Conas ar éirigh leis a scríobh ar éirigh leis a scríobh?
Ba gheall le monarcha aon fhir é Breandán Ó Doibhlin ar son litríocht agus saoithiúlacht na tíre seo a nuachan, a chruthú is a léirmhíniú. D’imigh sé uainn an tseachtain seo caite tar éis seirbhíse breis mhaith is trí scór bliain i mbun scríbhneoireachta, cumadóireachta, eagarthóireachta, sagartóireachta, foclóireachta, tiomsathoireachta, meastóireachta agus aistritheoireachta, mura bhfuil aon rud ligthe i ndíchuimhne agam sa liosta gairid sin.
Nuair a bhíos sa mheánscoil bhí tús á chur le leabharlainn, agus bhí preas amháin ina raibh scata leabhar nach bhfaca mise riamh cheana. Ina measc bhí L’Attaque Eoghain Uí Thuairisc lena chlúdach cineál gorm, Dianmhuilte Dé le Diarmaid Ó Súilleabháin leis an gclúdach sin ar a raibh fear a bhí, b’fhéidir, ag deisiú líonta, agus Néal Maidne agus Tine Oíche le Breandán Ó Doibhlin. Mo thuairim gur bhain siad le Club Leabhar na bliana, agus is iad a bhí faoi ia ghloine i bpreas a tharla a bheith sa halla mór lúthchleasaíochta a dtabharfaí giomnáisiam air inniu. Ní hé nach raibh cead againn iad a bhreithniú fad síneadh méire uainn, ach ní dúirt aon duine de na múinteoirí linn go bhféadfaí iad a láimhseáil, ní áirím iad a léamh.
Cúpla bliain ina dhiaidh sin is ea a chromas ar iad a léamh nuair a buaileadh isteach im aigne go raibh litríocht iontach na Gaeilge níos fairsinge ná Séadna (dá fheabhas é!), M’asal Beag Dubh (dá bhréagmhaoithní is atá), nó Séamus Ó Grianna Máire é féin a bhfuil faillí náireach déanta againn air.
Léigh mé Néal Maidne agus Tine Oíche cúpla uair. Níl a fhios agam an dtuigim fós é. B’fhéidir go raibh sé róBhíoblúil dom, róSheanTiomnach agus pobal ag sireadh na tír tairngreachta nach dtiocfadh choíche i gcrann. Ach bhí an prós, an stíl, an Ghaeilge mhíorúilteach mhilis bhinn níos fileata filúnta ná aon rud a léigh mé roimhe cheana agus nach léifinn ar an gcuma sin a choíche ná go deo arís.
Conas ar éirigh leis teacht ar an teanga shainiúil sin agus é in aois a óige? Níl tuairim agam. Ach mar bhuille faoi thuairim amscaí chiotrúnta bhain i gcéadóir, mar a bhaineann gach tástála teanga, lena thumadh go bádhomhain sa litríocht Eabhrach Chríostúil agus ina dhiaidh sin sa bhFraincis iarthuathnách, an Fhraincis a d’fhág caint na ndaoine garbha ina diaidh.
Tá sin éigeart agus éagothrom, chomh maith, mar d’aistrigh sé an scríbhneoir ba ghránna garbh graosta focal Fraincise go Gaeilge, Rabelais é féin, agus chuir sé Gaeilge gharbh ghránna álainn air.
Má bhí Francbhách riamh ann, b’é sin é. Ceist mhór mhaith í do lucht léinn agus tuairimíochta, cad ina thaobh an raibh sé tairbheach forlámhas na hAnglaisféire a mhalartú ar uaisliú na Fraincisféire? Ach ba thairbheach agus ba thorthúil a raibh ag smaointe na bhFrancach ar tharraing sé isteach chugainn iad sa chasadh a chuir sé ar Irisleabhar Mhá Nuad 1966 a bheadh dírithe feasta ar nua-litríocht na Gaeilge.
B’ionann agus ardghairm é go nglacfaí le nualitríocht na Gaeilge (b’í sin, aon rud le cúpla céad bliain anuas ach an litríocht chomhaimseartha go háirithe) mar ábhar bailí léinn. Agus sea, agus ábhar taitnimh. Agus eolais, agus gaoise.
B’í litríocht na Gaeilge bia agus beatha dó. Fágtar gach rud eile i leataoibh, na haistriúcháin, na cóiriúcháin, an diagacht, an stíl álainn fhileata a chruthaigh sé, ba ghaisce thar meon is thar insint na manuail de litríocht na Gaeilge a chuir sé le chéile arb athleaganacha ar scoth de mhachnamh ár dteanga iad, is arb iad a choinníonn an ceangal eadrainne ionas nach mbeimis aineolach ar na prionsabail ba naofa dá chroí, an Caitliceachas fairsing agus an Éire leathan gan bhearna.