Foclóir: Bréagáin - toys; féiríní - gifts; málaí gualainne - shoulder bags; táirgí - products; athlámh - second hand; manaí - slogans; muicfheoil - pork; neamhspleách - independent.
Bréagáin: ‘Nuair is fearr an súgradh, is ea is deise ligean dó'
Siopa.ie: Suíomh é seo atá breac le hearraí Gaelacha – ina measc tá cluichí boird & acmhainní foghlama - agus is féidir cúrsaí Gaeilge a chur in áirithe anseo freisin. siopa.ie
Siopa Údar: Siopa ar líne Ghlór na nGael. Tá cluichí Gaeilge, leabhair, ábhair foghlama agus táirgí eile spraoi ar fáil. Tá lascainí ar fáil. siopaudar.ie
Cártaí Nollag: ‘Níor tháinig an Nollaig ariamh gan chabhair’
Mara Duit: Díolann Mara Duit cártaí, málaí gualainne le zip, cupaí in-athúsáidte, agus féiríní eile - ina measc, páipéar Nollag le bronntanais a chlúdach le beannachtaí as Gaeilge. maraduit.com.
Ireland’s 11 billionaires saw their wealth grow by a third to €50bn in 2024
Pancreatic cancer: ‘I just can’t explain what it felt like hearing those words’
Remote working in Ireland: People ‘are being pushed back to the office against their will’
‘The phone would ring and it would be Mike Scott from the Waterboys or Bono from U2. Everyone wanted to talk to my father’
Smaointe: Tá cártaí le beannachtaí as Gaeilge orthu ar díol chomh maith le líon mór leabhar ar athlámh. smaointe.com
Mireog: Cártaí, leabhair nótaí agus t-léinte éiceabhácha le teachtaireachtaí agus manaí sna teangacha Ceilteacha orthu. ga.mireog.ie
Mainistir Ghleann Chairn: Réimse leathan cártaí, ina measc cártaí Nollag, cártaí Aifrinn, agus féilirí ar fáil ag an suíomh: glencairnabbeyshop.com
Bia & Deoch: ‘Bíonn blas ar an mbeagán’
An Builín Blasta: Caifé agus bácús sa Spidéal, i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe. Scoth an bhia úir ar fáil chuile lá den tseachtain. Tá siopa ar líne acu ina ndíoltar réimse leathan bia. builinblasta.com
Pota Café: Cáil náisiúnta ar an mbialann agus duaiseanna iomráiteacha buaite. Is féidir bualadh isteach nó béile a ordú arlíne, áit ar féidir ciseáin bhia agus dearbháin a cheannach freisin. potacafe.com/siopa
Tigh Chadhain nó Coynes Gastropub & Pantry: Suite i gCill Chiaráin i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá thrí ghnó ar an láthair anseo, beár, bialann agus An Pantraí, siopa ina ndíoltar earraí áitiúila as Conamara agus na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. coynesgastropub.ie/pantry
Four Provinces: ‘Beoir na nGael’ a thugann na húinéirí ar a gcuid beorach - agus, le hainmneacha ar nós Gob Fliuch, Láidir agus Fad Lae acu ar a gcuid beorach, ní maíomh gan údar é. fourprovinces.ie
Comhlacht Ghleann an Chorrmhín: Gnó Gaeltachta as Gaoth Dobhair a dhíolann feoil fud fad an chontae. I measc na dtáirgí tá muicfheoil le leasú milis agus muicfheoil deataithe saor ó nitrití. facebook.com/corveenglen
Murphy’s Ice Cream: Cé nach maith leo uachtar reoite? murphysicecream.ie/ga/
Leabhair: ‘An té is mó a léas, is é is mó a thuigeas’
An Siopa Leabhar: Cé go bhfuil Conradh na Gaeilge imithe go sealadach ón gceannáras ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, tá siopa Chonradh na Gaeilge fós ag feidhmiú ar líne. Is féidir leabhair, dearbháin, féilirí agus go leor eile a cheannach do gach aoisghrúpa. siopaleabhar.com/ga
An Mangaire Siúlach: Tá a chroí istigh sna leabhair! Rogha leathan de leabhair ar athdhíol – go leor acu as cló le fada. facebook.com/anmangairesiulach1
An Ceathrú Póilí: Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí. Tá réimse leathan leabhar agus earraí eile ar fáil. Tá dialanna agus Féilirí 2025 ar fáil anois. anceathrupoili.com/ga/
Cló Iar-Chonnacht: Foilsitheoir fadbhunaithe atá lonnaithe sa Spidéal. Tá rogha mór leabhar ar fáil d’aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach mar bhronntanas Nollag. Ina measc i mbliana tá An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, le Rónán Mac Con Iomaire, agus Bláthnaid, le Darach Ó Scolaí, ceann de scéalta móra na Rúraíochta. cic.ie
Gael Linn: Tá leabhair, dlúth dhioscaí, DVD-anna, áiseanna teagaisc agus a thuilleadh ar fáil anseo. siopa.gael-linn.ie
An Siopa Gaeilge - Gleann Cholm Cille: Tá an iliomad earra ar díol ag an siopa seo atá lonnaithe ar champas Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. siopagaeilge.ie/ga
Éabhlóid: Foilsitheoir leabhar Gaeilge atá lonnaithe sna Doirí Beaga. Bhuaigh Athmháthair, aistriúchán Mháire Nic Mhaoláin ar an leabhar Iodálach Accabadora, Gradam de Bhallraithe i mbliana. eabhloid.com
Leabhar Breac: Comhlacht foilsitheoireachta é seo in aice leis an Spidéal i nGaeltacht Chonamara. I measc a gcuid leabhar tá ficsean, úrscéil ghrafacha, leabhair neamh-fhicsean, leabhair do dhéagóirí, filíocht agus drámaíocht. Ina measc sin tá Fiche le Colm Ó Ceallacháin agus Duan na Nollag, úrscéal gearr le Charles Dickens bunaithe ar aistriúchán an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe ag Maitiú Ó Coimín. leabharbreac.com.
Futa Fata: Foilsitheoir leabhar é Futa Fata. An-chuid leabhar acu do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta - ina measc: An Féileacán agus an Rí, le Máire Zepf agus Raiftearaí An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin. futafata.ie
An Gúm: Foilseacháin agus áiseanna a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. forasnagaeilge.ie/angum
An Cat Sásta: Foilsitheoir leabhar Gaeilge é ‘An Cat Sásta’ a bunaíodh leis an léitheoireacht neamhspleách sa Ghaeilge a fhorbairt. facebook.com/AnCatSasta.
Meascra earraí & Seirbhísí: ‘Tá bord eile ar an mbád’
Potadóireacht na Caolóige: I gcroílár Chorca Dhuibhne atá an gnó seo lonnaithe. Tá rogha mór earraí áille crua-chré agus poircealláin ar díol - ina measc tá gréithe, soithí éagsúla, crúiscíní, taephotaí srl. louismulcahy.com
Siopa an Carn: Bhunaigh Cumann Forbartha Charn Tóchair Siopa An Carn in 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí as fud fad na hÉireann a chur chun cinn. Earraí tí, seoda, agus bronntanais bhainise ar díol i measc go leor eile. siopaancarn.com/ga
An Spailpín Fánach: Tá réimse t-léinte agus geansaithe d’ardchaighdeán ar diol le manaí agus dearaí a fheileann don uile dhuine, óg agus aosta. Tá geansaithe Nollag do dhaoine fásta agus do pháistí ar díol chomh maith le cártaí Nollag. spailpin.com
Gaeilgheansaí: Geansaithe agus t-léinte compórdacha, d’ardchaighdeán, le bróidnéireacht d’fhir agus mná, agus iad as Gaeilge. gaeilgheansai.com
Cultúrlann Uí Chanáin: Ionad Gaeilge, Ealaíon agus Fiontair Cultúrtha i gcathair Dhoire. Cuirtear ciorcail chomhrá, ióga dátheangach, ranganna damhsa agus ranganna Gaeilge ar fáil i measc go leor eile. culturlann.org
Danan: Gnólacht beag a dhéanann coinnle nádúrtha déanta as céir shoighe, blathola agus táirgí nádúrtha éagsúla eile. Bhain Danan Bonn Óir amach sa chatagóir ‘Seirbhís i nGaeilge’ agus ‘Margaíocht agus Brandáil’ ag Gradam Gnó na hÉireann 2023. danancraft.com
Sinéad Lough: Criadóireacht lámhdhéanta ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin. sineadloughceramics.ie
Priontaí na hÉireann: As na Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath don bheirt, Peter agus Heather, atá i mbun Priontaí na hÉireann. Tá priontaí, málaí gulainne, cártaí agus féilire 2025 ar díol acu. printsofireland.ie
Féiríní lámhdhéanta Dhún na nGall: Lonnaithe i nGaoth Dobhair tá málaí gualainne, ciarsúir bhróidnithe, buamaí folcadáin, salann folctha, stíméirí cithfholctha agus leátáin chéarach soighe á ndíol. shopinireland.ie/sellers/donegal-handmade-treats
Criostal na Rinne: Bhain Criostal na Rinne Gradaim Gnó na hÉireann amach le déanaí. Is ceardlann stiúideo criostail lámhghearrtha é Criostal na Rinne atá suite i Sean-Oirthear na hÉireann i gceantar álainn na Rinne. criostal.com
Turas: Cupáin agus táirgí eile ó oirthear Bhéal Feirste. musicglue.com/east-belfast-mission/shop
Rí na Mara: Smideadh agus táirgí eile. rinamara.com
Sólás na Mara: Folcadán feamainne ar fáil san Ionad Téarnamh seo ar thaobh an Ché in Helvic, sna Déise. solasnamara.ie
Seosamh Breathnach: Déantúsóir camán é Seosamh. Tá ceardlann aige ar láthair Na Fianna, CLG, ar Bhóthar Mobhí i nGlasnaíon. Ar oscailt Déardaoin agus Aoine 9-1in, 2-5in, agus maidin Shathairn 9-12in. facebook.com/hurleyfixer
Amatsu Therapy: Teiripe fhisiceach is ea Amatsu a fheileann do raon leathan daoine agus riachtainais. Déantar iarracht míchothromaíochtaí sa chorp a aithint agus a cheartú, pian a laghdú, agus gluaiseacht an choirp a fheabhsú. Bhain an gnó Q-Mharc (Gnó le Gaeilge) amach in 2022. amatsu-clondalkin.ie/ie
Gaeilge & Gaeltacht: ‘Milis an teanga an Ghaeilge’
Gaeltacht UCD: Scoil samhraidh idirnáisiúnta dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Beidh sé oiriúnach freisin do mhic léinn, in Éirinn agus thar lear, atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. Lascaine ar fáil! ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/
Gaelchultúr: An soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Cúrsaí ar fáil ag gach leibhéal. gaelchultur.com/ga
Jane Ní Luasa: Is múinteoir Gaeilge as Gaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí í Jane. Tá dearbháin na Nollag ar díol. gaeilgelejane.com
Líonra Leitir Ceanainn: Bunaíodh an líonra le labhairt na Gaeilge a spreagadh i Leitir Ceanainn agus níos faide i gcéin. Eagraíonn an líonra imeachtaí teaghlaigh, oícheanta sóisialta agus go leor eile. lionralc.ie
All About Irish: Cúrsaí Gaeilge ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá cúrsaí ann atá feiliúnach do gach foghlaimeoir. allaboutirish.ie/courses
Tacaíochtaí
Gréasán na Gaeilge: Gréasán Gaeilge na hearnála poiblí. greasangaeilge.ie/
Qmharc: Marc deimhniúcháin seo ceaptha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí gnó a dhéanann luacháil ar úsáid na Gaeilge qmharc.ie/ga/
BÁC le Gaeilge: An bhfuil tú réidh chun an chéad céim a ghlacadh chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó? Tacaíonn BÁC le Gaeilge le gnólachtaí chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. baclegaeilge.ie
Cill Dara le Gaeilge: Scéim tacaíochta do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. cilldaralegaeilge.ie
Gaillimh le Gaeilge: Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe mar acmhainn eacnamaíoch, i gceantar na Gaillimhe. gleg.ie
Gnó Mhaigh Eo: Tacaíocht agus spreagadh d’earnáil an ghnó i Maigh Eo. Cuirtear tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí an teanga a úsáid. instagram.com/gnomhaigheo/
Eile
Gaelg: Learnmanx.com
Gàidhlig: Brochan.teemill.com
Cymraeg: Adrahome.com/cy
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis