Réamonnaigh. D’fhág sin bearna amuigh ar na himill, bearna a dhein go leor den eite chlé iarracht ar a thabhairt isteach sular slogadh isteach i leagan éigin de Pháirtí an Luch Oibre iad, agus a bhfuil Sinn Féin ag iarraidh é a líonadh go mear sula ndéanfar Fianna Fáil díobh.
Uaireanta, thaibhseofaí duit go bhfuil an uile ní ag filleadh ar an mbliain 1913 nuair a cuireadh tús leis na pléarácaí seo go léir, ach amháin go bhfuil greim níos daingne ag an aos airgid ar an tír anois seachas mar a bhí ag an aos caipitil ag an am sin. Tá na spéartha idirnáisiúnta ramhar agus dorcha agus na cumhachtaí móra ag téisclim chun cogaidh arís. Guthanna láidre á n-ardú ag áiteamh go gcaithfimidne a bheith páirteach ann agus nach foláir fir agus mná óga a sholáthar do bhéisteanna an áir ar scáth ‘slándála’. Cá bhfuil a mhalairt de ghlam ag béiceach ó na harda nach mian linn a bheith inár bpriompalláin arís ar bhualtrach na gcumhachtaí móra?
Níor imigh scáil an chogaidh chathartha riamh. D’aistrigh sí ó thuaidh. Ní ag caint ar Sinn Féin amháin atáim, cé go mbaineann sin leo, óir tá siad chomh gasta ag tóch i mála na leithscéalta le dream ar bith eile. D’aistrigh dearmad an phobail ó dheas don phobal náisiúnta soir ó thuaidh, ionas go raibh amhras ar chách, ba chuma John Hume nó Austin Currie nó foireann caide Ard Mhacha sa treis. Thuirling meon gránna cúng críchdheighilteach ar an stát abhus, meon a bháigh an chiontacht a bhain lenár gcogadh cathartha féin, agus leis na himeachtaí barbartha a rabhamar páirteach iontu.
Más dóigh leat go bhfuil ár gcogadh cathartha thart, fan go dtí an chéad olltoghchán eile. Ní bheidh aon oidhre air ach toghcháin na 1920í, ach malairt ainmneacha ar na himreoirí.