Ar nós formhór ár muintire a bhfuil cead agus cóir taistil againn, ba mhinic mé ar eitleáin. Eitleáin den uile chineál, ní foláir a rá. Ceann breá bog a thuirling ar thrá ghainimh Eilean Bharraigh in Albain, ceann den bheagán sin aerfort ar domhan inarb ionann an trá agus an rúidbhealach. Tú ag dúil nach marófaí an iomad faochain faoi rothaí an eitleáin.
Ag teacht isteach i dTalamh an Éisc agus súil le Dia agat go ndéarfadh an píolóta go bhfaca sé an stráice thíos tríd an gceo. Dom mheá le dul go hÁrainn ionas go mbeadh duine ar chomhthoirt im aice chun cothromaíochta a choimeád leis an árthach. Buachaill óg ag casadh an liáin san Afraic le súil is go músclódh an t-inneall.
Ach a bhformhór mór, gan amhras, gnátheitiltí ar ghnátheitleáin le gnáthdhaoine le hóstaigh bhaineanna is fhireanna chomh béasach le duine ar bith a dhein cúrsa bailchríche i scoil ghalánta san Eilvéis.
Nuair a fhiafraítear ag ceann scríbe díot, ‘Conas mar a bhí an eitilt?’, ní foláir leat a rá ‘mar a bhíonn i gcónaí’ munar tharla aon spásárthach lasmuigh den fhuinneog, nó tuirlingt éigeandála, nó peileadóirí ar meisce tar éis cluiche eile a chailliúint le glóire.
Luaim é seo ar fad, ní ar son go mbeadh daoine dom cháineadh go bhfuil mo spág charbóin ar an talamh róthrom, ach le rá ar mo dhul ar bord aon eitleáin níor chas mé ar chlé riamh. Is é sin, níor chuaigh mé riamh laistiar den chuirtín síoda agus sróil isteach san áit a dtugtar ‘an chéad ghrád’ air. Lena rá ar bhealach níos loime, níor leag mé mo phrumpa síos ar shuíochán na haicme gnó ar feadh an chúpla soicind féin a thógfadh sé orthu mé a dhíbirt.
Ní bhfuair mé riamh seaimpéin ar iarraidh ná caibheár san oíche ná giolla a chuirfeadh púdar ar mo chneas, ná cosmhuintireach a dhéanfadh aire do laidhricíní mo choise bige agus rogha gach aoi eile ach é a lorg.
Sin é fuascailt faidhbe RTÉ duit go gonta! Tá ‘aicme ghnó’ nó ‘aicme chéad ghrád’ ann do dhaoine a bhfuil airgead acu, nó mo leithscéal, airgead ag na comhlachtaí a bhfuil siad ina ngiollaí dóibh nó ina mbossanaí orthu. Níl a leithéid de rud agus ‘grád na státseirbhíse’ ann, nó ‘grád na n-altraí’, nó ‘grád lucht glanta oifige’, nó ‘grád tuathánach grafadh ghoirt’ ann, ach tá grád ann dóibh siúd atá ag marcaíocht ar allas daoine eile.
Is é sin, d’fhocail ghearra, tugann lucht an airgid aire dóibh féin siar amach, agus nuair a dúradh go rabhamar go léir le chéile le linn na cóivéide mallaithe, mar a tharla, ní raibh, sa chás is go raibh breall orainn ina thaobh.
Baineann seo ar fad le teidlíocht na ndaoine atá lasnairde sna scamaill os cionn na coitiantachta, na busmhuintire, na traeinmhuintire, na muintire ar theacht isteach seachtaine, gur dícheall dóibh an morgáiste a íoc, cíos na míosa a bhailiú le chéile, páistí a chur ar scoil na comharsanachta, ticéad a cheannach don phictiúrlann, ar mian leo dul ar laethanta saoire go fiú le Ryanair, ar milis leo McDonalds, ar riachtanas dóibh an chippy logánta, ar gátar dóibh an comhaireamh leanúnach agus an leathshúil cham ar bhainisteoir an bhainc.
Nochtadh eiseamláireach dúinn is ea scannail RTÉ faoi láthair, ach samhail é ar chúrsa an tsaoil. An té atá thuas, óltar deoch air (ach íocann daoine eile as), an té atá thíos….ní chloistear ina thaobh go nochtar an fhírinne lastuas agus go dtosaítear ag screadaíl laistíos.
Tá bearna idir lucht rachmais ghnó agus an saol coiteann nach féidir leis an tsamhlaíocht bhuile féin a thabhairt isteach, bearna atá á léiriú dúinn braon ar bhraon, deoir ar dheoir.