An Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options

Tá athruithe móra i ndán don Ghaeilge sa státchóras sna blianta atá amach romhainn

An Cheathrú Ghaeltachta. Grianghraf: Nick Bradshaw/The Irish Times

Ar fhreastail tú ar Ghaelcholáiste nó ar Ghaelscoil, nó ar tógadh le Gaeilge tú? Nó b’fhéidir gur fhreastail tú ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht agus gur chuir tú suim sa teanga ansin nó nuair a bhí tú ar scoil.

Más rud é go bhfuil suim agat sa Ghaeilge agus gur mhaith leat í a úsáid i’d ghairm amach anseo, b’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar An Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options an tseachtain seo. Beidh eolas ar fáil do dhaltaí scoile ar na féidearthachtaí a bhaineann le gairmeacha beatha agus ar dheiseanna staidéir sa teanga.

Ón uair a bunaíodh an Stát bhíodh cumas na Gaeilge ina choinníoll fostaíochta d’earcaithe sa státsheirbhís ach cuireadh deireadh leis an riachtanas sin in 1974 mar chuid de chúlú an Stáit ó athréimniú agus athbheochan na Gaeilge.

Tamall gairid roimhe sin, agus ba léiriú eile fós é ar chúlú an Stáit, tairgíodh lánstádas don Ghaeilge sa Chomhphobal Eorpach in 1970. Ach mar a tuairiscíodh ó shin, dhiúltaigh Rialtas na hÉireann glacadh leis. Mar bharr ar an donas, as sin amach bhí ar iarrthóirí Béarla agus teanga amháin oifigiúil eile a bheith acu nuair a fógraíodh poist i maorlathas na hEorpa. Ní raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha sin.

READ MORE

Ach mar a deir an seanfhocal, is é an dóchas lia gach anró, agus de bharr feachtais ón mbun aníos, tá athruithe móra tagtha ar an scéal ó shin.

Rinne Rialtas na hÉireann iarratas in 2005 go ndéanfaí teanga oifigiúil agus oibre den teanga agus bronnadh an stádas sin uirthi in 2007. De bharr go raibh ganntanas acmhainní ann ag an am, idir fhoireann aistriúcháin agus áiseanna teicneolaíochta Gaeilge, cuireadh maolú i bhfeidhm go dtí gur ardaíodh é sin in 2021. Tá stádas iomlán oifigiúil ag an teanga anois agus tá sí ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an aontais.

Synge Street CBS is to admit girls for first time in 160 years and become an all-Irish GaelcholáisteOpens in new window ]

Tá deiseanna fostaíochta ar fáil dá bharr agus tá líon mór daoine ag obair san AE mar aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge.

Táthar ag súil leis freisin go mbeidh deiseanna breise fostaíochta ar fáil in Éirinn. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, beidh ar 20 faoin gcéad de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí a bheith inniúil ar an nGaeilge faoin mbliain 2030. Gealltar freisin go mbeidh gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge.

Caithfear, mar sin, a chinntiú go mbeidh soláthar maith céimithe ann faoin spriocdháta sin. Tá sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta feachtas feasachta náisiúnta a reáchtáil go luath a dhíreoidh ar na deiseanna fostaíochta sa státseirbhís dóibh siúd le Gaeilge.

Is chuige sin a shocraigh an Irish Times ar thogra nuálach, An Cheathrú Ghaeltachta, a reáchtáil anuraidh mar chuid de Higher Options - mhórthaispeántas an Irish Times do dhaltaí na 5ú agus na 6ú bliana.

Beidh breis agus 130 seastán ag ollscoileanna agus ag institiúidí eile oideachais ag Higher Options i bpríomh-halla an RDS i mbliana agus cuirfear gach cineál eolais ar fáil do dhaltaí scoile faoi chúrsaí tríú leibhéil.

Mar chuid d’ócáid na bliana seo, reáchtálfar painéil plé a mbeidh saineolaithe rannpháirteach ann agus eolas faoi ghairmeacha beatha le Gaeilge á roinnt acu ar an lucht freastail.

Reáchtálfar plé ar ghairmeacha le Gaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta ar an gCéadaoin agus ar an Deardaoin ó 10.15-10.35 agus ó 13.25 go 13.45. Reáchtálfar plé an Aoine ó 11.25-11.45.

I measc na gcainteoirí beidh:

Páidí Ó Lionáird – Tá dhá bliain caite ag Páidí ina Bhainisteoir Cumarsáide le hOifig an Choimisinéara Teanga. Tá dhá ghné den obair sin ann: an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta agus comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas faoina gcuid dualgas. Roimhe sin, ba chraoltóir, oideachasóir agus iriseoir é – le RTÉ agus TG4 ar feadh 25 bliana.

Ruadhán Mac Cormaic – Ceapadh Ruadhán ina eagarthóir ar The Irish Times i 2022. Roimhe sin, chaith sé tréimhse ag obair ina leas eagarthóir ar an nuachtán ó 2017-2022. Thosaigh sé ag obair don nuachtán in 2007 nuair a bhuaigh sé duais chomhaltachta dar teideal The Douglas Gageby Irish Times fellowship for young journalists. Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí ag obair ina chomhfhreagraí imirce, ina chomhfhreagraí i bPáras, ina chomhfhreagraí gnóthaí dlí agus ina chomhfhreagraí gnóthaí eachtracha.

Pól Ó Grádaigh – Is Oifigeach Gnóthaí Teanga leis An Coimisiún Eorpach é Pól. Tá sé freagrach as Éireannaigh a spreagadh le teangacha a fhoghlaim agus le cur isteach ar phostanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sular tháinig sé go dtí an Ionadaíocht, chaith Pól dhá bhliain ina aistritheoir Gaeilge i gceanncheathrú an Choimisiúin sa Bhruiséil. B’iriseoir é Pól roimhe sin. Thuairiscigh sé ó Chaireo don áisíneacht phreasa Ghearmánach dpa sna blianta suaite tar éis réabhlóid 2011 san Éigipt, agus ansin ó Pháras idir 2017 agus 2020. Chaith sé tréimhse i státseirbhís na hÉireann roimhe sin ag obair ar cheisteanna éagsúla, stádas na Gaeilge sa chóras rialtais áitiúil san áireamh.

Orlaith Nic Ghearailt – Is as Tiobraid Árann d’Orlaith agus thosaigh sí ag obair le Conradh na Gaeilge in 2016. Is bainisteoir acmhainní daonna agus feachtas feasachta na heagraíochta í. Bíonn an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan, Seachtain na Gaeilge le hEnergia, féile ina nglacann suas le milliún duine páirt ann gach bliain, á bainistiú aici.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.