Níl ann ach gur phrioc sé m’aigne, faoi dhó le tamall anuas. An chéad uair le hollamh ollscoile agus an dara huair le tráchtaire aitheanta a mbíonn gach rud ar eolas aige. Tá drochintinn agam a chromann ar ghluaiseacht go mear nuair a chloisim cliché á reic le siúráilteacht thar amhras, go háirithe nuair is léir nach bhfuil pioc fírinne ann.
Sa chás seo is é eireaball an mhadra chlamhaigh eile sin a thugann le fios gur teip ba ea an stát Éireannach ó thosach agus nár lasadh an solas go dtí gur tháinig Lemass lena gheataire agus gur chuir fán agus scaipeadh ar na seanphúcaí. Ag díriú ar 50idí na haoise seo caite a bhíodar beirt, á áiteamh go léanmhar go rabhamar cúngaigeanta, machnamhdúnta, inbhreithnitheach ag féachaint isteach orainn féin i mblianta na doircheachta sin go ciúin.
Ba neamhghá aon fhianaise leis na ráitis ón gcathaoir údarásach a thabhairt, dar leo, mar is faoin scáth neamhscrúdaithe sin a mhairimid rómhinic gan cheist.
Is ea, bhí an saol dian go maith ar go leor daoine sna 50idí sin, agus bíodh a theist sin na mílte mílte arbh éigean dóibh an bád bán a thógaint orthu féin tar éis dóibh droichead na ndeor a thrasnú amach as umar na haimléise. Níl aon duine á shéanadh sin.
Ach sinn a bheith inbhreithnitheach, cúngaigeanta, ag déanamh cúraim dár n-imleacán féin? Nár dhóigh leat gur leor an rabharta imirce sin lena bhréagnú gan chasúr? Bhí eolas fairsing ag pobal na hÉireann ar an domhan mór amuigh ansin, mar is ar an domhan mór sin a bhí triall ár muintire. Is mar sin a bhí ó aimsir an gorta, nó roimhe, ionas go rabhamar ar cheann de na tíortha is mó agus is fairsinge radharc dá raibh riamh ann.
Fág na litreacha sin go léir a bhí ag teacht abhaile ó na ceithre hairde as áireamh, go háirithe ó thíortha an Bhéarla, bhí misinéirí na hÉireann scaipthe ar fud na hAfraice, na hÁise agus Mheiriceá Theas rud a thug toise leathan don eolas idirnáisiúnta a bhí riamh againn.
Agus ós ní é gur phéac an reiligiún aníos sa phlé seo, Caitlicigh Rómhánacha ba ea formhór de phobal an stáit, agus ar eagla nár tugadh an méid sin faoi deara, eagraíocht ilnáisiúnta ar fud na cruinne ó mhol go mol agus soir siar is ea an eaglais chéanna. B’ionann bheith páirteach inti agus a bheith mar shlánchuid dhílis de cheann de na hinstitiúidí b’fhairsinge is b’idirnáisiúnta sa saol.
Inbhreithnitheach, am baist!
Teach ar bith a raibh Radio Éireann le cloisint ann, agus b’in formhór de thithe na tíre, ba thúisce Nat King Cole, nó Doris Day nó Perry Como, nó Frank Sinatra ag fáil bheith istigh id chluasa ná aon rud a bhféadfaí ceol dúchais a thabhairt air agus Din Joe san áireamh. Ar chúis éigin, ní shamhlaím go mbaineann ‘That’s Amore’ le Lios Dúin Bhearna ná ‘Love Letters in the Sand’ le Trá an Choma.
Formhór mór na leabhar a raibh éileamh orthu agus á léamh ba leabhair anall iad ón mBreatain agus ó Mheiriceá, óir fíorbheagán údar Éireannach a bhí ar an bhfód suas is anuas leo. Ditto agus mar a chéile leis na hirisí éagsúla a dhathaigh na siopaí. Agus, cad a bhí á léamh ag an aos óg de cheal teilifíse agus teileafóin smeartáilte? Bhí greannáin go tiubh ag dul ó láimh go láimh, Topper agus Victor agus Hotspur do na buachaillí, Bunty, Judy agus Princess do na cailíní. Níor mheáigh Boy’s Own na mBráthar Críostaí faic sa tada mar mhalairt orthu.
An mó duine a chonaic scannán Éireannach sna 50idí cúngaigeanta inbhreithnitheacha oileánteoranta dallaphúicíneacha?
Cliché eile curtha chun báis agam. QED.