Tá's ag daoine go bhfuil a leithéid de rud is ciníochas ann, ach ceaptar go bhfuil an chuid is measa de dulta ar gcúl. An nochtadh is soiléire de a bhí le feiscint le déanaí ba ea an tslí ar caitheadh le gormaigh óga sna Stáit Aontaithe go háirithe de dheasca iompar na bpóilíní. B’fhollas go raibh toise láidir de laistiar de ghluaiseacht an Bhreatimeachta, cé nach raibh cead é sin a rá. Ná ní shílim gur mhaith leat a bheith id shaoránach de bhunadh Arabach in áiteanna i bplódchathracha na Fraince.
Ceaptar, áfach, sa chás is go mbeadh caoi ar roth na staire a chasadh ar ais nach ndéanfaí na nithe gránna a déanadh, an sclábhaíocht, an fhuipeáil, an carcrú, an neamhaitheantas dlíthiúil. Táimid i bhfad níos sibhialta anois, nach bhfuil?
Mar a tharla, bhí deis ag muintir na hAstráile nod beag suarach a thabhairt mar chúiteamh siombalach ar an éagóir as cuimse a dhein siad ar bhundúchasaigh a críche sa reifreann a tionóladh ann an tseachtain seo caite. Is é a bhí ann aitheantas éigin a thabhairt dóibh sa bhunreacht agus cead comhairle bhán leamh gan fiacla a bhunú ina bhféadfaí a nguth a chloisint ar ábhair a bhain leo féin. Ní shílfeá go mbeadh a leithéid sin conspóideach. Diúltaíodh scun scan siar amach dó.
Níl oiread eolais ag pobal an domhain mhóir ar an sléacht agus ar an ár a déanadh ar phobal dúchais na hAstráile ón uair gur thuirling an Captaen Cook a chuid amhas ar an áit i ndeireadh an 18ú haois. Tógadh go leor ógánach ar scannáin a bhain leis na buachaillí bó agus ina raibh ‘na hIndiaigh’ ag teacht anuas as na sléibhte agus ag liúraigh timpeall ar chiorcal na vaigíní san iarthar fiáin dóibh. D’fhéadfadh go leor againn ainmneacha bhuíonta na ndaoine ‘rua’ a chur os ard gan doic: na Sioux, na Choctaw, na hApache. Scannáin agus leabhair eile go hiomadúil mar gheall ar an sclábhaíocht, go háirithe le blianta beaga anuas.
Aon ní mar é, níl againn maidir le concas na hAstráile de. Go deimhin, b’é an port tosaigh a lean ar feadh i bhfad ná gur terra nullius, fearann folamh, a bhí san áit. Ní raibh aon duine ina chónaí ann. Ba thúisce a luafaí cangarú, nó diongó, nó éamú leis an mball tíre seachas aon neach den 400 náisiún a bhíodh ann tráth. Bhí an easpa aitheantais chomh láidir sin nár síníodh conradh de shaghas ar bith idir na bundúchasaigh agus na plandóirí, go fiú mura mbeadh ann ach ar son a bhriste.
Áirítear breis agus 300 coscairt éagsúil a imríodh orthu idir 1788 agus 1930 agus dhein an bholgach agus an fliú agus an tsifilis a gcion féin den scrios gan gunna nó claíomh a bhac. Bhí a gcuid leanaí á bhfuadach agus á sacadh isteach i scoileanna an stáit d’fhonn sibhialtacht a mhúineadh dóibh suas go dtí 70í na haoise seo caite. Nuair a mhaígh gobharnóir Queensland in 1866 nach dtiocfadh feabhas ar bith ar a mhuintir féin murach ‘the gradual disappearance of this unimprovable race’ is ródhócha go mbeadh sé thar a bheith sásta inniu. Ar éigean 3% de phobal na críche ar fad iad anois, fág gur díobh an ceathrú cuid de phobal na bpríosún.
Ní shamhlaím go raibh eagla ar fhormhór na nAstráileach geal go mbeadh éirí amach i measc na mbundúchasach a chuirfeadh a seasamh is a gcompord féin i mbaol. Is é a bhí ann bláth beag sa bhfuinneog, ach bláth a thabharfadh le fios gurb ann dóibh.
Dealraíonn go bhfuil an chuma air gur fearann folamh fós é an Astráil, folamhaithe de na pobail sin a chéadlonnaigh ann 60,000 bliain ó shin.