Bíonn mustar buan orainn gur sinn atá forásach dul-chun-cinniúil thar chiníocha agus mhuintireacha eile an domhain. Sinne, is é sin, pobal forásach fórsúil na hEorpMheiriceá ar ríthe an domhain sinn. Is linne an aimsir láithreach, ba linn an aimsir chaite (seachas cúpla míle bliain) agus is linne an aimsir fháistineach (fág go bhfuil a mhalairt de thuairim ag formhór an domhain).
Is mó sin cleas agus eolaíocht a bhfuil pobail eile an domhain ag breith suas linn ina dtaobh, ach tá ealaín amháin atá caillte againn, ealaín a chuireann cor mór in eagrú stát ar bith, agus ar féidir go rachadh chun dochair nó chun sochair na ndaoine.
Ceann de na healaíona sin is ea an scil coup d’état ceart a chur ar bun. Bhímis iontach maith ina dtaobh, go háirithe i dtíortha eile i bhfad uainn. Cé a dhéanfadh dearmad ar an tslí inar díbríodh Mohammad Mossadegh, príomh-aire na hIaráine sa bhliain 1953, nó Salvadore Allende sa tSile in 1973? Dhéanfadh go leor dearmad, gan amhras, ach is fiú a mheabhrú dúinn nuair a bhíomar oilte chuige.
Is fíor go rabhamar féin, Gaeil Éireann, tuaipliseach in aon eagrú ar rialtas dleathach a chur de dhroim seoil, seachas b’fhéidir 1798. Bhí Emmet saonta, ní mór ná gur fhógair na Fíníní go raibh siad réidh ullamh chun gluaiste, agus dhein 1916 an botún ba mhó, gan Caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil nuair a bhí sé leata os a gcomhair amach nach mór le cuireadh is le hiarradh.
Ní féidir gur cúis gháire chugainn, mar sin, cóip shráide an Trumpaigh ag gluaiseacht leo mar dhaoscarshlua ar lá Nollaig na mBan 2021 ag iarraidh a bprumpaí a phlancadh anuas ar shuíocháin an Capitol.
Níorbh aon Vladimír Uilíoch Lenin é Prichóisín agus é i mbun an ionraidh bhóthair i gcoinne Púitín. Ar a laghad bhí cuma na réabhlóide air, murab ionann agus gramaisc an Trumpaigh nach raibh oiread agus tanc amháin acu. I lámhleabhar na gcoup d’état tá sin ann mar mhír uimhir a haon: bíodh ar a laghad tanc amháin agat.
Is fíor nach raibh tanc ar bith ag Mussolini ina mhórshiúl chun na Róimhe, ná ag an nGinearál Eoin Ó Dufaigh ina sheó bóthair ar Bhaile Átha Cliath, ach b’in sular éirigh na tancanna sin, nó innill dá samhail, éigeantach.
Nílim cinnte cé acu arbh é Bertrand Russell nó GB Shaw seo againne a dúirt nuair a d’fhill sé ó thuras chun na Rúise i 20idí na haoise seo caite gurbh é an cumannachas an t-aon chóras a choinneodh smacht ar charachtair in úrscéalta Dostoevsky. Fág cumannachas ann nó as, thuigfí dó. Bhí mórshiúl Phrichóisín chomh baoth le cailíní saonta Chekhov, chomh leamh le Turgéiniv, chomh bréagmhianach le Tolstoi, chomh fileata neamhthorthúil le Rozanov, chomh Rúiseach le Dostoevsky féin. Bhí ar nós stair na Rúise féin: mórghuthach, breallmhianach, greannmhar, tragóideach, garbhfhileatach, amaideach agus gan tuairim ag duine ar bith fós cad a bhí ar siúl.
Tharlódh nárbh ann ach gur theastaigh ó Phrichoisín smacht a chur ar cheannairí an airm ar bheag an meas a bhí aige orthu, go háirithe an Ginearál Sergei Seoighe, nach foláir nó bhí sinsir aige i gContae Mhaigh Eo. Nó gur shíl sé go bhféadfadh sé Púitín féin a chur in áit na leathrúbal.
Pé ní mar gheall ar sin, tá ceannas na gcoup d’étatanna imithe ó Mheiriceá Theas chun na hAfraice le blianta beaga gearra anuas. Is iad tíortha na hAfraice na máistrí is máistriúla ar an gceird. Ón mbliain 2020 i leith cuireadh scata coup d’état i bhfeidhm go héiritheach in Mailí, Burkina Faso, sa tSúdáin agus i nGuine.
Níl siad botúnach amaitéarach tuaipliseach mar atá na Rúisigh is na Poncánaigh. Foghlaimítear uathu!